Page:Seadna.djvu/172

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
168
SÉADNA

uirthi. Ó! faire fút! ná buail! Airiú greadadh chúgat, ná buail! Feuch air sin!”

“An bhfuil aon airgead sa tigh?” arsa Séadna leis a mnaoi fhriotháilte.

“Oiread a’s leathphingin ruadh!” ar sise.

“Seo,” ar seisean. “Do fuaras raint leathair uaidh an lá fé dheire. Tá sé chómh maith agam díol as anois,” agus do shín sé suim airgid chuici.