Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
36
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

agus cos léi suas ’sa simné; “maran dtaḃar- faiḋ an méid sin aon ḟuasgailt dom,” arsa sí léi féin, “táim taḃarṫa. Ní fios cadé an deireaḋ ḃeiḋ orm.”

Ḃí an t-áḋ léi gur rángaiḋ deireaḋ le draoiḋeaċt an ḃuidéilín níor ṁeudaiġ sí a ṫuille, aċt do ḋuiḃ agus do ṫeann uirre mar ní raiḃ aon ḟaġáil aici teaċt amaċ as an seomra. Níorḃ’ iongnaḋ go raiḃ sí cráiḋte ’na haigne.

“Ba ḋeise go mór ḃí an sceul agam ’sa mbaile, nuair ná bínn ag dul i meud agus ag dul i luiġead mar seo, agus nuair ná bíoḋ sé orm toraḋ ṫaḃairt ar luċa ná ar ċoiníní. B’ḟearr ḋom ná leanfainn riaṁ an coinín sin síos ’sa ṗoll — mar sin féin is iongantaċ an saġas saoġail atá agam. Ní ḟeadar ’sa doṁan ḃraonaċ cad is cor dom. Nuair a ḃínn-se ag léiġeaṁ sceulta i dtaoḃ na “ndaoine maiṫe” baḋ ḋóiġ liom nárḃ ḟéidir a leiṫéid de rudaí ḃeiṫ aṁlaiḋ in aon ċor, aċt feuċ orm féin anois agus na rudaí is iongantaiġe ’sa doṁan ag tuitim amaċ orm. Ba ċeart go ndeunfaí leaḃar orm, ba ċeart sin. Nuair a ḟásfa mé suas im’ ḃean scríoḃfa mé féin leaḃar — aċt, dar ndóiġ, naċ an iomarca fáis atá fúm anois - ḃeaḋ an mí-áḋ ceart orm dá ḃfásfainn a ṫuille, annso, pé sceul é.

“Aċt, mo ḋearṁad, ní ḟeadar an raġa mé in aois a ṫuille? Ba ḋeas é sin in sliġe - gan a ḃeiṫ im’ ṡean-ḃean go deo — aċt in sliġe eile ḃeaḋ an mí-áḋ orm — ḃeaḋ ceaċta le foġluim agam go deo. Níorḃ’ ṁaiṫ liom sin!

“Ó, a ḋuine gan ċiall!” arsaiġ Eiḃlís léi féin (ag teaċt ar aṫ-smaoineaṁ), “conus is