d’uisce in a loċ ṁór ṫimċeall ar an áit a raiḃ sí ’na seasaṁ agus síos leaṫ an halla.
I gcionn tamall d’airiġ sí na coisíní beaga ag lapadáil tamall uaiṫe, ṫiormaiġ sí a súile, agus d’ḟeuċ sí cé ḃí ag teaċt. Cad a ḃeaḋ ann aċt an Coinín Gléigeal ag casaḋ ṫar n-ais agus culaiṫ ḃreáġ eudaiġ air, mitíní bána de ċroiceann mionáin in láiṁ leis agus gaoṫaċán ’sa láiṁ eile: ḃí sé ag teaċt ag sodar agus féirsce fé, agus é ag caint leis féin: “An ḃaintiġearna! an ḃaintiġearna! naċ í ḃeiḋ ar buile má ḃíonn sí ag fuireaċ liom.” Ḃí Eiḃlís ḃoċt ċoṁ mór sin tré n-a ċéile go raġaḋ sí in aṫċuinġe ar aoinne teaċt i gcaḃair uirre, agus nuair a ṫáinig an Coinín gairid dí ṫosnuiġ sí: “Má’s é do ṫoil é, a ḋuine uasail …” Baineaḋ preab uaṫḃásaċ as an gCoinín, ṫuit na mitíní bána uaiḋ agus an gaoṫaċán, agus as go bráṫ leis ċoṁ mear agus ab’ ḟéidir leis talaṁ a ḃualaḋ gur imṫiġ sé as a raḋarc.
Ṫóg Eiḃlís suas na mitíní agus an gaoṫaċán, agus ós rud é go raiḃ an halla ċoṁ broṫallaċ sin ḃí sí dá fionnḟuaraḋ féin agus ag caint léi féin! “Dia lem’ anam! Dia lem’ anam! naċ ait atá gaċ aon rud ag iompó amaċ indiu! Indé ḃí gaċ aon rud mar ba ġnáṫ. Ní ḟeadar an insan oiḋċe d’aṫaruiġeaḋ mé. Fan leat: An mar seo ḃí mé ag éiriġe ḋom ar maidin? Ba ḋóiġ liom naċ mar seo ḃraiṫ mé me féin. Aċt maran mé an duine ceudna cé hé me, má is eaḋ? Sin í an ḟaḋb!” Agus ċrom sí ag cuiṁneaṁ agus ag maranna ar na leanḃaí go léir a raiḃ aiṫne aici orra, a coṁ-aois féin, feuċaint an aoinne aca í.