Séadna/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 20
[ 169 ]
CAIBIDIOL A FICHE.

Tháinig Séadna lar na mháireach feuchaint conus bhí an duine breóite, agus do rug sé leis tuille de’n leathar a bhí sa tsiopa agus do dhíol as. Ba mhaith mar dhéin. D’fhág san raint airgid ag an mnaoi fhriotháilte, i dtreó nuair a fuair Diarmuid an t-aoitheó go raibh neart di ar bhiadh agus ar dhigh do sholáthar dó, fé mar ba cheart agus do réir mar a bhí gádh aige leó.

Ba ghearr go raibh sé ina shuídhe i n-aice na teine aici agus flosg an domhain chun an bhídh air. Ach ambasa ní thugadh sí dhó é ach an méid ba dhóich léi ba mhaith dhó, agus ní fheacaís riamh ach an troid agus an t-aighneas a bhíodh aige léi a d’iaraidh tuille dh’fhághail.

Fé mar a bhí sé ag dul i bhfeabhas bhídís na cómharsain ag bailiughadh isteach ag cur a thuairisge agus ’ghá innsint dó cad í an bhuairt a bhí ortha nuair dh’ airigheadar é bheith ’na luíghe, agus cad é an t-áthas a tháinig ortha nuair a fuaradar ag teacht chuige féin é.

Nuair a fuair Séadna ag dul i bhfeabhas i gceart é agus ó bhaoghal, ní thagadh sé chómh minic, agus i gcionn beagán aimsire do stad sé de theacht.

D’fhan an bhean fhriotháilte ann níos sia ’ná a cheap sí bhí gádh léi, ach an sagart fé ndear san, mar bhí súil aige ó am go h-am agus ó lá go lá, go dtiocfadh Sadhbh abhaile. Fé dheire tháinig glaodhach uirthi ó’n dtaobh eile pharóiste agus b’éigean di gluaiseacht.

Ní raibh de sheift ansan acu ach a iaraidh ar Phails bhocht teacht gach aon mhaidion agus teine dh’fhadughadh agus blúire bídh d’ollamhughadh do Dhiarmuid. Níor fágadh fúithi é ar fad. Ba bheag aon lá ná tugadh [ 170 ]máthair Mhicil cuaird ann. Agus an lá ná bíodh sise ann bhíodh Máire Ghearra féin ann, agus isé adeireadh na cómharsain ’ná gur mhó an bhreis fheabhusa a théidheadh ar Dhiarmuid an tamall de lá a thugadh sí ag caint leis ’ná mar théidheadh air an chuid eile de’n aimsir ar fad. Deireadh Diarmuid féin go samhluigheadh sé go dtógthaí an ceó d’á chroídhe nuair a chídheadh sé chuige an dorus isteach í.

Isé rud adeireadh gach aoinne ’ná gur mhaith an bhail air gan Sadhbh do bheith i n’ aice an fhaid a bhí sé ’na luíghe, mar ná béadh aon bhreith aige ar theacht chuige féin an fhaid a bhéadh sí láithreach. Dá mbéadh aoitheó aige d’á fhághail agus go dtiocfadh aon nídh crosda uirthi, go spriúchfadh sí agus go gcuirfeadh sí ath-iompáil air chómh siúrálta agus a bhí Sadhbh mar ainim uirthi.

Siné a cheapadar na cómharsain, ach ní h-é sin a cheap Diarmuid féin. Dar leis, ní raibh ’ghá choimeád ar fleasg a dhroma ach gan í bheith ag teacht abhaile ná aon tuairisg uaithi. Ó mhaidin go h-oídhche ní bhíodh aon chúrsaí cainte idir é féin agus na daoine thigeadh isteach, ach “cá raibh sí?” nó “cad a bhí ’ghá coimeád amuich?” nó “ciacu beó nó marbh a bhí sí.” “Má bhí sí beó cad ’na thaobh ná h-aireóchadh duine éigin sgéala uaithi? Má bhí sí marbh cad ’na thaobh ná tiocfadh tásg a báis ó thaobh éigin? Dar ndóich ní fhéadfaí í mharbhadh gan a fhios do bheith ag duine éigin. Dá marbhaidhtí i lár na h-oídhche í agus an corp do chaitheamh i bpoll éigin, dar ndóich do geabhfaí lar na mháireach a bhéadh chúgainn é, agus do leathfadh an sgéal ar fuid na dúithe, agus do béarfaí ar Shíogaidhe, dá mb’ aige bhéadh an gníomh déanta, agus do crochfaí é. Dá mbéadh oiread eile gliocais ann ní fhéadfadh sé dul ó Chormac.” [ 171 ]Sin mar a chaitheadh sé an aimsir ag cur agus ag cúiteamh nuair a bhíodh aoinne istigh do dhéanfadh éisteacht leis. Nuair a bhíodh sé i n-a aonar is amhlaidh a bhíodh sé ag caint leis féin agus ag aighneas leis féin, agus ag áiteamh air féin. Uaireanta sa n-aighneas san leis féin d’árduigheadh sé a ghlór agus d’airigheadh Pails é agus bhíodh sí deimhnightheach go mbíodh beirt nó triúr ann, bhíodh a leithéid sin de ghleó aige.

