féidir leat ceaċta d’ḟoġluim istiġ annso? Dar ndóiġ, ní ḟuil sliġe ḋuit féin ann, ní áiriġim dod’ leaḃarṫa.”
Lean sí uirre ag ráiméis mar sin léi féin gur airiġ sí guṫ leaṫ is amuiġ, agus ċuir sí cluas uirre féin.
“A Ṁáire Anna! A Ṁáire Anna!” arsaiġ an ġuṫ, “taḃair amaċ mo ṁitíní ċugam gan stad!” Annsin d’airiġ sí lapadáil ḃeag ar an staiḋre. Ḃí a ḟios ag Eiḃlís gurb’ é an Coinín ḃí ag teaċt dá lorg, agus ċrioṫ sí ó ḃonn go baṫas, agus ċrioṫ sí an tiġ le neart faoḃar eagla roiṁ an Ċoinín agus í míle uair, í féin, níos mó agus níos láidre ná é. Níor ċeart go mbeaḋ aon ċúrsaí eagla aici roiṁe.
Ṫáinig an Coinín go dtí an dorus agus ṡíl sé é ċur isteaċ, aċt níor ḟeud sé, mar ḃí uillean Eiḃlís go daingean leaṫ istiġ leis. D’airiġ Eiḃlís é dá ráḋ leis féin go raġaḋ sé ṫimċeall agus go raġaḋ sé isteaċ ’sa ḃfuinneoig.
“Ar ḃfallaing féin ná raġa tú,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, agus d’ḟan sí gur airiġ sí an Coinín fén ḃfuinneoig agus leaṫ sí amaċ a laḋar ċum breiṫ air, mar a ṡíl sí. Ní ḃfuair sí greim ar aon rud, aċt d’airiġ sí cnead agus tuitim agus briseaḋ gloine, agus ċreid sí gur aṁlaiḋ ḃí sé tar éis tuitim isteaċ i mbosca gloine.
Annsin d’airiġ sí an ġuṫ go feargaċ — guṫ an Ċoinín — ag glaoḋaċ amaċ: “A Ṗádraig! A Ṗádraig! Cá ḃfuil tú?” Agus annsin d’airiġ sí guṫ nár airiġ sí roiṁe sin dá ḟreagairt: “Dar ndóiġ ṁuise! táim annso, ag baint uḃal, má is é toil t’onóra uasail é.”