Jump to content

Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/12

From Wikisource
This page has been proofread.
4
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

Ṫóg sí anuas seár nó cróċa ḃí ar ċleiḃí ḃí ann, agus cad do ḃeaḋ scríoḃṫa leaṫ is amuiġ air aċt, “Suḃ Óráiste,” aċt, mo ċreaċ! ní raiḃ dada ann; níor ṁaiṫ léi an seár do ṫuitim síos uaiṫe ar eagla go marḃóċ’ sí aoinne ṫíos fé n-a bun, aċt fuair sí é leagaint uaiṫe ar ċupbórd ag túirling dí.

“I maite,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “tar éis an ṁéid seo tuitim ní dada liom tuitim anuas an staiḋre. Deurfar go ḃfuil an-ṁisneaċ agam. Ní heaḋ, aċt ní ḋeurfa mé aon rud má’s tuitim anuas ó ḃuaic an tiġe ḋom!” (Rud ab’ ḟíor dí béidir.)

Síos, síos, síos. An mbeaḋ deireaḋ go deo leis an tuitim? “Ní ḟeadar an mó míle atá curṫa ḋíom agam fé láṫair? Caiṫfe mé ḃeiṫ an-ġairid do lár an doṁain. Fan leat: ċeiṫre ṁíle míle é sin is dóiġ liom.” (Bíoḋ a ḟios agat go raiḃ Eiḃlís ag foġluim rudaí dá leiṫéid seo ’sa scoil, agus ar a ṡon nár ró ṁaiṫ an ċaoi é ċum a ḃeiṫ ag teasbáint a cuid feasa nuair ná raiḃ aoinne ag éisteaċt léi, mar sin féin ba ṁaiṫ an taiṫiġe ḋí ḃeiṫ dá ráḋ dí féin)—“is eaḋ, sin é an ḟaid díreaċ atá sé—aċt, mo ḋearṁad, ní ḟeadar ’dé ’n áit den doṁan in a ḃfuilim anois. Ní ḟeadar ’dé ’n ḟaid soir ná siar, ó ṫuaiḋ ná ó ḋeas atáim.” Ḃí sí ag rangḃáil i dtaoḃ “Camṡeisreaċ,” “Líne an Ṁeaḋon-Lae,” ⁊rl. (Ní raiḃ aon tuigsin ag Eiḃlís cadé an briġ ḃí le “Cam-ṡeisreaċ” ná le “Líne an Ṁeaḋon-Lae,” aċt ṡíl an páiste boċt gur ḋeas na focail iad a ḃeiṫ dá dtarraing trí n-a fiacla.)

Ṫosnuiġ sí ag maċtnaṁ arís. “Ní ḟeadar,” arsaiġ sí léi féin, “an dtuitfe mé amaċ díreaċ