Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/49

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
41
I dTÍR NA nIONGANTAS

féin, agus le n-a linn sin ċaiṫ sí speaċ ḃeag agus ċuir sí cluas uirre féin feuċaint cadé an ċeud rud eile d’aireoċ’ sí.

D’airiġ sí iad go léir d’aon ġuṫ ag glaoḋaċ amaċ: “Feuċ Taḋg! Sin é Taḋg in áirde san aer!” Agus d’airiġ sí an Coinín ag glaoḋaċ in aoirde a ċinn agus a ġuṫa: “Beiriḋ air, siḃse tá annsin cois an ċlaiḋe.” Ḃí gaċ aon rud ciúin annsin ar feaḋ scaiṫiṁín aċt ba ġairid gur éiriġ an ġeoin cainte arís: “Coimeád siar a ċeann. — Cá ḃfuil an braindí? - Ná taċtaiḋ é. — Is eaḋ, a ḋuine ḃoiċt, ċonnaic tú Murċaḋ! — Cad a ḃain duit in aon ċor? Innis dúinn cad ba ċor duit?”

I ndeireaḋ na scríbe d’airiġ sí gniġeala beag lag ("Sin é Taḋg,” arsaiġ Eiḃlís léi féin) á ráḋ: “Ḃeil, is ar éigin atá a ḟios ḃeiḋ a ṫuille agam anois, go raiḃ maiṫ agaiḃ. — Táim roinnt níos fearr anois. - Aċt táim rud beag ró ċorruiġṫe ċum a innsint díḃ — aċt an méid seo ḋe, go ḃfuil a ḟios agam gur ḃuail rud éigin ṫiar ar bun na droma mé a ċuir in áirde is na feilimintíḃ mé!”

“Ċuir, a ḋuine ḃoiċt,” arsa siad go léir.

“Caiṫfear an tiġ a ḋóġaḋ,” arsaiġ an Coinín.

“Dar mise, ṁuise,” arsaiġ Eiḃlís, “má ḋéintear go gcuirfead-sa Pingcín ’sa mullaiġ oraiḃ.”

Níor ḃeag sin; níor ḟan focal aca. “Ní ḟeadar cad a ḋeunfaiḋ siad anois,” arsaiġ Eiḃlís léi féin. “Dá mbeaḋ ciall aca ḃain- fidís an ceann den tiġ.” I gceann tamaillín eile ṫosnuiġeadar ag siuḃal ṫimċeall agus ag