buaḋċain ort.” “Dún do ḃeul, a ṁam,” arsaiġ an portán óg, “dar ndóiġ, ní ḃfuiġfeaḋ an t-oisire féin cur suas leat-sa!”
“B’ḟearr liom ná aon rud,” arsaiġ Eiḃlís léi féin (aċt árd go leor go n-aireofaí í), “go mbeaḋ Pingcín seo againne annso in ár measc, b’ḟearr sin; is í a ḃeurfaḋ ṫar n-ais an luċ úd, agus gan a ḃeiṫ i ḃfad ar a ṫí aċt an oiread.”
“Agus cé hí Pingcín, dála an scéil?” arsaiġ an fiolar, “maran misde ḋom a ḟiaḟraiġe.”
Ṫug Eiḃlís freagra air gan stad, mar ḃíoḋ áṫas uirre i gcoṁnuiḋe a ḃeiṫ ag caint i dtaoḃ a peata beag féin.
“Pingcín, ár gcat-na; ní ḟuil aon rud le buaḋċain uirre ċum breiṫ ar luċ. Baḋ ṁaiṫ liom dá ḃfeiceoṫá í ag fiaḋaċ na n-eun. Ḃeaḋ beirṫe aici ar aon ċeann aca an ḟaid ḃeifeá ag feuċaint ṫimċeall ort.”
Ḃain an ċaint so preab as an gcuideaċtain. Ċuir cuid de na héin díoḃ gan a ṫuille moille; agus sean-ṁeag a ḃí ann ċrom sé ag dúnaḋ ċuige isteaċ a ḋá sciaṫán ċoṁ baileaċ agus ab’ ḟéidir leis: “Tá sé in am doṁsa a ḃeiṫ ag cur peútar díom, ní réiḋeann aer na hoiḋċe lem’ scórnaċ.” Do ġlaoiḋ an canáire amaċ ar a ċlainn féin agus ṫeasbáin a ċaint go raiḃ sé go heaglaċ: “Tagaiḋ aḃaile, a ċlann ó, tá sé in am agaiḃ a ḃeiṫ in ḃúr gcodlaḋ!” D’imṫiġ gaċ aoinne aca ċum siuḃail mar sin in a nduine agus in a nduine — gaċ duine aca agus a leaṫ-sceul féin aige. Ba ġairid gur fágaḋ Eiḃlís léi féin.
“Ó, ṁuise, b’ḟearr liom ná aon rud ná