D’aimhdheóin na buartha bhí an goile go maith aige agus bhí sé ag teacht chuige féin go tiugh. Ba ghearr go raibh sé sa dorus agus a ghuala leis an ursain mar ba ghnáth, ach má ’seadh bhí mí-lítheacht ’na cheannachaibh seachas mar ba ghnáth, agus thabharfá fé ndeara na balcaisí, ná rabhdar chomh teann air agus bhídís sul ar buaileadh breóite an fear bocht. Thabharfá fé ndeara go raibh raint de’n fheóil imthighthe agus mórán de’n bhlonag. Bhí an ghuala caol sa chasóig. Bhí an chuisle caol sa mhuinichle. Bhí an cheathramha caol sa bhríste. Bhí iomad slíghe ag an bhfear mbocht ’na chuid éadaigh, agus do bhíodh an ghaoth ag cuardach na gcnámh aige mór-thimpal ins na póirsíbh folamha a bhí idir chroicean agus éadach aige, i dtreó ná féadadh sé fanmhaint abhfad sa dorus gan teacht anois agus airís go dtí an teine ’ghá théidh féin.

Lá, mar déarfá coigthígheas ó fhág sé an leabaidh, do tháinig sé go dtí an dorus agus baluith na teine go láidir air. Ní túisge d’fheuch sé an bóthar suas ’ná a chonaic sé an bhean ag gabháil chuige anuas árd an bhóthair. Ar an gcéad amharc do baineadh iaracht de gheit as mar cheap sé gur bh’ fhíor dheabhrach le Sadhbh í. Níor bhog sé na súile dhi gur tháinig sí i n-a aice. Bean chnámhach, gharbh, dob’ eadh í. Clóca bréide uirthi. Caipín a clóca ar a ceann aici. Greim aici ’na láimh chlé ar dhá imeal [ 172 ]an chaipín agus é dúnta os cionn a béil aici, i dtreó ná raibh le feiscint ag Diarmuid d’á ceannachaibh ach a srón agus súil léi.

Dhein sí ceann ar aghaidh ar an ndorus, agus an dorus isteach, agus mara mbéadh gur dhruid sé i leath taoibh uaithi do leagfadh sí é. Suas léi chun na teine agus do shuigh sí i gcathaoir Dhiarmuda féin. Thug sí a h-aghaidh ar an dteine agus do leath sí a dhá láimh agus í féin, ag glacadh an ghoradh, agus ba dhóich leat go raibh gádh aici leis.

Thóg Pails a ceann sa chúinne agus d’fheuch sí ar an stróinséir go fada agus go dúr. Do stad Diarmuid i lár an tíghe ag feuchaint sa chúl uirthi. Nuair a bhí sí teith chuir sí an lámh chlé airís i gcaipín an chlóca agus dhún sí os cionn a béil é. D’fheuch sí ar Phails amach as an súil aonair. Ansan d’fheuch sí ar Dhiarmuid.

“Tá cearc ag glaodhach sa tigh seo!” ar sise, agus is ar éigin fhéadfadh duine a dhéanamh amach ciacu glór mná bhí aici nó glór fir. “Tá cearc ag glaodhach sa tigh seo!” ar sise, an tarna h-uair.

“Níor airigheas-sa ag glaodhach í,” arsa Diarmuid.

“Tá cearc ag glaodhach sa tigh seo!” ar sise. “Srubh! srabh! srubh srabh! srubh srabh!” ar sise.

