Jump to content

Eachtradh Eibhlís i dTír na nIongantas/IV

From Wikisource

[ 32 ]CAIBIDIL A IV

TAḊG ’SA SIMNÉ

An Coinín Gléigeal ḃí ag sodar ṫar n-ais arís, agus é ag feuċaint ṫimċeall air ar gaċ aon taoḃ mar a ḃeaḋ sé ag lorg rud éigin a ċaill sé. Ḃí sé ag caint leis féin: “An ḃaintiġearna! an ḃaintiġearna!” adeireaḋ sé. “Dar so agus súd, agus dar an lapa so orm! Dar m’ḟionnaḋ, agus mo ċuid feusóige! croċfaiḋ sí mé ċoṁ siúrálta agus atá iarball ar ṁadra! Cár ṫuit sé uaim ní ḟeadar?” Ṫoṁas Eiḃlís ar a’ nómant gur ag lorg an ġaoṫaċáin agus na mitíní bána de ċroiceann mionáin ḃí sé, agus ċrom sí dá lorg, aċt ní raiḃ teiḋeal díoḃ in aon áit — ḃí aṫruġaḋ tar éis teaċt ar gaċ aon rud ó ḃí sí ag snáṁ i linn na ndeor, agus ḃí an halla mór agus an bórd gloine agus an duirisín beag imṫiġṫe gan a dtuairisc.

Is gairid go ḃfaca an Coinín Eiḃlís agus í ag rioṫ ṫimċeall in gaċ aon áit. “Is eaḋ, a Ṁáire Anna, cad a ṫug annso anuas tú? Rioṫ leat aḃaile go mear agus taḃair ċugam peiḋre mitíní agus gaoṫaċán! Ná bí i ḃfad ar a ṫí anois!” Agus ḃí an oiread sin eagla ar Eiḃlís gur ċuir sí ḋí ċoṁ mear agus ab’ ḟéidir léi ’sa tsliġe d’órduiġeaḋ dí gan aon iarraċt do ḋeunaṁ ar a ċur in iúil don Ċoinín an dearṁad ḃí deunta aige.

“Ṡíl sé gur mé a ċailín aimsire féin," [ 33 ]arsaiġ sí léi féin, agus í ag cur dí. “Naċ ait ḃeiḋ an sceul aige nuair a ḃeiḋ a ḟios aige cé hé mé! Is fearr ḋom na mitíní agus an gaoṫaċán a ḃreiṫ ċuige, pé sceul é — sin é má éiriġeann liom iad d’ḟaġáil.” Cad a ḃuailfeaḋ léi ná tiġ beag neuta agus pláta beag práis leaṫ is amuiġ ar lár an duiris agus na focail seo, “M. Ó COINÍN,” grafaiġṫe air. Isteaċ léi, gan bualaḋ ag an dorus ná aon rud, agus anáirde staiḋre agus eagla a croiḋe uirre go mbuailfeaḋ an Máire Anna ċeart léi agus go gcuirfí scrios amaċ an dorus léi fé ḃfuiġfeaḋ sí na mitíní agus na córaċa eile ḃí uaiṫe.

“Naċ ait an rud doṁsa a ḃeiṫ ag deunaṁ teaċtaireaċtaí do ċoinín!” arsaiġ Eiḃlís léi féin. “Is é an ċeud rud eile aċt go mbeiḋ mé ag dul ag teaċtaireaċt do Ṗingcín!” Agus ċrom sí ag cuiṁneaṁ in a haigne féin conus a ḃeaḋ an sceul aici: “"A Eiḃlís, a ċailín, tar annso gan stad agus cuir tú féin i gcóir ċum teaċt ag siuḃal!” “Ar an nómant, a ḃanaltra, aċt caiṫfe mé fuireaċ annso go gcasfaiḋ Pingcín. Duḃairt sé liom gan an luċ a leigint amaċ as an bpoll so go gcasfaḋ sé.” Aċt is baoġal liom gur gairid a ċoimeádfaí Pingcín fé ṁúraiḃ an tiġe dá mbeaḋ sé ag taḃairt órduiġṫe mar seo do ḋaoine.”

