Séadna/19

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 19
[ 160 ]
CAIBIDIOL A NAOIDEUG.

Ní raibh Diarmuid sa dorus rómpa. Bhí an dorus dúnta. D’osgaladar é agus chuadar isteach. Ní fheacadar Sadhbh ná Diarmuid. Bhí sean bhean iasachta ’na suidhe i n-aice na teine. Thóg sí a ceann agus d’fheuch sí ortha agus chrom sí airís é gan labhairt. Bhí aithne acu uirthi. Cómharsa dob’ eadh í. Pails Bhodhar a tugtaí uirthi, ach má ’seadh ní ró bhodhar do bhí sí, ach bhí sí ana ríghin.

“Cá bhfuil fear an tígh, a Phails?” arsa Cormac.

“Tá sé gan bheith ar fóghnamh,” ar sise, go ríghin.

“An bhfuil sé ’na luíghe?” arsa Cormac.

“Tá,” ar sise, “agus Máire ’nghean Airt ag tabhairt aire dhó.”

Le n-a linn sin d’osgail an bhean fhriotháilte dorus an tseómra. “Dé bhúr mbeatha-sa!” ar sise.

“Cad ’tá ar an nduine seo, a Mháire?” arsa Cormac.

“Tá eagal orm, a Chormaic,” ar sise, “gur taom beag éagcruais atá air. Slán beó mar a n-innstear é! Do buaileadh breóite lar na mháireach lae an aonaigh é, nuair a fuair sé go raibh Sadhbh imthighthe. Nuair airigh an sagart an t-éirleach a dhéineadar na bitheamhnaigh úd ar an aonach do tháinig sé féin anso, agus nuair a fuair sé Diarmuid ’na luíghe agus gan duine ann do shínfeadh deoch chuige, do chuir sé fios orm-sa agus do thánag.”

“Ar mhisde dhúinn dul isteach ’ghá fheuchaint?” arsa Séadna.

“Ach, ní misde, ní misde,” ar sise.

Bhí Cormac istigh cheana féin, gan chead. [ 161 ]

Síle.— Ní dhéanfainn dabht dhé!

Peig.— “Cad é an sgéal é, a Dhiarmuid?” arsa Cormac.

“Dein t’iaraidh thort!” arsa Diarmuid. “Cár fhágais í?” ar seisean. “Ar rug sé uait í?” ar seisean. “Is meathta an fear tú agus í leigint leis.”

“Tá sé ar an gcuma san ó thánag,” arsa ’n bhean fhriotháilte. “Ní stadan a bheul ach ag cur thré chéile.”

“An aithnighean tú mé, a Dhiarmuid?” arsa Séadna.

“An aithnighim thú! Tá sé chómh ceart agam-sa tusa d’aithint agus tá sé agat-sa mise d’aithint. Tá sé chómh ceart agat-sa mise d’aithint agus tá sé agam-sa tusa d’aithint. Tá sé chómh ceart agam-sa tusa d’aithint agus tá sé agat-sa mise d’aithint——” Thiomáin sé leis ag filleadh agus ag ath-fhilleadh ar na focalaibh céadna ar an gcuma san, ’ghá gcasadh gach re dturus, agus nuair théidheadh tuitim focail air, nó gan an casadh do dhéanamh cruinn do réir a chéile, théidheadh sé siar ar an gcaint go dtí go mbíodh a aigne sásta ar í a bheith do réir a chéile aige. Ansan do ghéaruigheadh sé uirthi i dtreó gur dhóich leat gur geall a bhíodh curtha aige feuchaint an ’mó uair a fhéadfadh sé na focail do rádh as a chéile gan a anál do tharang. Théidheadh sé chómh dian san air féin gur dhóich leat go dtachtfadh sé é féin le h-easba análach. I gcionn tamaill do stad sé de na ruthagaibh cainte sin agus d’fheuch sé anonn i gcúinne an tseómra.

“Is mór an náire dhaoibh go léir é!” ar seisean. “Siné an fear bocht san thall agus a cheann d’á sgoltadh le teinneas agus ná feuchfadh aoinne agaibh ’na dhiaigh!”

Síle.— Cé’r bh’é sin, a Pheig?

Peig.— Ní raibh aoinne ann, a Shíle, ach na speabhraídí do bheith ar an bhfear mbocht.

[ 162 ]

Cáit.— Is dóichíghe gur ’na cheann féin a bhí an teinneas.

Peig.— ’Na cheann féin, cad eile?

