an gcleas sin a ḃíonn ag daoine ċum iad féin a ṡearcuġaḋ mar gloine fad-raḋarc; ní ḃfuair, aċt fuair sí buidéilín air (ḃí sí deiṁiniġṫeaċ ná raiḃ a leiṫéid air an iarraċt ċeana), agus ceangailte ṫimċeall ar scrogal an ḃuidéilín ḃí páipeur agus na focail seo, “ÓL MÉ” cló-ḃuailte i leitreaċa móra air.
Níor ċuiṁniġ sí go mbeaḋ aon díoġḃáil is na focail sin, “Ól mé,” aċt mar sin féin ḃí Eiḃlís ró ṡean-ċríona ċum rud a ḋeunaṁ ḋíoḃ go ró obann. “Feuċfa mé,” ar sí sin, “an ḃfuil an focal “Niṁ” scríoḃṫa air nó ná fuil.” Ḃí Eiḃlís aireaċ, mar ḃí go leor sceulta léiġte aici—sceulta beaga i dtaoḃ leanḃaí—leanḃaí a dóġaḋ, nó leanḃaí d’iṫ beaṫaiḋiġ allta, nó leanḃaí ar ḃain amail eile ḋóiḃ mar nár ḋeineadar coṁairle a muintire: coṁairle mar seo—go ndóġfaḋ an pócar dearg tú dá gcoimeádfá greim air ró ḟada; nó má ġearrfá do ṁeur ró ḋoiṁin le scian gur dóiċiġe go dtiocfaḋ fuil aiste; agus níor ḋein sí dearṁad riaṁ ar an gcoṁairle go ngoilfeaḋ sé ort luaṫ nó mall dá n-ólfá mórán as ḃuideul a mbeaḋ an focal “Niṁ” leaṫ is amuiġ air.
Ní raiḃ an focal “Niṁ” scríoḃṫa ná cló-ḃuailte leaṫ is amuiġ ar an mbuideul so, agus nuair ná raiḃ ní raiḃ aon eagla uirre é ṫriail, agus nuair fuair sí ċoṁ blasta sin é ní raiḃ sí i ḃfad dá leigint siar. Ċum na fírinne d’innsint—fuair sí blas na meala, blas an tsilín, blas an óg-uaċtair, blas an turcaí rósta, agus blas an tofaí air, agus gaċ aon ḃlas eile dá ḟeaḃus.
B’ait le hEiḃlís cad ḃí ag teaċt uirre.