Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas/I

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas by Lewis Carroll, translated by Pádraig Ó Cadhla
SÍOS I bPOLL COINÍN FÉ THALAMH
[ 1 ]

EAĊTRAḊ EIḂLÍS

I dTÍR NA nIONGANTAS

CAIBIDIL A I

SÍOS I bPOLL COINÍN FÉ ṪALAṀ


EIḂLÍS
Páiste gearrċaile b’eaḋ Eiḃlís seo, agus aon lá aṁáin ḃí sí in a suiḋe amuiġ ar an mbán i ḃfoċair a deirḃṡéir; ní raiḃ dada go Dia le deunaṁ aici agus ḃí sí ag éiriġe tuirseaċ de. Ḃí sí tar éis feuċaint uair nó ḋó isteaċ ’sa leaḃar ḃí a deirḃṡiúr a léiġeaṁ, aċt ní raiḃ aon ṗeictiúirí ná coṁráḋ cainte ann, agus nuair ná raiḃ ní raiḃ aon tsult léi sin ann. “’Dé a ṁaiṫ leaḃar,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “gan peictiúir gan coṁráḋ cainte?”

Rud eile, ḃí teas agus broṫal an lae ag cur uirre, agus ḃí sí ag cuiṁneaṁ ní ḟeadar ar ḃfiú ḋí éiriġe agus laḋar nóiníní a ḃailiuġaḋ agus slaḃra-siḋe a ḋeunaṁ ḋíoḃ nuair a rioṫ coinín amaċ ṫóirste — coinín bán gléigeal agus ḋá ṡúil ḋearga in a ċeann.

Níorḃ’ aon rud neaṁ-ċoitċionta an méid sin, agus nuair a ċrom sé ag caint leis féin [ 2 ]agus á ráḋ, “Dia le m’anam! Dia le m’anam! Beiḋ mé déiḋeanaċ!” níor ḋein sí mórán iongantas de aċt an oiread. (Nuair ḃí sí ag deunaṁ a maranna ar an sceul in a ḋiaiḋ sin ċuiṁniġ sí go mbaḋ ċeart go ndeunfaḋ sí iongantas de, aċt ṫáinig an sceul d’urċar uirre agus ní ḃfuiġfeaḋ sí cuiṁneaṁ.) Aċt nuair ḃain an coinín cloigín aníos as ṗóca a ḃeast-ċuirp agus nuair a ḟeuċ sé air agus annsin nuair ḃrostuiġ sé air ċoṁ mear agus ḃí in a ḋá ċoisín ḃuail sé isteaċ in a haigne gurḃ’ rud an-neaṁ-ċoitċionta é agus d’éiriġ sí in a seasaṁ, agus le neart faoḃar cinnsealaċt lean sí trasna na páirce é, agus ḃí sí ag a ṡála nuair a léim sé síor i bpoll cois claiḋe.

As go bráṫ le hEiḃlís síos in a ḋiaiḋ agus gan aon ṗioc aṁáin cuiṁneaṁ aici ar conus ḃí sí le casaḋ ṫar n-ais arís.

Ḃí an poll a ndeaġaiḋ an coinín síos ann, ḃí sé mar a ḃeaḋ lintéir ag rioṫ díreaċ fé ṫalaṁ agus annsin síos díreaċ—ċoṁ díreaċ ná raiḃ sé ḋe uain ag Eiḃlís baint siar aiste féin ná cuiṁneaṁ ar stad gur ḃraiṫ sí go raiḃ sí ag tuitim síos i dtobar mór doiṁin.

Tobar an-ḋoiṁin b’eaḋ é, nó neaċtar aca ḃí sí ag tuitim an-riġin, an-ṁall ar fad—ċoṁ riġin, ċoṁ mall sin go raiḃ uain aici feuċaint ṫimċeall uirre agus gaċ aon rud a ṫaḃairt fé ndeara. Ṡíl sí feuċaint síos roimpe, aċt ḃí an áit ró-ḋorċa ċum aon rud d’ḟeicsin síos; annsin d’ḟeuċ sí ar ċliaṫáin an tobair, agus ṫug sí fé ndeara go raiḃ an áit lán suas de ċupbúird agus ionaid leaḃar; ċonnaic sí léarscáil agus peictiúirí ar croċaḋ ar an ḃfalla. [ 3 ]

Ḃain an Coinín cloigín aníos as ṗóca a ḃeast-ċuirp
[ 4 ]Ṫóg sí anuas seár nó cróċa ḃí ar ċleiḃí ḃí ann, agus cad do ḃeaḋ scríoḃṫa leaṫ is amuiġ air aċt, “Suḃ Óráiste,” aċt, mo ċreaċ! ní raiḃ dada ann; níor ṁaiṫ léi an seár do ṫuitim síos uaiṫe ar eagla go marḃóċ’ sí aoinne ṫíos fé n-a bun, aċt fuair sí é leagaint uaiṫe ar ċupbórd ag túirling dí.