Cáit.— Am briathar go bhfeaca-sa Séamus so againne ar an gcuma gcéadna fadó, nuair a bhí an mhéar theinn aige. An órdóg chlé, órdóg a láimhe, isí ’bhí teinn. Tháinig speabhraídí air le neart an teinnis agus bhíodh sé ag glaodhach ar mo mháthair agus ar Neill, agus ’ghá iaraidh ortha “feuchaint i ndiaigh an gharsúin úd thall sa chúinne, mar go raibh órdóg ana theinn aige.”

Nóra.— Seadh ansan tú, a Pheig.

Peig.— D’fhanadar tamall maith ag éisteacht leis ach do theip ortha aon chaint bhunúsach d’fhághail as.

“Cad é do mheas air, a Mháire?” arsa Séadna leis an mnaoi fhriotháilte.

“Ní h-é mo thuairim go bhfuil aon bhaoghal air,” ar sise. “Is cómhartha maith ar an mbreóiteacht na speabhraídí do bheith chómh h-anamamhail. Ní bhraithim aon mhairbhitíghe air. Bíon tart air, ach ní tart ró mhór é, agus tá meidhg maith dhá bhainne agam d’á thabhairt dó.”

Thánadar amach as an seómra.

“An bhfuil aon tuairisg ar Shadhbh?” arsa Séadna, “nó an bhfuil aon fhios ag aoinne air cad é an treó baill ’nar thug sí a h-aghaidh?”

“Ní fheacaidh aoinne ag imtheacht í ach Pails anso,” arsa an bhean fhriotháilte. “Bhí Pails amuich ar eirghe lae, lar na mháireach lae an aonaigh. Thug obair na mbitheamhnach, agus an toirmeasg a lean é, oídhche chollóideach do’n mhnaoi bhocht. Bhí sí ’na suídhe lasmuich de dhorus an bhotháin bhig ar an amhsgarnach. Chonaic sí an bhean ag imtheacht ón dtigh seo agus í ar a cromruathar agus caipín a clóca ar a ceann aici. Cá [ 163 ]dtabharfadh sí a h-aghaidh ach ar an mbothán agus gan aon choinne aici Pails do bheith ’na suídhe chómh moch. Níor thug sí Pails fé ndeara go dtí go raibh sí buailte léi. D’fheuchadar ar a chéile. Níor labhair aoinne acu. Is anamh a labhran Pails ach nuair labharthar léi, agus an uair sin féin ní ró thapaidh chuige í. Chuir Sadhbh an bóthar soir ó thuaidh di, ar a cromruathar, bóthar an bhaile mhóir. Ní feacathas ó shin í beó ’ná marbh, agus níor airigheas go bhfeacaidh aoinne eile í an mhaidion san ach Pails anso.”

“Cad ’na thaobh nár labhrais léi, a Phails?” arsa Cormac.

“Mhaise, ní fheadar,” arsa Pails, go ríghin.

“Chómh siúrálta agus atá bianna ar mhaide bacaigh,” arsa Cormac, “is i ndiaigh an tSíogaidhe atá sí imthighthe agus ní le grádh dhó é, ’ná mar mhaithe leis. Is iomdha cleas glic do dhéin sé i gcaitheamh a shaoghail, ach bheirim mo lámh a’s mh’ fhocal dó gurab é cleas is teinne dhó d’ár dhéin sé riamh an bob a bhuail sé ar Shadhbh lá an aonaigh. Má’s ’na dhiaigh atá sí imthighthe, agus iseadh, dá dtéidheadh sé isteach i bpoll tráthair i bhfolach uaithi ní dhéanfaidh sé an gnó dhó. Tiocfaidh sí siúd suas leis agus cuirfidh sí carabhat caol air, chómh siúrálta agus atá sgórnach air. Bain an chluas anuas ó’n gceann díom mura gcuiridh. Is dóich liom dá mbéadh a fhios aige cad é an saghas í go ngeabhadh sé tháirse. Tá sé déanach anois aige.”

“Éist, a Chormaic, éist!” arsa ’n bhean fhriotháilte. “Ná bí ag magadh fút féin. Cad é an gnó bhéadh ag Sadhbh go dtí an baile mór? Cad fhéadfadh sí dhéanamh ann? Cia air go bhfuil aithne aici ann? Conus gheabhadh sí eólus tríd an gcathair sin, ná raibh sí riamh i ngioracht céad míle dhi? Agus gur dócha ná fuil oiread agus [ 164 ]poll francaigh ná go bhfuil aithne aige siúd air, i n-aon bhall sa bhaile mhór. Bíodh orm-sa má mhothuíghean sé ’na dhiaigh í go gcuirfidh sé féin, nó duine éigin uaidh, deire léi go tapaidh——, má ’s ann a thug sí a h-aghaidh, agus dar ndóich ní dócha gurab ann, nídh nach iongnadh.”