Díreaċ glan agus ag caint mar seo léi féin cad a ḃuailfeaḋ léi ná seomra beag neuta agus búirdín beag leagṫa in áirde ar an ḃfuinneoig, agus (dá mba ḋóiċiġe ar doṁan é) ḃí gaoṫaċán agus cúpla peiḋre nó trí de ṁitíní croiceann mionáin ar an mbórd. Ṫóg [ 34 ]sí an gaoṫaċán agus peiḋre de na mitíní, agus díreaċ agus í ċum an seomra d’ḟágaint cad air a leagfaḋ sí a súil aċt ar ḃuidéilín beag ḃí ’na ṡeasaṁ gairid don scaoṫán. Ní raiḃ aon ċoṁarṫaí sórt ag gaḃáil leis an mbuidéilín seo ná ní raiḃ na focail “ÓL MÉ” scríoḃṫa leaṫ is amuiġ air, aċt mar sin féin ḃain sí an corc as agus ċuir sí ċum a Béil é. “Tá a ḟios agam go maiṫ anois go mbaineann rud éigin iongantaċ dom gaċ aon uair a iṫim nó a ólaim aon rud,” arsaiġ Eiḃlís léi féin; “is eaḋ, má is eaḋ, beiḋ a ḟios agam cad a ḋeunfaiḋ an buideul so liom. B’ḟearr liom ná aon rud go gcuirfeaḋ sé toirt éigin arís ionnam; táim ag éiriġe tuirseaċ ó ḃeiṫ ċoṁ beag so.”

Agus marar ċuir an buideul i meud í ní lá fós é, agus níos mire ná mar ḃí coinne aici leis; fé raiḃ leaṫ an ḃuidéilín diúgṫa aici ḃí a ceann ináirde go dtí an síleáil agus muireaċ ċoṁ luaṫ agus do ċaiṫ sí uaiṫe é ḃí a muineul cnagṫa. “Is leor san,” arsa sí léi féin, “tá coinne agam ná fásfa mé a ṫuille; ní ḃeiḋ mé ábalta ar ḋul amaċ ’sa dorus ċeana féin — naċ orm a ḃí an mí-áḋ agus an oiread sin de d’ól.”

Oḃoċ! mo ċreaċ! ba ṁairg dí nár ċuiṁniġ sí uirre féin níos túisce! Ḃí sí ag fás agus ag fás gur ċaiṫ sí dul ar a glúine síos ar an úrlár; agus ’sa ċeud nómant eile ní raiḃ sliġe aici mar sin féin. Ċuir sí uillean léi i gcoinne an duiris agus ċas sí an geug eile léi ṫimċeall ar a ceann; aċt Ba ṁar a ċéile é, ḃí sí ag fás i gcoṁnuiḋe. Aċt i ndeireaḋ na dála rop sí láṁ léi amaċ ’sa ḃfuinneoig [ 35 ]
Marar ċuir an buideul i meud í ní lá fós é
[ 36 ]agus cos léi suas ’sa simné; “maran dtaḃar- faiḋ an méid sin aon ḟuasgailt dom,” arsa sí léi féin, “táim taḃarṫa. Ní fios cadé an deireaḋ ḃeiḋ orm.”

Ḃí an t-áḋ léi gur rángaiḋ deireaḋ le draoiḋeaċt an ḃuidéilín níor ṁeudaiġ sí a ṫuille, aċt do ḋuiḃ agus do ṫeann uirre mar ní raiḃ aon ḟaġáil aici teaċt amaċ as an seomra. Níorḃ’ iongnaḋ go raiḃ sí cráiḋte ’na haigne.