“I maite,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “tar éis an ṁéid seo tuitim ní dada liom tuitim anuas an staiḋre. Deurfar go ḃfuil an-ṁisneaċ agam. Ní heaḋ, aċt ní ḋeurfa mé aon rud má’s tuitim anuas ó ḃuaic an tiġe ḋom!” (Rud ab’ ḟíor dí béidir.)

Síos, síos, síos. An mbeaḋ deireaḋ go deo leis an tuitim? “Ní ḟeadar an mó míle atá curṫa ḋíom agam fé láṫair? Caiṫfe mé ḃeiṫ an-ġairid do lár an doṁain. Fan leat: ċeiṫre ṁíle míle é sin is dóiġ liom.” (Bíoḋ a ḟios agat go raiḃ Eiḃlís ag foġluim rudaí dá leiṫéid seo ’sa scoil, agus ar a ṡon nár ró ṁaiṫ an ċaoi é ċum a ḃeiṫ ag teasbáint a cuid feasa nuair ná raiḃ aoinne ag éisteaċt léi, mar sin féin ba ṁaiṫ an taiṫiġe ḋí ḃeiṫ dá ráḋ dí féin)—“is eaḋ, sin é an ḟaid díreaċ atá sé—aċt, mo ḋearṁad, ní ḟeadar ’dé ’n áit den doṁan in a ḃfuilim anois. Ní ḟeadar ’dé ’n ḟaid soir ná siar, ó ṫuaiḋ ná ó ḋeas atáim.” Ḃí sí ag rangḃáil i dtaoḃ “Camṡeisreaċ,” “Líne an Ṁeaḋon-Lae,” ⁊rl. (Ní raiḃ aon tuigsin ag Eiḃlís cadé an briġ ḃí le “Cam-ṡeisreaċ” ná le “Líne an Ṁeaḋon-Lae,” aċt ṡíl an páiste boċt gur ḋeas na focail iad a ḃeiṫ dá dtarraing trí n-a fiacla.)

Ṫosnuiġ sí ag maċtnaṁ arís. “Ní ḟeadar,” arsaiġ sí léi féin, “an dtuitfe mé amaċ díreaċ [ 5 ]

Fuair sí é leagaint uaiṫe ar ċupbórd ag túirling dí
[ 6 ]trí lár an doṁain. Feuċfaiḋ sé an-ġreannaṁar teaċt amaċ i measc na ndaoine ḃíonn ag siuḃal le n-a gcinn fúṫa agus a gcosa in áirde. Caiṫfe mé ḟiaḟraiġe cadé an tír é. An é seo an Zéaland Nua nó Ástraoile, má’s é do ṫoil é, a ḃean uasal?” (Agus ḋein sí iarraċt ar a huṁaluġaḋ ḋeunaṁ — cuiṁniġ air, a huṁaluġaḋ ḋeunaṁ agus í ag tuitim i ndiaiḋ a cinn! An dóiġ leat go ḃfeudfá-sa é ḋeunaṁ?) “Is eaḋ, aċt deurfaiḋ sí gur dall an sórt gearr-ċaile beag mé. Ní ḋeunfaḋ sé an gnó ḋom é ḟiaḟraiġe in aon ċor; béidir go ḃfeicinn scríoḃṫa in áirde in áit éigin é.”