“Fan leat go fóil,” arsa Cormac. “Ní bhéarfadh aon ghnó eile ó’n mbaile í ach chun é siúd d’fhiadhach agus do thabhairt chun lámha. An gníomh do dhéin sé uirthi féin agus ar a h-athair, níor déineadh is dócha le cuimhne aoinne atá suas a leithéid eile de ghníomh, le gráinneamhlacht agus le spriúnlaitheacht agus le h-éagcóir. D’fhulaingeóchadh sí í ghearadh ’na miotaibh beaga sul a’ leigfeadh sí i n-aisge leis é, nídh nach locht uirthi.”

“Dhe ’gus, a dhuine an chroídhe ’stigh, má tá sé chómh buailte sin isteach ad’ aigne go bhfuil sí imthighthe ar an inntinn sin, cad ’na thaobh ná preaban tú láithreach agus í do leanmhaint?” arsa ’n bhean fhriotháilte.

“Preabfad, ná bíodh eagal ort,” ar seisean. “Ní raibh uaim ach a fhios a bheith agam cár thug sí a h-aghaidh. Is dócha go bhfanfair-se anso go dtí go mbéidh an duine seo ag teacht chuige féin, nó an chuid is lúgha dhe, ar láimh shábhála.”

“Fanfad,” ar sise. “Dúbhairt an sagart liom fanamhaint.”

“Agus, a Shéadna,” ar seisean, “mura bhfuil aon bhruid ort-sa ná béadh sé chómh maith agat gluaiseacht i n-aonfheacht liom?”

“Ní gádh san,” arsa Séadna. “Tá bhur ndóithin agaibh féin ann.”

“Tá a fhios agam,” arsa Cormac, “gur mhaith le muíntir an rígh aithne do chur ort, agus go mb’fhéidir [ 165 ]gur bh’fhuirisde slígh mhaireachtaint do dhéanamh amach ann duit ba thairbhíghe ’ná an ghréasaidheacht.”

“Déanfaidh an ghréasaidheacht an gnó go ceann tamaill eile,” arsa Séadna.

“Seadh! go dtugaidh Dia lá maith dhaoibh go léir!” arsa Cormac. “Is tapaidh an ghluaiseacht agam airís é, gan fiú ceó an bhóthair do bhaint de m’ brógaibh. Is truagh gan a bhfuil de chladhairíbh bitheamhnach i n-Éirinn in aon téid amháin agam, ar aon chroich amháin. Is mé a thabharfadh an fásgadh dhóibh! Bheadh suaimhneas ansan againn ar feadh tamaill.”

“Bhéadh punan mhór agat!” arsa ’n bhean fhriotháilte.

Síle.— A thiarcais! a Pheig, ní fheadar an amhlaidh nár chuimhin leis an bhreab.

Peig.— Cad í an bhreab, a Shíle, a chuid?

Síle.— An bhreab úd a thoilidh sé a ghlacadh ar sheilbh tíghe na baintríghe, nuair a bhí sé ’ghá cur amach agus gan an cíos aici dhó, gur thug Séadna dhi é.

Peig.— Ní fheadar ’n tsaoghal, a Shíle. Is minic droch chuimhne ag daoinibh ar an rud nach maith leó cuimhne do choimeád air.

Síle.— Ba chóir go mbéadh náire air.

Peig.— Do dhuine gan náire is usa a ghnó a dhéanamh.

Síle.— B’fhéidir é. Ach ní mholaim iad, mar dhaoine gan náire. Is fearr go mór a thiocfadh sé dhó a bheul d’éisteacht, agus gan bheith ag déanamh trosgaidh an chait cheann-fhinn ar an mbitheamhantas.

Gobnait.— Is amhlaidh mar bhí an sgéal aige, díreach mar bhí ag an bhfear úd i gCill Áirne agus é ag dul sa bhruíghin. Bhí caincín mór ramhar air mar bhí ar Chormac. “Bachall” a bhíodh ag daoinibh mar leasainim air, mar gheall ar an gcaincín. Ghlaoidh a athair air agus é ag dul isteach sa choímheasgar. [ 166 ]“A Dhómhnaill, a mhic ó,” arsa ’n t-athair, “brostaigh agus tabhair ‘bachall’ ar dhuine éigin sul a’ dtabharfaí ort é.” B’ shin é a úrdhálta ag Cormac. Cheap sé ná raibh aon tslígh b’fhearr ’na rachadh sé féin ó ainim an bhitheamhnaigh do thabhairt air ’ná é féin do thabhairt ainime an bhitheamhnaigh ar dhuine éigin eile.

