Jump to content

Page:Seadna.djvu/173

From Wikisource
This page has been validated.
169
SÉADNA
CAIBIDIOL A FICHE.

Tháinig Séadna lar na mháireach feuchaint conus bhí an duine breóite, agus do rug sé leis tuille de’n leathar a bhí sa tsiopa agus do dhíol as. Ba mhaith mar dhéin. D’fhág san raint airgid ag an mnaoi fhriotháilte, i dtreó nuair a fuair Diarmuid an t-aoitheó go raibh neart di ar bhiadh agus ar dhigh do sholáthar dó, fé mar ba cheart agus do réir mar a bhí gádh aige leó.

Ba ghearr go raibh sé ina shuídhe i n-aice na teine aici agus flosg an domhain chun an bhídh air. Ach ambasa ní thugadh sí dhó é ach an méid ba dhóich léi ba mhaith dhó, agus ní fheacaís riamh ach an troid agus an t-aighneas a bhíodh aige léi a d’iaraidh tuille dh’fhághail.

Fé mar a bhí sé ag dul i bhfeabhas bhídís na cómharsain ag bailiughadh isteach ag cur a thuairisge agus ’ghá innsint dó cad í an bhuairt a bhí ortha nuair dh’ airigheadar é bheith ’na luíghe, agus cad é an t-áthas a tháinig ortha nuair a fuaradar ag teacht chuige féin é.

Nuair a fuair Séadna ag dul i bhfeabhas i gceart é agus ó bhaoghal, ní thagadh sé chómh minic, agus i gcionn beagán aimsire do stad sé de theacht.

D’fhan an bhean fhriotháilte ann níos sia ’ná a cheap sí bhí gádh léi, ach an sagart fé ndear san, mar bhí súil aige ó am go h-am agus ó lá go lá, go dtiocfadh Sadhbh abhaile. Fé dheire tháinig glaodhach uirthi ó’n dtaobh eile pharóiste agus b’éigean di gluaiseacht.

Ní raibh de sheift ansan acu ach a iaraidh ar Phails bhocht teacht gach aon mhaidion agus teine dh’fhadughadh agus blúire bídh d’ollamhughadh do Dhiarmuid. Níor fágadh fúithi é ar fad. Ba bheag aon lá ná tugadh