Síos, síos, síos. Ċrom Eiḃlís ag caint léi féin arís nuair ná raiḃ dada eile le deunaṁ aici. “Aireoċaiḋ Pingcín uaiṫe anoċt mé.” (Pingcín, an cat.) “Tá coinne agam ná dearṁadfaiḋ siad a sásar bainne a ṫaḃairt dí le linn an té ḋóiḃ. Pingcín boċt, b’ḟearr liom go mbeifeá anuas annso im’ ḟoċair. Ní ḟuil aon luċa le faġáil ’san aer, is dóiġ liom, aċt béidir go n-éireoċ’ leat breiṫ ar leaiḋbín-leaṫair, agus sin rud ná fuil aon ṁí-ḋeallraṁ aige le luċ. Aċt, mo ḋearṁad, ní ḟeadar an íosfaḋ cat leaiḋbín-leaṫair.” Ḃí an codlaḋ ag teaċt anois uirre, agus lean sí uirre ag caint léi féin mar ḃeaḋ sí ag taiḋreaṁ. “An íosfaḋ cat leaiḋbín-leaṫair? An íosfaḋ cat leaiḋbín-leaṫair?” agus anois agus arís ṫéiġeaḋ an ċaint tré n-a ċéile uirre agus ḋeireaḋ sí, “An íosfaḋ leaiḋbín-leaṫair cat?” Ba ṁar a ċéile é mar ná fuiġfeaḋ sí aon ċeist aca a ḟreagairt. Ṁoṫuiġ sí go raiḃ an codlaḋ dá traoċaḋ agus go raiḃ sí ’sa taiḋreaṁ; ṡíl sí go raiḃ sí ag siuḃal cois ar ċois le [ 7 ]Pingcín agus go raiḃ sí ag caint go han-ḋáiríriḃ léi, “Innis dom an ḟírinne anois, a Ṗingcín! ar iṫ tú riaṁ leaiḋbín-leaṫair?” nuair d’airiġ sí an ṗleist, ṗleist! Ḃí sí tar éis tuitim anuas ar ċarn cipíní agus duilleaḃar feoċta, agus b’ṡin deireaḋ leis an tuitim.

Níor ḃain aon ġoirtiuġaḋ ḋí, agus ḃí sí in a seasaṁ ar a cosa arís de ṗreab. D’ḟeuċ sí in áirde ós a cionn, aċt ḃí an áit sin go léir dorċa; ós a coṁair amaċ ḃí casán fada, agus ċonnaic sí an Coinín Gléigeal agus é ag cur de síos an casán ċoṁ mear agus ḃí aige. Ní raiḃ aon am le cailleaṁaint aici agus as go bráṫ léi ċoṁ mear leis an ngaoiṫ síos in a ḋiaiḋ, agus nuair ḃí sé ag iompó an ċúinne d’airiġ sí é ag caint leis féin, “Ó, dar mo ċluasa agus mo ċuid féasóige, naċ déiḋeanaċ tá sé ag teaċt.” Ḃí sí díreaċ ag a ṡála nuair d’iompuiġ sí an cúinne, aċt teiḋiol de ní raiḃ le feicsin aici as sin suas. Ḃí sí féin istiġ in halla fada íseal, halla in a raiḃ sreang de lampaí ar croċaḋ anuas ón tsíleáil agus iad ag taḃairt soluis ḃreáġ uaṫa.

Ḃí dóirse ṫimċeall ar gaċ taoḃ den halla, aċt ḃí an glas orra go léir: agus nuair ḃí Eiḃlís tar éis gaḃáil síos taoḃ den halla agus aníos ar an taoḃ eile agus tar éis dí gaċ aon dorus a ċuardaċ, ṡiuḃail sí síos tré n-a lár agus í ag deunaṁ a maranna conus d’éireóċ’ léi an áit d’ḟágaint nó an ḃfágfaḋ sí go deo é.

Le n-a linn sin ċonnaic sí bórd beag trí gcos deunta de ġloine; ní raiḃ dada in áirde air aċt eoċairín ḃeag, agus ċuiṁniġ Eiḃlís láiṫreaċ bonn gur ḃain sí sin le ceann de na dóirse insan halla; aċt, mo ċreaċ! ḃí na [ 8 ]glais ró ṁór nó ḃí an eoċairín ró ḃeag; aċt ar aon ċuma ní oscaileóċ’ sí aon ġlas aca. Aċt, i maite, nuair ḃí sí ag gaḃáil ṫimċeall an dara hiarraċt ṫug sí fé ndeara Brat Beag íseal ná faca sí an ċeud uair, agus díreaċ taoḃ ṫiar de ḃí dorus beag ṫimċeall ċúig órdlaiġ deug ar aoirde. Ṫriail sí an eoċairín ḃeag órḋa ’sa nglas, agus ḃí áṫas mór uirre nuair d’oir sí ḋó.

