Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/10

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
2
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

agus á ráḋ, “Dia le m’anam! Dia le m’anam! Beiḋ mé déiḋeanaċ!” níor ḋein sí mórán iongantas de aċt an oiread. (Nuair ḃí sí ag deunaṁ a maranna ar an sceul in a ḋiaiḋ sin ċuiṁniġ sí go mbaḋ ċeart go ndeunfaḋ sí iongantas de, aċt ṫáinig an sceul d’urċar uirre agus ní ḃfuiġfeaḋ sí cuiṁneaṁ.) Aċt nuair ḃain an coinín cloigín aníos as ṗóca a ḃeast-ċuirp agus nuair a ḟeuċ sé air agus annsin nuair ḃrostuiġ sé air ċoṁ mear agus ḃí in a ḋá ċoisín ḃuail sé isteaċ in a haigne gurḃ’ rud an-neaṁ-ċoitċionta é agus d’éiriġ sí in a seasaṁ, agus le neart faoḃar cinnsealaċt lean sí trasna na páirce é, agus ḃí sí ag a ṡála nuair a léim sé síor i bpoll cois claiḋe.

As go bráṫ le hEiḃlís síos in a ḋiaiḋ agus gan aon ṗioc aṁáin cuiṁneaṁ aici ar conus ḃí sí le casaḋ ṫar n-ais arís.

Ḃí an poll a ndeaġaiḋ an coinín síos ann, ḃí sé mar a ḃeaḋ lintéir ag rioṫ díreaċ fé ṫalaṁ agus annsin síos díreaċ—ċoṁ díreaċ ná raiḃ sé ḋe uain ag Eiḃlís baint siar aiste féin ná cuiṁneaṁ ar stad gur ḃraiṫ sí go raiḃ sí ag tuitim síos i dtobar mór doiṁin.

Tobar an-ḋoiṁin b’eaḋ é, nó neaċtar aca ḃí sí ag tuitim an-riġin, an-ṁall ar fad—ċoṁ riġin, ċoṁ mall sin go raiḃ uain aici feuċaint ṫimċeall uirre agus gaċ aon rud a ṫaḃairt fé ndeara. Ṡíl sí feuċaint síos roimpe, aċt ḃí an áit ró-ḋorċa ċum aon rud d’ḟeicsin síos; annsin d’ḟeuċ sí ar ċliaṫáin an tobair, agus ṫug sí fé ndeara go raiḃ an áit lán suas de ċupbúird agus ionaid leaḃar; ċonnaic sí léarscáil agus peictiúirí ar croċaḋ ar an ḃfalla.