“Ba ḋeise go mór ḃí an sceul agam ’sa mbaile, nuair ná bínn ag dul i meud agus ag dul i luiġead mar seo, agus nuair ná bíoḋ sé orm toraḋ ṫaḃairt ar luċa ná ar ċoiníní. B’ḟearr ḋom ná leanfainn riaṁ an coinín sin síos ’sa ṗoll — mar sin féin is iongantaċ an saġas saoġail atá agam. Ní ḟeadar ’sa doṁan ḃraonaċ cad is cor dom. Nuair a ḃínn-se ag léiġeaṁ sceulta i dtaoḃ na “ndaoine maiṫe” baḋ ḋóiġ liom nárḃ ḟéidir a leiṫéid de rudaí ḃeiṫ aṁlaiḋ in aon ċor, aċt feuċ orm féin anois agus na rudaí is iongantaiġe ’sa doṁan ag tuitim amaċ orm. Ba ċeart go ndeunfaí leaḃar orm, ba ċeart sin. Nuair a ḟásfa mé suas im’ ḃean scríoḃfa mé féin leaḃar — aċt, dar ndóiġ, naċ an iomarca fáis atá fúm anois - ḃeaḋ an mí-áḋ ceart orm dá ḃfásfainn a ṫuille, annso, pé sceul é.

“Aċt, mo ḋearṁad, ní ḟeadar an raġa mé in aois a ṫuille? Ba ḋeas é sin in sliġe - gan a ḃeiṫ im’ ṡean-ḃean go deo — aċt in sliġe eile ḃeaḋ an mí-áḋ orm — ḃeaḋ ceaċta le foġluim agam go deo. Níorḃ’ ṁaiṫ liom sin!

“Ó, a ḋuine gan ċiall!” arsaiġ Eiḃlís léi féin (ag teaċt ar aṫ-smaoineaṁ), “conus is [ 37 ]féidir leat ceaċta d’ḟoġluim istiġ annso? Dar ndóiġ, ní ḟuil sliġe ḋuit féin ann, ní áiriġim dod’ leaḃarṫa.”

Lean sí uirre ag ráiméis mar sin léi féin gur airiġ sí guṫ leaṫ is amuiġ, agus ċuir sí cluas uirre féin.

“A Ṁáire Anna! A Ṁáire Anna!” arsaiġ an ġuṫ, “taḃair amaċ mo ṁitíní ċugam gan stad!” Annsin d’airiġ sí lapadáil ḃeag ar an staiḋre. Ḃí a ḟios ag Eiḃlís gurb’ é an Coinín ḃí ag teaċt dá lorg, agus ċrioṫ sí ó ḃonn go baṫas, agus ċrioṫ sí an tiġ le neart faoḃar eagla roiṁ an Ċoinín agus í míle uair, í féin, níos mó agus níos láidre ná é. Níor ċeart go mbeaḋ aon ċúrsaí eagla aici roiṁe.

Ṫáinig an Coinín go dtí an dorus agus ṡíl sé é ċur isteaċ, aċt níor ḟeud sé, mar ḃí uillean Eiḃlís go daingean leaṫ istiġ leis. D’airiġ Eiḃlís é dá ráḋ leis féin go raġaḋ sé ṫimċeall agus go raġaḋ sé isteaċ ’sa ḃfuinneoig.

“Ar ḃfallaing féin ná raġa tú,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, agus d’ḟan sí gur airiġ sí an Coinín fén ḃfuinneoig agus leaṫ sí amaċ a laḋar ċum breiṫ air, mar a ṡíl sí. Ní ḃfuair sí greim ar aon rud, aċt d’airiġ sí cnead agus tuitim agus briseaḋ gloine, agus ċreid sí gur aṁlaiḋ ḃí sé tar éis tuitim isteaċ i mbosca gloine.

Annsin d’airiġ sí an ġuṫ go feargaċ — guṫ an Ċoinín — ag glaoḋaċ amaċ: “A Ṗádraig! A Ṗádraig! Cá ḃfuil tú?” Agus annsin d’airiġ sí guṫ nár airiġ sí roiṁe sin dá ḟreagairt: “Dar ndóiġ ṁuise! táim annso, ag baint uḃal, má is é toil t’onóra uasail é.” [ 38 ]"Ag baint uḃal, an eaḋ?” arsaiġ an Coinín, go feargaċ. “Le hanamainn do ṁarḃ tar annso go mear agus fuascail orm.” (D’airiġ Eiḃlís foṫram mar ḃeaḋ gloiní ag briseaḋ arís.)