D’oscail sí an dorus, agus cad ḃeaḋ ann aċt poillín beag caol cuṁang—poillín ná raiḃ ann aċt ionad franncaiġ. Ċuaiḋ sí ar a glúine agus d’ḟeuċ sí siar faid an ṗuill, agus ṫiar ag a ḋeireaḋ ḃí an gáirdín ba ḋeis ċonnaic aoinne riaṁ. Ḃí an-ċaiṫeaṁ in a ḋiaiḋ ag Eiḃlís an halla dorċa so d’ḟágaint agus siuḃal i measc na mbláṫanna agus na dtobraċa fíor-uisce, aċt ní ḟeudfaḋ sí an oiread agus a ceann a ċur tré ionad an duiris; “agus,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “dá n-éireóċ’ liom mo ċeann féin a ṡáṫaḋ isteaċ ’dé an ṁaiṫ ḋom é maran ḃfuiġfinn mo ġuailne ḃreiṫe liom in a ḟoċair. Ó, nár ḋeas liom dá ḃfuiġfinn mé féin a ḃailiuġaḋ ionnam féin isteaċ mar a ḋéintear leis an ngloine fad-raḋarc! agus is dóiġ liom go ḃfuiġfinn dá mbeaḋ a ḟios agam conus tosnuġaḋ air.” Ḃí an oiread sin rudaí neaṁ-ċoitċionta tar éis tuitim amaċ le déiḋeanaiġe gur ṡíl Eiḃlís gur beag rud ná fuiġṫí a ḋeunaṁ.

D’réir deallraṁ ní raiḃ aon ṁaiṫ ḋí a beiṫ ag fuireaċ ag an duirisín seo; ṡiuḃail sí siar go dtí an bórd, agus dóċas éigin aici go ḃfuiġfeaḋ sí eoċair eile air, nó go mbéidir go ḃfuiġfeaḋ sí leaḃar na riaġlaċa a ḃaineann leis [ 9 ]an gcleas sin a ḃíonn ag daoine ċum iad féin a ṡearcuġaḋ mar gloine fad-raḋarc; ní ḃfuair, aċt fuair sí buidéilín air (ḃí sí deiṁiniġṫeaċ ná raiḃ a leiṫéid air an iarraċt ċeana), agus ceangailte ṫimċeall ar scrogal an ḃuidéilín ḃí páipeur agus na focail seo, “ÓL MÉ” cló-ḃuailte i leitreaċa móra air.

Níor ċuiṁniġ sí go mbeaḋ aon díoġḃáil is na focail sin, “Ól mé,” aċt mar sin féin ḃí Eiḃlís ró ṡean-ċríona ċum rud a ḋeunaṁ ḋíoḃ go ró obann. “Feuċfa mé,” ar sí sin, “an ḃfuil an focal “Niṁ” scríoḃṫa air nó ná fuil.” Ḃí Eiḃlís aireaċ, mar ḃí go leor sceulta léiġte aici—sceulta beaga i dtaoḃ leanḃaí—leanḃaí a dóġaḋ, nó leanḃaí d’iṫ beaṫaiḋiġ allta, nó leanḃaí ar ḃain amail eile ḋóiḃ mar nár ḋeineadar coṁairle a muintire: coṁairle mar seo—go ndóġfaḋ an pócar dearg tú dá gcoimeádfá greim air ró ḟada; nó má ġearrfá do ṁeur ró ḋoiṁin le scian gur dóiċiġe go dtiocfaḋ fuil aiste; agus níor ḋein sí dearṁad riaṁ ar an gcoṁairle go ngoilfeaḋ sé ort luaṫ nó mall dá n-ólfá mórán as ḃuideul a mbeaḋ an focal “Niṁ” leaṫ is amuiġ air.

Ní raiḃ an focal “Niṁ” scríoḃṫa ná cló-ḃuailte leaṫ is amuiġ ar an mbuideul so, agus nuair ná raiḃ ní raiḃ aon eagla uirre é ṫriail, agus nuair fuair sí ċoṁ blasta sin é ní raiḃ sí i ḃfad dá leigint siar. Ċum na fírinne d’innsint—fuair sí blas na meala, blas an tsilín, blas an óg-uaċtair, blas an turcaí rósta, agus blas an tofaí air, agus gaċ aon ḃlas eile dá ḟeaḃus.

B’ait le hEiḃlís cad ḃí ag teaċt uirre.

