Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
7
I dTÍR NA nIONGANTAS

Pingcín agus go raiḃ sí ag caint go han-ḋáiríriḃ léi, “Innis dom an ḟírinne anois, a Ṗingcín! ar iṫ tú riaṁ leaiḋbín-leaṫair?” nuair d’airiġ sí an ṗleist, ṗleist! Ḃí sí tar éis tuitim anuas ar ċarn cipíní agus duilleaḃar feoċta, agus b’ṡin deireaḋ leis an tuitim.

Níor ḃain aon ġoirtiuġaḋ ḋí, agus ḃí sí in a seasaṁ ar a cosa arís de ṗreab. D’ḟeuċ sí in áirde ós a cionn, aċt ḃí an áit sin go léir dorċa; ós a coṁair amaċ ḃí casán fada, agus ċonnaic sí an Coinín Gléigeal agus é ag cur de síos an casán ċoṁ mear agus ḃí aige. Ní raiḃ aon am le cailleaṁaint aici agus as go bráṫ léi ċoṁ mear leis an ngaoiṫ síos in a ḋiaiḋ, agus nuair ḃí sé ag iompó an ċúinne d’airiġ sí é ag caint leis féin, “Ó, dar mo ċluasa agus mo ċuid féasóige, naċ déiḋeanaċ tá sé ag teaċt.” Ḃí sí díreaċ ag a ṡála nuair d’iompuiġ sí an cúinne, aċt teiḋiol de ní raiḃ le feicsin aici as sin suas. Ḃí sí féin istiġ in halla fada íseal, halla in a raiḃ sreang de lampaí ar croċaḋ anuas ón tsíleáil agus iad ag taḃairt soluis ḃreáġ uaṫa.

Ḃí dóirse ṫimċeall ar gaċ taoḃ den halla, aċt ḃí an glas orra go léir: agus nuair ḃí Eiḃlís tar éis gaḃáil síos taoḃ den halla agus aníos ar an taoḃ eile agus tar éis dí gaċ aon dorus a ċuardaċ, ṡiuḃail sí síos tré n-a lár agus í ag deunaṁ a maranna conus d’éireóċ’ léi an áit d’ḟágaint nó an ḃfágfaḋ sí go deo é.

Le n-a linn sin ċonnaic sí bórd beag trí gcos deunta de ġloine; ní raiḃ dada in áirde air aċt eoċairín ḃeag, agus ċuiṁniġ Eiḃlís láiṫreaċ bonn gur ḃain sí sin le ceann de na dóirse insan halla; aċt, mo ċreaċ! ḃí na