Jump to content

Page:Seadna.djvu/171

From Wikisource
This page has been validated.
167
SÉADNA

Gobnait.— Cheap sé, ach a leigint air bheith ’ghá cuardach ar a dhícheal nár bhaoghal go mbéadh a h-amhras air féin. Airiú, nár mhaith é!

Peig.— Mhaise, ní raibh ann ach leanbh, a Ghobnait. Ní raibh aon chiall aige. Agus is dócha nár bh’fhiú puínn an sgian.

Cáit.— Níor bh’fhiú. Agus isé rud a dhéin Séamus ansan ’ná í bhronnadh air, agus bhíos-sa ar buile chuige. B’fhearr liom í a chaitheamh sa teine ná í a thabhairt dó, agus an feall beag aige d’á dhéanamh chómh gasda. D’á luíghead í, b’ fhéidir, dá ruitheadh leis, go mbéadh a h-amhras ar dhuine éigin eile, agus feuch ansan nach deas an obair a bhéadh déanta aige.

Peig.— Is fíor dhuit sin, a Cháit, “Is fada siar é iarsma an droich bhirt.”

Gobnait.— Mhaise, beannacht Dé le h-anaman do mharbh, a Pheig, agus comáin leat ar an sgéal! Choimeádfaidís sin ansan tú go maidin amáireach ag caint agus ag áiteamh agus ag abhcóidigheacht agus ag cur thré chéile.

Nóra.— Agus dar ndóich, a Ghobnait, ní rabhais féin gan do chion de’n abhcóidigheacht agat; níor leigis leó ar fad é.

Peig.— Do ghluais Cormac airís, “gan ceó an bhóthair do bhaint d’á bhrógaibh,” a ndúbhairt sé féin. Nuair a bhí sé imthighthe do chuaidh Séadna isteach sa tseómra airís mar a raibh an duine breóite.

“Is fada go dtánaís,” arsa Diarmuid. “Isé an cleamhnas ó Shamhain go Bealtaine agat é. Bhéadh leath na dúithe pósda an fhaid atáir ag gabháil dó. Cá bhfuil sí anois? Bhí sí ansan ó chianaibh. Is fearr bean ’ná spré. Cailín ciúin ciallmhar ach gan fearg do chur