Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas/III

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas by Lewis Carroll, translated by Pádraig Ó Cadhla
RÁS AN CHEARCAILL AGUS SCEUL FADA

[ 23 ]CAIBIDIL A III

RÁS AN ĊEARCAILL AGUS SCEUL FADA

B’ait ar fad an dream iad le feuċaint orra nuair a ḃailiġeadar isteaċ i dteannta a ċéile ar an bport — na héin agus a gcleití agus a sciaṫáin ar sileaḋ leo, na hainṁiḋiġ eile agus an fionnaḋ buailte isteaċ in aon scraiṫ ḟliuċ aṁáin orra, iad go léir is na seaċt silte, iad go neamoṫaċ agus croṫ na haingcise orra.

Is é an ċeud rud, dar ndóiġ, ḃí ag deunaṁ buaḋarṫa ḋóiḃ aċt conus a ṫirimeoċaidís iad féin; ḃí gaċ aoinne aca ag caint agus ag coṁráḋ air seo, agus níor ḋóiġ leat ar Eiḃlís naċ aṁlaiḋ ḃí a saoġal caiṫte aici in a measc, ḋein sí ċoṁ dána sin orra. Ba ġairid gur éiriġ idir í féin agus an gobadán agus ċrom- adar ag suiḋeaṁain ar a ċéile: “Naċ sine mise ná tu,” arsaiġ an gobadán, “agus naċ fearr atá a ḟios agam é.” Níor leig Eiḃlís leis é, agus duḃairt sí ná stríocfaḋ sí ḋó maran inneosfaḋ sé ḋí cadé an aois ḃí aige, agus nuair ná inneosfaḋ d’éiriġeadar as in ainm Dé.

Ḃain sé le deallraṁ gur duine údarásaċ an luċ in a measc. “Suiḋeaḋ gaċ aon ṁac máṫar agaiḃ síos,” ar sí sin, “agus éistiġeaḋ sé liom-sa agus geallaim díḃ gur gairid a ḃead-sa ’on ḃúr dtirimiuġaḋ!” Do ṡuiḋ- eadar go léir síos gan stad, an luċ istiġ in [ 24 ]a lár agus an ċuid eile in a suiḋe ṫimċeall. Ḃí Eiḃlís ag cur na súl isteaċ tríṫe, mar ḃí sí deiṁiniġṫeaċ de go mbuailfeaḋ slaġdán í maran éireoċaḋ léi í féin a ṫirimiuġaḋ go hobann.

“Is eaḋ!” arsaiġ an luċ go húdarásaċ, “ḃfuil gaċ aoinne i gcóir? Seo é an rud is “tiorma” dá ḃfacas-sa lem’ linn; leagaḋ duine éigin agaiḃ gloine fíor-uisce annso im’ ḟiaḋnaise. Táim buiḋeaċ díot — deunfaiḋ sin! Ciúineas oraiḃ anois, má’s é ḃúr dtoil é! Uilliam na mBuaiḋ, an fear sin a raiḃ beannaċa an Ṗápa aige ar a ċuid gnóṫa, ní raiḃ sé i ḃfad gur ġéilleadar Sasnaiġ dó, mar ḃíodar gan treoruiġṫe agus ḃíodar i dtaiṫiġe géilleaḋ do luċt ceannais agus gaḃála. Do ġéill Eidḃin agus Morcar, Iarlaí Mercia agus Nor- tumbria, ḋó …”

“Priot!” arsaiġ an gobadán, agus é ar crioṫ leis an ḃfuaċt.

“Gaḃaim párdún agat, a ḋuine ċóir,” arsaiġ an luċ go séiṁialta (aċt mar sin féin a ṫeas- báin sí nár ṫaiṫniġ léi go mbeaḋ aoinne ag cur isteaċ uirre). “Ar laḃair tú?”

“Níor laḃaras-sa,” arsaiġ an gobadán go hobann.

“Ó, ṡíl mé gur laḃair tú,” arsaiġ an luċ. “Leanfa mé orm mar sin — do ġéill Eidḃin agus Morcar, Iarlaí Mercia agus Nortumbria, ḋó; agus dá mba é Stigand féin é .i. Árd Easbog tír-ġráḋaċ Ceanntarburġ, ċuaiḋ sé le Edgar Aitling ċum teagṁáil le Uilliam agus an ċoróinn a ḟuláraṁ do. I dtosaċ na haimsire ba ḟuiris go leor réiḋċan le Uilliam, aċt ba ḋeacair agus ba ró ḋeacair agus ba ró ró [ 25 ]ḋeacair seaċt n-uaire réiḋċan leis na Nor- mánaiġ …”

“Conus atá an saoġal ag éiriġe leat, a ċuid den tsaoġal?” arsaiġ sí le hEiḃlís.

