annso ṫíos nárḃ’ iongnaḋ liom dá mbeaḋ caint aici. In aon tsliġe ní haon díoġḃáil dom iarraċt a ḃaint as.” Ṫosnuiġ sí: “A luiċín, a ċroiḋe na páirte, an ḃfuil a ḟios agat aon tsliġe amaċ as an loċ so. Tá mé corṫa ó ḃeiṫ ag snáṁ ṫimċeall annso, a luiċín!” (Ṡíl Eiḃlís gur mar so baḋ ċóir laḃairt le luċ; níor ḋein sí a leiṫéid roiṁe sin ċeana, aċt ba ċuiṁin léi go ḃfaca sí i leaḃar Gramadaiġe le n-a dearḃráṫair: “Luċ — luiċe — do luiċ — luċ — a luċ!") D’ḟeuċ an luċ uirre díreaċ mar a ḃeaḋ sí ċum a ráḋ léi: “Naċ fiosraċ aṫá tú, a ċailiċín,” agus ḋún an luiċín súil léi, aċt ní duḃairt sí dada.
“Béidir,” arsaiġ Eiḃlís léi féin, “ná tuigeann sí Gaeḋealg in aon ċor; gaḃaim-se orm gur luċ ó’n ḃFrainnc í a ṫáinig i leiṫ le Muintir De La Poer.” (Tar éis an méid stáire go léir ḃí ag Eiḃlís, ní ró ċruinn a ḃí a ḟios aici caiṫin a ṫuit aon rud amaċ.) “Où