“Innis dom, a Ṗádraig, cadé an rud é sin ’sa ḃfuinneoig?”

“Geug é sin, dar ndóiġ, a Ṁáiġistir.”

“Geug!!! a ṗleiḋce amadáin! Dar ndóiġ, ní ḟaca Críostuiḋe riaṁ geug ċoṁ mór léis sin. Ná feiceann tú go ḃfuil lán na fuinneoige ann!”

“Tá, lán na fuinneoige ann, ṁuise, a Ṁáiġistir; mar sin féin geug is eaḋ é.”

“Ní ḟuil aon ġnó aici annsin pé sceul é: teiġre, agus caiṫ as í an nómant so!”

Ḃí gaċ aon rud go ciúin ar feaḋ scaiṫiṁ in a ḋiaiḋ sin, agus níor airiġ Eiḃlís aċt cogar anois agus arís mar seo: “Ní maiṫ liom é ḋeunaṁ, a ċuigint ná in aon ċor, a Ṁáiġistir!” “Déin mar adeir mé leat, a ṡuarṫamáin lag-ċroiḋeaċ!” ’Sa deireaḋ ċuir Eiḃlís a láṁ amaċ arís agus ṫug sí snab eile feuċaint an rángóċaḋ dí breiṫ ar aon rud. Ċuir rud éigin gníġeala as, agus d’airiġ sí na gloiní dá mbriseaḋ arís. “Naċ fairsing tá na boscaí gloine aca,” arsaiġ Eiḃlís léi féin. “Ní ḟeadar fén doṁan cadé an ċeud rud eile ḋeunfaiḋ siad! Níorḃ’ ḟearr liom rud a ḋeunfaidís ná mé a stracaḋ amaċ as so! Is beag a ḟonn atá orm fuireaċ ann níos sia!”

Ḃí gaċ aon rud ciúin annsin arís ar feaḋ scaiṫiṁ eile gur airiġeaḋ foṫram mar ḃeaḋ ag roṫa cairte agus daoine ag siosma agus ag caint le n-a ċéile. Ṫuig Eiḃlís an ċaint; [ 39 ]
Ṡíl an Coinín an dorus a ċur isteaċ aċt níor ḟeud sé
[ 40 ]"Cá ḃfuil an dréimire eile? — Dar ndóiġ, ní raiḃ aċt ceann agam-sa le taḃairt liom; tá an ceann eile ag Taḋg. — A Ṫaiḋg! beir ċugam annso í, a ḋearḃráṫair! ’Seaḋ, leag suas annso i gcoinne an ċúinne seo iad — Ná déin. - Ceangail in a ċéile an ċeud uair iad. — Ní ṡroiċeann siad suas leaṫ na sliġe in aon ċor fós. — Ḋeire! deunfa siad an gnó go maiṫ mar atá siad. — Naċ cuma ḋuit ’sa tiubaist. - Seo, a Ṫaiḋg, beir ar an teud so; teann an ṗíc, a Ṁaiḋe! — Ní ḟeadar an dtaḃarfaiḋ ceann an tiġe orainn. — Feuċ amaċ don tslinn sin, tá sí bog; ó, an diaḃal mé, go ḃfuil sí ag tuitim! — Feuċ amaċ d’ḃúr gcloigeann annsin ṫíos” (do-riġneaḋ smidiríní dí ar an talaṁ). - “Feuċ anois! Cé ḋéin é sin? Cé ḋeunfaḋ é aċt Taḋg. — Cé raġaiḋ síos sa simné? Ní raġad-sa pé sceul é! Teiġre féin ann! Ar ṁalainn féin ná raġad, dob’ ḟearr liom breall ort! Taḋg atá le dul síos. — Seo, a Ṫaiḋg, deir an máiġistir go gcaiṫfe tusa dul síos ’sa simné!”