“Cár ghabhais chúgainn, a ’nghean ó?” arsa Diarmuid.

“Srubh srabh! srubh srabh! srubh srabh!” ar sise. “Is fada í mo chuaird chúgaibh,” ar sise, “ag teacht mar mhaithe libh. Is mór an éagcóir sin,” ar sise, “mise dom’ chur chúgaibh anso ó Chúig Uladh bhur ndíon ar eascáirdibh, chómh maith agus dá mba ná faighfí duine ba ghiorra ó bhaile agus ba ghiorra gaol daoibh chun a dhéanta.”

“Cia atá ar ár dtí?” arsa Diarmuid.

Phreab sí ’na suídhe agus thug sí a h-aghaidh air. Níor [ 173 ]fheuch sé idir an dá shúil uirthi mar ní raibh radharc aige ach ar shúil léi. Níor bheag dó san. Ní raibh aon mhíogarnach ar an súil sin ná aon mhallachar radhairc. Shín sí chuige amach a lámh dheas. Tharaing sé píosa airgid as a phóca agus chuir sé ar chroídhe a dearnan é. Chuir sí puth d’á h-anáil air. Is dócha go raibh sé níos mó ’ná cheap sí bhéadh sé, mar do baineadh d’á cosaint í. Shleamhnuigh an greim de chaipín an chlóca agus do nochtadh a h-aghaidh. Bhí sí ar leath-shúil, agus bhí casadh ’na beul siar nách mór go dtí an áit ’nar cheart an chluas do bheith, agus bhí an chluas imthighthe. Dhruid Diarmuid uaithi i ndiaigh a chúil, agus geallaim dhuit go raibh eagla air.

“Cia atá ar bhúr dtí?” ar sise. “Tá teine agus uisge ar bhúr dtí,” ar sise. “Tá galar agus bás ar bhúr dtí,” ar sise. “Tá neithe ar bhúr dtí ná fuil puínn coinne agaibh leó,” ar sise. “Mura mbéadh gan mé bheith abhfad uait do ló ná d’ oídhche le trí seachtmhainibh do bhéadh a fhios agat um an dtaca so cia h-iad atá ar do thí,” ar sise le Diarmuid. “Agus ba chóir,” ar sise, “nár bheag dom de ghnó bheith ad’ chosaint-se, gan bheith ag cosaint t’inghíne leis, d’á fhaid ó chéile tú féin agus í féin.”

“Cá bhfuil sí?” arsa Diarmuid. “Nó cad ’tá ’ghá coimeád amuich? Nó cad fé ndeara dhí imtheacht agus gan sgéal ná duain do chur chúgam abhaile anso go mbéadh a fhios agam ciacu beó nó marbh atá sí? Is olc a dhéin sí orm é.” Agus bhí a lámh thíos aige i bpóca a bhríste agus píosa eile airgid aige d’á láimhsiáil. Do chonaic sise an méid sin chómh maith agus dá mbeadh fiche súil aici.

“Ní fada go bhfaighir a tuairisg,” ar sise, agus bhí an lámh sínte airís aici, “agus ní h-orm-sa is cóir [ 174 ]a bhuidhchas do bheith, ’ná uirthi féin ach chómh beag liom.”

Chuir sé an tarna píosa ar a láimh chuici.

“Cá bhfuil sí?” ar seisean, “nó cathain a thiocfaidh sí?”

“Tiocfaidh sí an uair is lúgha a bhéidh coinne agat léi,” ar sise. “Tiocfaidh sí an uair is lúgha bhéidh fáilte agat roímpe.”

“Cad é sin agat d’á rádh, a bhean,” arsa Diarmuid, “nó cia adúbhairt leat-sa ná béadh fáilte anso roímpe pé tráth do thiocfadh sí?”

“Deirim an rud atá ar eólus agam,” ar sise, “agus ní cneasda é m’ eólus, ach mura cneasda ní’l leigheas agam-sa air. Ní mise do chuir ó’n mbaile í. Ní mise do sheól ’na treó an droch theangabhálaidhe. Má dhéineas mo dhícheal ’ghá cosaint ar a namhaid ba mhór é mo dhuagh agus is beag a bhí d’á bhárr agam.”

“Cathain a thiocfaidh sí?” arsa Diarmuid.