[ 10 ]Ḃraiṫ sí go raiḃ sí ag faġáil toraḋ ar a guiḋe agus go raiḃ sí ag dul i luiġead go mear. Agus ḃí leis: ní raiḃ aċt deiċ n-órdlaċ anois innte, agus las a haġaiḋ agus a súilíní le háṫas nuair a ṫug sí fé ndeara go raiḃ an méid ceart innte ċum dul tríd an duirisín isteaċ ’sa ngáirdín áluinn úd. Aċt d’ḟan sí tamaillín feuċaint an searcóċ’ sí a ṫuille: ḃí roinnt scáṫa uirre in a ṫaoḃ so; “beidir,” arsaiġ sí léi féin, “gur aṁlaiḋ d’imṫeoċainn mar snab coindle. Ní ḟeadar conus a ḟeuċfainn annsin?” Agus ṡíl sí a ṫaḃairt ċum a haigne an deallraṁ ḃíonn ar lasair na coindle nuair a ṁúċtar an ċoindeal; ní ḃfuiġfeaḋ sí cuiṁneaṁ go ḃfaca sí a leiṫéid riaṁ.

Tar éis tamaill, nuair nár ḃain a ṫuille ḋí, ṡocruiġ sí ar ḋul ’sa ngáirdín gan stad; aċt oḃoċ! mo ċreaċ! nuair a ṡroiċ Eiḃlís ḃoċt an dorus beag ḃí an eoċairín óir dearṁadṫa aici, agus nuair a ċas sí go dtí an mbórd fé n-a ḋéin ní ḃfuiġfeaḋ sí teaċt air ċionn is í ḃeiṫ ró ḃeag: ċonnaic sí go soiléir é tríd an ngloine, agus ḋein sí a ḋíċeall ar ḋul suas ar ċeann de ċosa an ḃúird, aċt ḃí sé ró ṡleaṁain dí; agus nuair ḃí sí corṫa cráiḋte ó ḃeiṫ d’iarraiḋ teaċt air ṡuiḋ sí síos agus ġoil sí a sáiṫ.

“Seaḋ,” ar sí léi féin, “ní ḟuil aon tairḃe a ḃeiṫ ag gol; ċoṁairleóċainn duit éiriġe as láiṫreaċ bonn.” Is annaṁ nár ṫug sí coṁairle a leasa ḋí féin (ar a ṡon gur fánaċ ḋéineaḋ sí rud de), agus is minic a ṫug sí na deoraċa ċum a súile ag taḃairt scrios dí féin. Ba ċuiṁin léi uair a ṫug sí iarraċt ar ċlaḃtóg feaḋ n-a cluaise a ṫaḃairt dí féin mar ġeall is [ 11 ]

D’iṫ sí blúire beag de
[ 12 ]gur ṁeall sí í féin ag imirt cluiċe cróicé léi féin, mar is minic ḃí an leanḃ neaṁ-ċoitċionta so dá dallaḋ féin ag leigint uirre a ḃeiṫ in a beirt. “Ní ḟuil aon ṁaiṫ ḋom a ḃeiṫ im’ ḋallaḋ féin anois,” arsaiġ Eiḃlís, “gur beirt mé! ní heaḋ, aċt ní ḟuil an oiread sin díom fágṫa is go ndeunfainn aoinne aṁáin deallraṁaṁail.”

Ba ġairid go ḃfaca sí bosca beag gloine fén mbórd; d’oscail sí é agus ḃí cáicín beag istiġ ann agus na focail “IṪ MÉ” breacṫa go deas air le cúiríní. “Íosfa mé é,” arsaiġ Eiḃlís, “agus má ṫéiġim in aoirde is féidir liom teaċt ar an eoċair; agus má’s i luiġead a raġa mé is féidir liom dul ar mo ċromada isteaċ fén dorus; is cuma liom é má ġeiḃim dul ’sa ngáirdín!”

D’iṫ sí blúire beag de agus ċuir sí a láṁ ar ḃarr a cinn feuċaint an síos nó suas a ḃí sí ag fás. Ḃí iongantas uirre gur ḟan sí ’san aoirde ceudna; dar ndóiġ, sin mar a ḃíonn an sceul ag aoinne a iṫeann cáca, aċt ḃí Eiḃlís ċoṁ mór san i dtaiṫiġe rudaí neaṁ-ċoitċionta le déiḋeanaiġe gur ḟeuċ sé roinnt tur dí go mbeaḋ duine ag caiṫeaṁ a ṡaoġail insan tsean-ṡliġe.

Luiġ sí ċuige agus is gairid a ḃí sí ag cur deireaḋ leis an gcáca.