“Agus caiṫfiḋ Taḋg dul síos ’sa simné,” arsaiġ Eiḃlís léi féin. “Tá an riaḃaċ ’s a ṁáṫair ’sa ṁullaiġ ar Ṫaḋg! Ní ḃeinn in áit Ṫaiḋg ar ór na Muṁan! Tá an teinteán so roinnt cuṁang, aċt mar sin féin is dóiġ liom go n-éireoċ’ liom speaċ a ċaiṫeaṁ!”

Ṫarraing sí ċúiċe a cos, anuas as an simné, ċoṁ fada agus do ḟeud sí, agus do ċoimeád sí mar sin í gur airiġ sí ainṁiḋe beag éigin (ní ḃfuiġfeaḋ sí a ḋeunaṁ amaċ cadé an sórt é) ag scríobaḋ agus ag lapadáil ar fuaid an tsimné rud beag suas uaiṫe. “Seo ċugainn Taḋg do réir deallraṁ,” arsaiġ Eiḃlís léi [ 41 ]féin, agus le n-a linn sin ċaiṫ sí speaċ ḃeag agus ċuir sí cluas uirre féin feuċaint cadé an ċeud rud eile d’aireoċ’ sí.

D’airiġ sí iad go léir d’aon ġuṫ ag glaoḋaċ amaċ: “Feuċ Taḋg! Sin é Taḋg in áirde san aer!” Agus d’airiġ sí an Coinín ag glaoḋaċ in aoirde a ċinn agus a ġuṫa: “Beiriḋ air, siḃse tá annsin cois an ċlaiḋe.” Ḃí gaċ aon rud ciúin annsin ar feaḋ scaiṫiṁín aċt ba ġairid gur éiriġ an ġeoin cainte arís: “Coimeád siar a ċeann. — Cá ḃfuil an braindí? - Ná taċtaiḋ é. — Is eaḋ, a ḋuine ḃoiċt, ċonnaic tú Murċaḋ! — Cad a ḃain duit in aon ċor? Innis dúinn cad ba ċor duit?”

I ndeireaḋ na scríbe d’airiġ sí gniġeala beag lag ("Sin é Taḋg,” arsaiġ Eiḃlís léi féin) á ráḋ: “Ḃeil, is ar éigin atá a ḟios ḃeiḋ a ṫuille agam anois, go raiḃ maiṫ agaiḃ. — Táim roinnt níos fearr anois. - Aċt táim rud beag ró ċorruiġṫe ċum a innsint díḃ — aċt an méid seo ḋe, go ḃfuil a ḟios agam gur ḃuail rud éigin ṫiar ar bun na droma mé a ċuir in áirde is na feilimintíḃ mé!”

“Ċuir, a ḋuine ḃoiċt,” arsa siad go léir.

“Caiṫfear an tiġ a ḋóġaḋ,” arsaiġ an Coinín.

“Dar mise, ṁuise,” arsaiġ Eiḃlís, “má ḋéintear go gcuirfead-sa Pingcín ’sa mullaiġ oraiḃ.”

Níor ḃeag sin; níor ḟan focal aca. “Ní ḟeadar cad a ḋeunfaiḋ siad anois,” arsaiġ Eiḃlís léi féin. “Dá mbeaḋ ciall aca ḃain- fidís an ceann den tiġ.” I gceann tamaillín eile ṫosnuiġeadar ag siuḃal ṫimċeall agus ag [ 42 ]caint arís. “Deunfaiḋ lán-barra an gnó den ċeud iarraċt,” arsaiġ an Coinín.

“Lán-barra de cadé?” arsaiġ Eiḃlís léi féin. Aċt is gairid a ḃí sí gan a ḟios aici, mar díreaċ fé raiḃ an focal as a beul aici ṫáinig mar a ḃeaḋ cioṫ gairḃéil ag clagarnaiġ isteaċ ’sa ḃfuinneoig, agus ḃuail cuid aca isteaċ san aġaiḋ uirre. “Cuirfead-sa deireaḋ leis an obair seo,” arsaiġ sí léi féin. Do laḃair sí annsin ċoṁ árd is ab’ ḟéidir léi: “Caiṫiḋ uaiḃ,” arsaiġ sí sin, agus geallaim duit gur ċuadar i gciúineas arís.

