Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/46

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
38
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

"Ag baint uḃal, an eaḋ?” arsaiġ an Coinín, go feargaċ. “Le hanamainn do ṁarḃ tar annso go mear agus fuascail orm.” (D’airiġ Eiḃlís foṫram mar ḃeaḋ gloiní ag briseaḋ arís.)

“Innis dom, a Ṗádraig, cadé an rud é sin ’sa ḃfuinneoig?”

“Geug é sin, dar ndóiġ, a Ṁáiġistir.”

“Geug!!! a ṗleiḋce amadáin! Dar ndóiġ, ní ḟaca Críostuiḋe riaṁ geug ċoṁ mór léis sin. Ná feiceann tú go ḃfuil lán na fuinneoige ann!”

“Tá, lán na fuinneoige ann, ṁuise, a Ṁáiġistir; mar sin féin geug is eaḋ é.”

“Ní ḟuil aon ġnó aici annsin pé sceul é: teiġre, agus caiṫ as í an nómant so!”

Ḃí gaċ aon rud go ciúin ar feaḋ scaiṫiṁ in a ḋiaiḋ sin, agus níor airiġ Eiḃlís aċt cogar anois agus arís mar seo: “Ní maiṫ liom é ḋeunaṁ, a ċuigint ná in aon ċor, a Ṁáiġistir!” “Déin mar adeir mé leat, a ṡuarṫamáin lag-ċroiḋeaċ!” ’Sa deireaḋ ċuir Eiḃlís a láṁ amaċ arís agus ṫug sí snab eile feuċaint an rángóċaḋ dí breiṫ ar aon rud. Ċuir rud éigin gníġeala as, agus d’airiġ sí na gloiní dá mbriseaḋ arís. “Naċ fairsing tá na boscaí gloine aca,” arsaiġ Eiḃlís léi féin. “Ní ḟeadar fén doṁan cadé an ċeud rud eile ḋeunfaiḋ siad! Níorḃ’ ḟearr liom rud a ḋeunfaidís ná mé a stracaḋ amaċ as so! Is beag a ḟonn atá orm fuireaċ ann níos sia!”

Ḃí gaċ aon rud ciúin annsin arís ar feaḋ scaiṫiṁ eile gur airiġeaḋ foṫram mar ḃeaḋ ag roṫa cairte agus daoine ag siosma agus ag caint le n-a ċéile. Ṫuig Eiḃlís an ċaint;