Síle.— Agus dar ndóich, a Pheig, ní shaorfadh san é. Ná féadfaí é thabhairt air féin ’na dhiaigh san chómh maith agus dá mba ná tabharfadh sé ar aoinne é?

Peig.— Is dócha gur mhór an nídh leis tusach do bheith aige féin ar an sgéal, an chéad urchur do bheith aige, gan bheith thíos ar an gcéad bhearnain. Agus cad déarfadh na daoine ach nár bh’fholáir nó nár ghádh dhó féin aon eagla do bheith aige roimis an ainim, óir, dá mba ghádh, go seachnóchadh sé trácht air.

Cáit.— Is dócha gur bh’ shiné an úrdhálta ag Donchadh beag nuair a ghoid sé sgian Shéamuis. Ní raibh aoinne ba ghéire ag cuardach ’ná é féin agus í istigh ’na phóca aige, an spreallairín!

Síle.— Conus a fuaradh í, a Cháit?

Cáit.— Mise a thug fé ndeara í sa phóca. Bhí an póca ar sileadh lasmuich dá chasóig aige, mar bhéadh máilín na bpiast. Bhuaileas-sa mo lámh ar an máilín agus bhí an sgian istigh ann.

Síle.— An fear bocht! Is tú a bhain an phreab as.

Cáit.— Abair é! D’iompuigh a lith ann agus chrom sé ar ghol.

Síle.— Ar díbreadh é?

Cáit.— Níor díbreadh. Do chosain Neill é. Dúbhairt sí gurab amhlaidh a chuir duine éigin an sgian sa phóca a gan fhios dó, mar spórt, agus dúbhairt mo dhaid go raibh an ceart aici.

[ 167 ]

Gobnait.— Cheap sé, ach a leigint air bheith ’ghá cuardach ar a dhícheal nár bhaoghal go mbéadh a h-amhras air féin. Airiú, nár mhaith é!

Peig.— Mhaise, ní raibh ann ach leanbh, a Ghobnait. Ní raibh aon chiall aige. Agus is dócha nár bh’fhiú puínn an sgian.

Cáit.— Níor bh’fhiú. Agus isé rud a dhéin Séamus ansan ’ná í bhronnadh air, agus bhíos-sa ar buile chuige. B’fhearr liom í a chaitheamh sa teine ná í a thabhairt dó, agus an feall beag aige d’á dhéanamh chómh gasda. D’á luíghead í, b’ fhéidir, dá ruitheadh leis, go mbéadh a h-amhras ar dhuine éigin eile, agus feuch ansan nach deas an obair a bhéadh déanta aige.

Peig.— Is fíor dhuit sin, a Cháit, “Is fada siar é iarsma an droich bhirt.”

Gobnait.— Mhaise, beannacht Dé le h-anaman do mharbh, a Pheig, agus comáin leat ar an sgéal! Choimeádfaidís sin ansan tú go maidin amáireach ag caint agus ag áiteamh agus ag abhcóidigheacht agus ag cur thré chéile.

Nóra.— Agus dar ndóich, a Ghobnait, ní rabhais féin gan do chion de’n abhcóidigheacht agat; níor leigis leó ar fad é.

Peig.— Do ghluais Cormac airís, “gan ceó an bhóthair do bhaint d’á bhrógaibh,” a ndúbhairt sé féin. Nuair a bhí sé imthighthe do chuaidh Séadna isteach sa tseómra airís mar a raibh an duine breóite.

“Is fada go dtánaís,” arsa Diarmuid. “Isé an cleamhnas ó Shamhain go Bealtaine agat é. Bhéadh leath na dúithe pósda an fhaid atáir ag gabháil dó. Cá bhfuil sí anois? Bhí sí ansan ó chianaibh. Is fearr bean ’ná spré. Cailín ciúin ciallmhar ach gan fearg do chur [ 168 ]uirthi. Ó! faire fút! ná buail! Airiú greadadh chúgat, ná buail! Feuch air sin!”

“An bhfuil aon airgead sa tigh?” arsa Séadna leis a mnaoi fhriotháilte.

“Oiread a’s leathphingin ruadh!” ar sise.

“Seo,” ar seisean. “Do fuaras raint leathair uaidh an lá fé dheire. Tá sé chómh maith agam díol as anois,” agus do shín sé suim airgid chuici.

Caibidiol 19