Ḃí áṫas agus iongantas ar Eiḃlís nuair ṫug sí fé ndeara go raiḃ cácaí beaga dá ndeunaṁ den ġairḃeul do réir mar ḃíodar ag tuitim ar an úrlár. Ċuiṁniġ sí ar an nómant go mbéidir dá n-íosfaḋ sí iad go raġaḋ sí i luiġead arís. “Ní ḟuil aon ḟaġáil agam,” ar sí sin, “dul i meud a ṫuille, agus má tá sé de ḃuaiḋ aca aon aṫruġaḋ a ḋeunaṁ orm is i luiġead a raġa mé gan aon agó.”

D’iṫ sí ceann aca agus d’éiriġ a croiḋe nuair a ċonnaic sí gur ṫosnuiġ sí ag dul i luiġead ar an nómant dearg. Ċoṁ luaṫ a’s do ḃí sí beag go leor ċum í féin a ṫarraing amaċ tríd an dorus rioṫ sí ar éigin amaċ as an tiġ, agus cad a ḃeaḋ aċt scata mór ainṁiḋiġ ḃeaga agus eunlaṫa in gaċ aon áit ṫimċeall leaṫ is amuiġ. Ḃí an t-arcluaċra beag (ba ṡin é Taḋg) in a ṡeasaṁ istiġ in a lár agus ḋá ḃainiṁín muice dá ċoimeád in a ṡeasaṁ istiġ eatorra agus iad ag taḃairt braoinín beag as ḃuideul dó anois agus arís. Rioṫadar go léir ċum Eiḃlís ċoṁ luaṫ agus ċonnacadar í, aċt ṫeiċ sí uaṫa ċoṁ mear agus [ 43 ]ḃí in a cosa, agus isteaċ léi i gcoill i ḃfolaċ uaṫa.

“Is é an ċeud rud ná a ċéile tá le deunaṁ anois agam,” ar sí sin léi féin agus í ag siuḃal ar fuaid na coille, “aċt dul i meud go mbeiḋ mé im’ ṁeud féin arís, agus an dara rud ná mo ṡliġe a ḋeunaṁ isteaċ ’sa ngáirdín áluinn úd. Sin é an rud is fearr ḋom anois.”

Ḃí a caint ráiḋte aici, aċt conus a ṫaḃarfaḋ sí fé? conus ṫosnóċ’ sí? An ḟaid ḃí sí ag deunaṁ a maranna mar seo agus í ag glin- neaṁaint amaċ tré na crannaiḃ d’airiġ sí an sceaṁ beag geur in áirde ós a ceann agus d’ḟeuċ sí suas.

Ḃí coileán mór, bolg-ṡúileaċ, ag feuċaint anuas uirre agus a lapa sínte amaċ aige d’iarraiḋ é ċimilt dí. “Ṁuise, a ċreutúirín ḃoċt!” arsaiġ Eiḃlís, d’iarraiḋ é ḃladraḋ, agus ḋein sí iarraċt ar fead a leigint air; ḃí uaṫḃás uirre ar eagla go mb’ḟéidir go mbeaḋ ocras air, agus dá dtuitfeaḋ amaċ go mbeaḋ, dar ndóiġ d’íosfaḋ sé í d’aiṁḋeoin a cuid bladraḋ.