“Táim ċoṁ fliuċ agus a bí mé riaṁ,” arsaiġ Eiḃlís, go duḃsmánta, “agus ní beag sin. Ní dóiġ liom go ḃfuil do sceul ag deunaṁ pioc aṁáin tirimiġṫe orm.”

“Má’s mar sin atá an sceul,” arsaiġ an gobadán, ag éiriġe in a ṡeasaṁ, “iarraim-se oraiḃ glacaḋ leis an gcoṁairle seo agam-sa .i. go gcuirfí an sceul ar aṫ-lá agus go mbain- fimís iarraċt feiḋmeaṁail, gasta, fáiḋeaṁail, fórsaṁail, láidir, glic, as ċuma éigin eile ċum sinn féin a ṫirimiuġaḋ.”

“Laḃair go réiḋ, le hanamainn do ṁarḃ,” arsaiġ an ċearc, “cá ḃfios dúinne leaṫ a ḃfuil tú ag ráḋ, agus rud eile ní ḟeadar an ró ṁaiṫ atá a ḟios agat féin é!” agus do ċrom sí a ceann ċum ná feicfí fáṫ an ġáire in a beul; agus na héin eile, d’airiġ an ċuideaċta go léir ag sciṫireaċt iad.

“Is é an rud a ḃíos-sa ċum a ráḋ,” arsaiġ an gobadán, “nuair ṫáiniġeaḋ trasna orm aċt gurb’ é an tsliġe is fearr do-ġeoḃaimís sinn féin a ṫirimiuġaḋ aċt le rás-eugcríoċta.”

“Cad é rud é rás-eugcríoċta?” arsaiġ Eiḃlís; ní haṁlaiḋ gur fios a ḃí uaiṫe, aċt ḃí an gobadán in a ṫost, agus ḃraiṫ sí air go raiḃ coinne aige go laḃarfaḋ duine éigin, agus ṫug sí fé ndeara ná raiḃ fonn cainte ar aoinne.

“Déinimís é,” arsaiġ an gobadán, “agus sin é mar is fearr a ṫuigfe tú é.” (Agus béidir go riṫfeaḋ sé leat féin é ḋeunaṁ lá éigin fuar geiṁriḋ, agus mar sin inneosfa mé ḋuit conus a ḋein an gobadán é.) [ 26 ]Ḋein sé sórt cearcaill an ċeud uair (duḃairt sé gur ċuma cadé an deunaṁ ḃeaḋ air); cuireaḋ an ċuideaċta go léir in a seasaṁ ṫall agus aḃus annso agus annsúd ar feaḋ an ċúrsa. Ní duḃairt aoinne “a haon, a dó, a’s a trí,” ná, “fág an bealaċ"; aċt ṫosnuiġ gaċ aoinne nuair ba ṁaiṫ leis agus stad sé nuair ba ṁaiṫ leis. Baḋ ḋeacair a ráḋ caiṫin ḃeaḋ an rás críoċnuiġṫe.

Nuair ḃíodar ṫimċeall leaṫ-uair a ċluig ag gaḃáil dó mar sin, agus nuair ḃíodar go léir ċoṁ tirim agus a ḃíodar riaṁ ġlaoiḋ an gobadán amaċ i gcoṁ-árd a ċinn a’s a ġuṫa: “Tá an rás críoċnuiġṫe.” Rioṫ gaċ aoinne isteaċ ṫimċeall air, agus a dteanga amuiġ aca agus iad á ḟiaḟruiġe, “Cia ġaiḃ, cia ġaiḃ?”

Ní ḃfuair an gobadán freagra a ṫaḃairt ar an gceist sin gan mórán meaḃruġaḋ agus maranna. Ḃí sé in a ṡeasaṁ annsin ar feaḋ i ḃfad agus a ṁeur leagṫa ar a eudan aige (ar an ḃfuitinn ceudna a’s a ċíonn tú Fionán Mac Coluim insna peictiúirí). Ḃí an ċuid eile in a seasaṁ ṫimċeall ar feaḋ na haimsire agus gan giug asta. I ndeireaḋ ṫiar ṫall ṫáinig a ċaint dó agus aduḃairt sé, “Tá an buaiḋ ag gaċ aoinne agus caiṫfiḋ gaċ aoinne duais d’ḟaġáil.”

“Aċt cé ṫaḃarfaiḋ amaċ na duaiseanna?” arsaiġ gaċ aoinne d’aon ġuṫ.

“An ḃean uasal, dar ndóiġ,” arsaiġ an gobadán, ag tagairt d’Eiḃlís, agus ḃailiġ gaċ aoinne ṫimċeall uirre agus iad go léir ag caint in aon ḋiúra-ḋeaḃra aṁáin agus ag glaoḋaċ amaċ. “Duaiseanna! duaiseanna!”

