Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/42

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
34
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

sí an gaoṫaċán agus peiḋre de na mitíní, agus díreaċ agus í ċum an seomra d’ḟágaint cad air a leagfaḋ sí a súil aċt ar ḃuidéilín beag ḃí ’na ṡeasaṁ gairid don scaoṫán. Ní raiḃ aon ċoṁarṫaí sórt ag gaḃáil leis an mbuidéilín seo ná ní raiḃ na focail “ÓL MÉ” scríoḃṫa leaṫ is amuiġ air, aċt mar sin féin ḃain sí an corc as agus ċuir sí ċum a Béil é. “Tá a ḟios agam go maiṫ anois go mbaineann rud éigin iongantaċ dom gaċ aon uair a iṫim nó a ólaim aon rud,” arsaiġ Eiḃlís léi féin; “is eaḋ, má is eaḋ, beiḋ a ḟios agam cad a ḋeunfaiḋ an buideul so liom. B’ḟearr liom ná aon rud go gcuirfeaḋ sé toirt éigin arís ionnam; táim ag éiriġe tuirseaċ ó ḃeiṫ ċoṁ beag so.”

Agus marar ċuir an buideul i meud í ní lá fós é, agus níos mire ná mar ḃí coinne aici leis; fé raiḃ leaṫ an ḃuidéilín diúgṫa aici ḃí a ceann ináirde go dtí an síleáil agus muireaċ ċoṁ luaṫ agus do ċaiṫ sí uaiṫe é ḃí a muineul cnagṫa. “Is leor san,” arsa sí léi féin, “tá coinne agam ná fásfa mé a ṫuille; ní ḃeiḋ mé ábalta ar ḋul amaċ ’sa dorus ċeana féin — naċ orm a ḃí an mí-áḋ agus an oiread sin de d’ól.”

Oḃoċ! mo ċreaċ! ba ṁairg dí nár ċuiṁniġ sí uirre féin níos túisce! Ḃí sí ag fás agus ag fás gur ċaiṫ sí dul ar a glúine síos ar an úrlár; agus ’sa ċeud nómant eile ní raiḃ sliġe aici mar sin féin. Ċuir sí uillean léi i gcoinne an duiris agus ċas sí an geug eile léi ṫimċeall ar a ceann; aċt Ba ṁar a ċéile é, ḃí sí ag fás i gcoṁnuiḋe. Aċt i ndeireaḋ na dála rop sí láṁ léi amaċ ’sa ḃfuinneoig