Ní maiṫ ḃí a ḟios aici cad ḃí sí ḋeunaṁ. Ṫóg sí cipín beag in a láiṁ agus ċuir sí suas fé ċaincín an ċoileáinín é. Ḃeil! a ḋuine, d’éiriġ sé ḋe léim as a ċaḃail in áirde ’san aer agus leig sé sceaṁ as le neart faoḃar áṫais, agus seo ċum an ċipín é agus é ag leigint air a ḃeiṫ ag imirt leis. Ċuaiḋ Eiḃlís ar scáṫ feoċadáin ḃí taoiḃ léi ar eagla go ndeunfaí easair dí, agus ċoṁ luaṫ agus ḃí sí ar an taoḃ ṫiar den ḟeoċadán ḋein an coileán glám eile ar an gcipín agus cuireaḋ toll ṫar [ 44 ]ceann é den iarraċt sin. D’ḟeuċ an sceul go léir d’Eiḃlís ċoṁ uaṫḃásaċ agus dá mba capall é an coileáinín, agus ḃí eagla uirre gaċ aon nómant go siuḃalfaí ’sa mullaiġ uirre, agus ḃí sí ag teiċeaḋ uaiḋ ċoṁ maiṫ agus do ḟeud sí ṫimċeall an ḟeoċadáin. Ċrom an coileáinín ar ṡliġe eile ċum teaċt ar an gcipín dúmas; ṫéiġeaḋ sé siar i ndiaiḋ a ċúil, agus annsin ṫugaḋ sé siḋe-reaṫa ċum cinn agus é ag sceaṁġail ar a ḋíċeall ar feaḋ na haimsire go léir. ’Sa deireaḋ ṡuiḋ sé síos tamall amaċ ón ċipín agus a ṫeanga amuiġ aige, corṫa sáruiġṫe mar a ḃí Bran, saoṫar air, agus a ḋá ṡúil ṁóra leaṫ-oscailte aige.


Anois an t-am d’Eiḃlís teiċeaḋ

[ 45 ]Anois an t-am d’Eiḃlís teiċeaḋ má ḃí sí ċum teiċeaḋ in aon ċor. Ċuir sí ḋí ċoṁ mear a’s ḃí innte, agus níor stad sí go raiḃ a hanáil imṫiġṫe uaiṫe agus í corṫa traoċta. D’airiġ sí sceaṁ an ċoileáinín i ḃfad ó ḃaile.

“Nár ċanta an coileáinín é as an ṁagaḋ sin,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, nuair ṫáinig a caint dí agus í i ḃfolaċ ar scáṫ craoiḃe an ḃainne-bó-bleaċt agus í dá fionnḟuaraḋ féin le builleog de. “Ba ṁaiṫ liom ḃeiṫ ag múineaḋ cleas dó súd — sin é dá mbéinn mór go leor ċuige! Ó, a ċiallaċ! dóbair dom é ḋearṁad; dar ndóiġ, caiṫfe mé dul i meud ċoṁ mear agus tá ionnam é! ’Seaḋ, aċt conus a ṫaḃarfa mé fé? Caiṫfe mé rud éigin d’iṫe nó d’ól — aċt cad d’íosfa mé nó cad d’ólfa mé? Sin í an ḟaḋb! Sin í an ṗreap.”

D’ḟeuċ Eiḃlís ṫimċeall uirre i ngaċ aon áit — ar na luiḃeannaiḃ, ar an ḃfeur glas, aċt níor rángaiḋ aon rud léi a ḋeurfaḋ sí ḋ’oirfeaḋ d’á gearán. Ḃí muisiriún mór ag fás taoiḃ léi a ḃí díreaċ ṫimċeall ċoṁ árd léi féin; agus nuair ḃí sí tar éis feuċaint fé agus ar gaċ taoḃ de ċoṁ maiṫ le taoḃ ṫiar de duḃairt sí léi féin go raiḃ sé ċoṁ maiṫ ḋí feuċaint cad ḃí ar a ḃarr. Ṡeasaiġ sí ar ḃarraí a cos agus d’ḟeuċ sí in áirde ṫar ċiosa an ṁuisiriúin, agus cad a ċífeaḋ sí ann in a ṡuiḋe in áirde ar a ḃarr, a ḋá láiṁ fillte in a ċéile aige agus é ag caiṫeaṁ a ṗíopa dó féin agus gan aon suim aige in Eiḃlís ná in aon rud eile aċt piast cabáiste mór gorm.