Ní raiḃ a ḟios ag Eiḃlís sa doṁan ḃraonaċ [ 27 ]cad a ḋeunfaḋ sí, aċt ċuir sí a láṁ síos in a póca, agus ba é ba ṡeansaṁla ar doṁan é ṫarraing sí amaċ bosca milseáin ċasaċtaiġe (ḃí an t-áḋ leo nár ṫáinig uisce na sáile orra), agus roinn sí orra iad mar ḋuaiseanna. Ní raiḃ ann díreaċ aċt ceann an duine ḋóiḃ.


An Rás-Eugcríoċta

“Aċt caiṫfe sí duais a ṫógaint í féin,” arsaiġ an luċ.

“Ó, caiṫfiḋ, dar ndóiġ,” arsaiġ an gobadán; “cad eile tá id’ ṗóca agat?” arsaiġ sé sin, ag iompó ar Eiḃlís.

“Ní ḟuil dada go Dia eile agam,” arsaiġ Eiḃlís go brónaċ, “aċt meuracán.”

“Sín amaċ annso ċugam é,” arsaiġ an gobadán.

Ḃailiġeadar go léir isteaċ ṫimċeall uirre arís an ḟaid a’s do ḃí an gobadán go [ 28 ]cúramaċ ag bronnaḋ an ṁeuracáin uirre, agus á ráḋ, “Iarraimíd ort ón ár gcroiḋe amaċ an meuracán áluinn seo a ġlacaḋ uainn.” Nuair ḃí deireaḋ leis an méid sin caint aige, “Tar slán, tar slán,” ar siad sin go léir.

Searḃas ḃí ag Eiḃlís ar an ngnó ar fad, aċt d’ḟeuċadar go léir ċoṁ mór sin i ndáiríriḃ ná leigfeaḋ eagla ḋí cromaḋ ag gáire, agus nuair ná fuiġfeaḋ sí cuiṁneaṁ ar aon rud a ráḋ, d’úṁlaiġ sí ḋóiḃ agus ġlac sí an meuracán ag leigint uirre a ḃeiṫ ċoṁ dáiríriḃ agus ab’ ḟéidir léi.

An ċeud rud eile ḃí le deunaṁ anois aċt na milseáin casaċtaiġe d’iṫe; eaċtraḋ an cibeal ḃí aca dá ḋeunaṁ sin. Duḃairt na héin ṁóra ná fuiġfidís iad a ḃlas agus ḃí na héin ḃeaga dá dtaċtaḋ aca ’sa tsliġe gur caiṫeaḋ iad a ḃualaḋ ’sa drom. Cuireaḋ deireaḋ leis an ngnó pé sceul é, agus ċonn- laiġeadar go léir ṫimċeall ar an luċ arís agus ċuadar in aṫċuinġe uirre roinnt eile d’innsint dóiḃ.

“Ġeall tú ḋom go inneosfá cúrsaí do ḃeaṫa ḋom,” arsaiġ Eiḃlís léi, “agus cadé an ċúis a raiḃ an ġráin ṁarḃ agat ar — Ċ. agus ar Ṁ.” Duḃairt sí an méid seo i gcogar léi, mar ḃí sórt eagla uirre go gcuirfeaḋ sí olc arís uirre.

“Sceul fada, brónaċ, mo sceul-sa,” arsaiġ an luċ, ag iompó ar Eiḃlís agus ag cur osnaḋ aiste.

“Sceul, sceul, iarball ar eun,” arsaiġ Eiḃlís, agus ċrom sí ag cuiṁneaṁ ar na sceulta fiannuiġeaċta agus eaċtraí Ḟinn Ṁic Cuṁail d’airiġ sí ’sa mbaile ar a teinteán féin [ 29 ]ó rugaḋ í. Ċuiṁniġ sí ar “Oiḋe Ċloinne Lir,” agus ar “Oiḋe Ċloinne Uisniġ,” ar “Eaċtraḋ Ḋéirdre,” agus ar oiḋe agus eaċtraí eile naċ iad feuċaint an mb’ḟéidir go mbeaḋ aon ḃreiṫ ag aon sceul díoḃ ar sceul an luiċín.

“Ní ḟuil tú ag éisteaċt liom,” arsaiġ an luiċín go crosta le hEiblís. “Cad air atá tú ag cuiṁneaṁ?”

“Ó, gaḃaim párdún agat, a ḋuine uasail,” arsaiġ Eiḃlís go sár-íseal, “ḃí tú ag an cúigeaṁaḋ casaḋ, ná raḃais?”

“Ṫugais t’éiṫeaċ, ní raḃas,” arsaiġ an luċ.

“Má ṫugas, tugtar ṫar n-ais dom é,” arsaiġ Eiḃlís, “béidir naċ beag a ḃfuil taḃarṫa uaim agam in aon lá aṁáin agus gan an rud is túisce ċugam a ṫaḃairt uaim.”

