Page:Eachtradh Eibhlís i dTír na nlongantas - Ó Cadhla.djvu/34

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
26
EAĊTRAḊ EIḂLÍS

Ḋein sé sórt cearcaill an ċeud uair (duḃairt sé gur ċuma cadé an deunaṁ ḃeaḋ air); cuireaḋ an ċuideaċta go léir in a seasaṁ ṫall agus aḃus annso agus annsúd ar feaḋ an ċúrsa. Ní duḃairt aoinne “a haon, a dó, a’s a trí,” ná, “fág an bealaċ"; aċt ṫosnuiġ gaċ aoinne nuair ba ṁaiṫ leis agus stad sé nuair ba ṁaiṫ leis. Baḋ ḋeacair a ráḋ caiṫin ḃeaḋ an rás críoċnuiġṫe.

Nuair ḃíodar ṫimċeall leaṫ-uair a ċluig ag gaḃáil dó mar sin, agus nuair ḃíodar go léir ċoṁ tirim agus a ḃíodar riaṁ ġlaoiḋ an gobadán amaċ i gcoṁ-árd a ċinn a’s a ġuṫa: “Tá an rás críoċnuiġṫe.” Rioṫ gaċ aoinne isteaċ ṫimċeall air, agus a dteanga amuiġ aca agus iad á ḟiaḟruiġe, “Cia ġaiḃ, cia ġaiḃ?”

Ní ḃfuair an gobadán freagra a ṫaḃairt ar an gceist sin gan mórán meaḃruġaḋ agus maranna. Ḃí sé in a ṡeasaṁ annsin ar feaḋ i ḃfad agus a ṁeur leagṫa ar a eudan aige (ar an ḃfuitinn ceudna a’s a ċíonn tú Fionán Mac Coluim insna peictiúirí). Ḃí an ċuid eile in a seasaṁ ṫimċeall ar feaḋ na haimsire agus gan giug asta. I ndeireaḋ ṫiar ṫall ṫáinig a ċaint dó agus aduḃairt sé, “Tá an buaiḋ ag gaċ aoinne agus caiṫfiḋ gaċ aoinne duais d’ḟaġáil.”

“Aċt cé ṫaḃarfaiḋ amaċ na duaiseanna?” arsaiġ gaċ aoinne d’aon ġuṫ.

“An ḃean uasal, dar ndóiġ,” arsaiġ an gobadán, ag tagairt d’Eiḃlís, agus ḃailiġ gaċ aoinne ṫimċeall uirre agus iad go léir ag caint in aon ḋiúra-ḋeaḃra aṁáin agus ag glaoḋaċ amaċ. “Duaiseanna! duaiseanna!”

Ní raiḃ a ḟios ag Eiḃlís sa doṁan ḃraonaċ