est ma ċatte?” arsaiġ sí leis an luiċín. Sin é an ċeud abairt a ḟoġluimiġ sí as an leaḃar Frainncíse ḃí aici. Ṫug an luiċín léim as a caḃail ’san uisce agus í go léir ar ḃall-criṫ le heagla. “Ó, gaḃaim párdún agat,” arsaiġ Eiḃlís go hobann, mar ṡíl sí go raiḃ sí tar éis rud a ráḋ a ġoill uirre. “Ḋearṁad mé go raiḃ an ġráin agat ar ċait.”
“An ġráin agam ar ċait, an eaḋ!” arsaiġ an luċ de screuċ. “Dá mba ṫusa mise ní ḟeadar an mbeaḋ an ġráin ar ċait agat.”
“Béidir ná beaḋ, ṁuise,” arsaiġ Eiḃlís, ag caint go plámásaċ léi, “aċt ná bíoḋ aon olc ort in a ṫaoḃ. Do b’ḟearr liom ná aon rud go ḃfuiġfinn ár gcat-na, Pingcín, a ṫeasbáint duit: is dóiġ liom go dtiocfaḋ rud agat le cait dá ḃfeiceoċṫá í sin. ’Sí an caitín beag is laiġċe agus is macánta a ċonnaic tú id ṡaoġal riaṁ í.” Ḃí Eiḃlís ag rangḃáil cainte léi féin mar so agus í ag snáṁ ar a marṫainn ṫimċeall an loċa agus an luċ ag éisteaċt. “Baḋ ḋeas leat feuċaint uirre ’na suiḋe cois na teine agus í ag crónán dí féin, í ag líġe a lapa beag agus ag niġe a haġaiḋ — agus, ó, Baḋ ḋeas leat a ḃeiṫ in a feiḋil, agus ṫá sí go hiongantaċ ċum luċ a ṁarḃaḋ — Ó, gaḃaim párdún agat!” arsaiġ Eiḃlís arís. Ḃí an fionnaḋ in a ṡeasaṁ ar ḋrom an luiċín, agus tuig an leanḃ boċt nár ṫaiṫniġ an ċaint sin léi. “Caiṫimís uainn é mar sceul nuair ná taiṫniġeann sé leat.”
“Caiṫimís uainn é, an eaḋ!” arsaiġ an luċ, agus gaċ aon ṗioc di ag crioṫ siar go dtí a hiarball “Mise ag caint ar ḋaoine dá leiṫéidí sin! Ḃí an ġráin ṁarḃ riaṁ ag mo