“Caiṫ uait do ċuid ráiméise,” arsaiġ an luċ, “ní ḟuil tú aċt ag steallaḋ ṁagaḋ fúm; tá tú ag taḃairt tarcuisne ḋom,” ar sí sin, ag imṫeaċt léi.

“Ó, Dia linn a’s Muire,” arsaiġ Eiḃlís, “i ḃfad uainn an t-olc agus an t-aṁgar, ní har an intinn sin ḃí mé, aċt tá a ḟios agat gur fuiris olc a ċur ort.”

Níor ḋein an luċ aċt ualfairt a ċur aiste.

“Cas ṫar n-ais, má’s é do ṫoil é, agus cuir deireaḋ led’ sceul,” arsaiġ Eiḃlís.

Ġlaoḋadar go léir d’aon ġuṫ uirre — aċt níor ḋein sí aċt croṫaḋ a ḃaint as a ceann go neaṁ-ḟoiḋneaċ agus cur dí níos mire.

“Naċ é an feall ná fanfaḋ sí,” arsaiġ an fiolar, ag cur osnaḋ as nuair d’imṫiġ sí as a raḋarc. “Is eaḋ, anois, a inġean óiġ!” arsaiġ sean-ṗortán le hinġin dí a ḃí taoiḃ léi, “sin ceaċt agat gan leigint don ḃfeirg [ 30 ]buaḋċain ort.” “Dún do ḃeul, a ṁam,” arsaiġ an portán óg, “dar ndóiġ, ní ḃfuiġfeaḋ an t-oisire féin cur suas leat-sa!”

“B’ḟearr liom ná aon rud,” arsaiġ Eiḃlís léi féin (aċt árd go leor go n-aireofaí í), “go mbeaḋ Pingcín seo againne annso in ár measc, b’ḟearr sin; is í a ḃeurfaḋ ṫar n-ais an luċ úd, agus gan a ḃeiṫ i ḃfad ar a ṫí aċt an oiread.”

“Agus cé hí Pingcín, dála an scéil?” arsaiġ an fiolar, “maran misde ḋom a ḟiaḟraiġe.”

Ṫug Eiḃlís freagra air gan stad, mar ḃíoḋ áṫas uirre i gcoṁnuiḋe a ḃeiṫ ag caint i dtaoḃ a peata beag féin.

“Pingcín, ár gcat-na; ní ḟuil aon rud le buaḋċain uirre ċum breiṫ ar luċ. Baḋ ṁaiṫ liom dá ḃfeiceoṫá í ag fiaḋaċ na n-eun. Ḃeaḋ beirṫe aici ar aon ċeann aca an ḟaid ḃeifeá ag feuċaint ṫimċeall ort.”

Ḃain an ċaint so preab as an gcuideaċtain. Ċuir cuid de na héin díoḃ gan a ṫuille moille; agus sean-ṁeag a ḃí ann ċrom sé ag dúnaḋ ċuige isteaċ a ḋá sciaṫán ċoṁ baileaċ agus ab’ ḟéidir leis: “Tá sé in am doṁsa a ḃeiṫ ag cur peútar díom, ní réiḋeann aer na hoiḋċe lem’ scórnaċ.” Do ġlaoiḋ an canáire amaċ ar a ċlainn féin agus ṫeasbáin a ċaint go raiḃ sé go heaglaċ: “Tagaiḋ aḃaile, a ċlann ó, tá sé in am agaiḃ a ḃeiṫ in ḃúr gcodlaḋ!” D’imṫiġ gaċ aoinne aca ċum siuḃail mar sin in a nduine agus in a nduine — gaċ duine aca agus a leaṫ-sceul féin aige. Ba ġairid gur fágaḋ Eiḃlís léi féin.

“Ó, ṁuise, b’ḟearr liom ná aon rud ná [ 31 ]tarraingeoċainn ċugam Pingcín arís,” arsaiġ sí léi féin, “ní ṫeastuiġeann ó aoinne ar an taoḃ so de ḋúṫaiġ aon rud a aireaċtain in a taoḃ, agus feuċ orm-sa gur dóiġ liom gurb’ í an caitín is fearr sa doṁan í. Ó, Ṗingcín, a ċroiḋe! ní ḟeadar an ḃfeiceo’ mé go deo arís tú"; agus ṫosnuiġ an leanḃ boċt ag gol go fuiḋeaċ arís. Ḃí a croiḋe ag imṫeaċt uaiṫe, agus ḃraiṫ sí í féin an-uaigneaċ. Ba ġairid gur airiġ sí an lapadáil ḃeag arís ag teaċt d’iarraċt uirre. Ṡíl sí gurb’ í an luċ ḃí ag casaḋ ċum deireaḋ ċur le n-a sceul, gur ṫáinig sí ar aṫ-smaoineaṁ.