Níor dhéin sise ach an lámh chlé do chur airís i gcaipín an chlóca agus é fhásgadh os cionn a béil mar a bhí sé ar dtúis aici, agus an dorus amach do chur di gan oiread agus smiog do rádh.

Síle.— Airiú, nár dhoithigheasach an ara í!

Nóra.— Ní fheadar, a Pheig, cad a bhain an tsúil aisti.

Peig.— Ní fheadar ’n tsaoghal, a Nóra.

Gobnait.— Do bhain a droch fhriotal féin, gabhaim-se orm.

Nóra.— B’fhéidir gurb amhlaidh d’imthigh uirthi fé mar dh’imthigh ar an mnaoi fheasa úd a tháinig ag triall ar Neill ní Bhuachalla.

Gobnait.— Cad d’imthigh uirthi, a Nóra?

Nóra.— ’Neósfaidh Cáit duit é, ’sí is fearr a ’neósfaidh é.

Gobnait.— Cad d’imthigh uirthi, a Cháit?

[ 175 ]

Cáit.— Mhaise, níor imthigh leath a raibh tuillte aici, an rógaire. Ní raibh Neill pósta ach trí seachtmhaine. Bhí sí istigh sa bhaile agus bhí Éamonn amuich ag feuchaint i ndiaigh na mbó, mar bhí bó acu tar éis bheirthe. I gceann tamaill do tháinig sé isteach agus bhí Neill ag gol. D’fhiafraigh sé dhi cad a bhí uirthi. B’fhada gur inis sí dhó gurab amhlaidh a bhí bean feasa ag lorg airgid uirthi, agus ’nuair nár thug sí an t-airgead di go ndúbhairt sí go mbéadh Neill ’na baintrigh sul a mbéadh an bhliaghain caithte. An fhaid a bhí Éamonn amuich i bhfeighil na mbó thug sé fé ndeara an bhean iasachta ag imtheacht ó’n dtigh agus bhí a fhios aige cad é an bóthar a ghaibh sí. Níor dhéin sé aon bhlúire amháin ach breith ar an bhfuip a bhí ar crochadh i n-aice an doruis agus í a shádhadh suas i muinichle a chasóige agus an dorus amach do chur dé. Bhí sé imthighthe sul a raibh a fhios ag Neill cad é an fuadar a bhí féi.

Ba ghearr gur tháinig sé suas leis an mnaoi.

“Cad chuige dhuit,” ar seisean léi, “a rádh le m’ mhnaoí-se go bhfaghainn-se bás fé cheann bliaghna?”

“Ní déarfainn é,” ar sise, “mura mbéadh a fhios a bheith agam go cruinn.”

“Cia inis duit é?” ar seisean.

“D’inis mo leanán sídhe dhom é,” ar sise.

Do rug sé ar chúl cinn uirthi agus tharaing sé an fhuip as an muinichle agus do ghaibh sé de’n fhuip sin uirthi chómh h-áluinn agus do ghaibh Conchúbhar Máighistir riamh ar aon sgoláire d’á raibh ar an sgoil aige. Nuair a bhí gabhtha go maith aige uirthi do sgaoil sé uaidh í. “Seadh!” ar seisean léi. “Nach mór an iongnadh nár inis do leanán sídhe dhuit go dtabharfainn-se an córughadh san duit. [ 176 ]Imthigh anois agus tá rud agat le h-innsint dó ná raibh a fhios cheana aige. Agus má fheicim-se airís ag teacht i ngoire mo thíghe thú tabharfad eachtra níos mó ’ná san duit le breith ag triall ar dod’ leanán sídhe.” Bhí sgannradh ar Neill le h-eagla go mbéadh an bhean ag easgainighe ortha. Ach isé a deireadh Éamonn nár bh’fhearr leis ag abhrán í.

Nóra.— Mhaise, Dia linn! Níor mhaith liom í bheith ag mallachtaighe orm pé i n-Éirinn é.

Cáit.— Cad é an díobháil fhéadfadh a cuid mallachtaighe do dhéanamh duit nuair ná béadh aon nídh déanta as an slígh agat?

Nóra.— Cá bh’fhios dom ná go dtuitfeadh mallacht éigin acu orm ar chuma éigin?

Cáit.— Is uirthi féin a thuitfidís nuair ná béidís tuillte agat uaithi. Nach uirthi, a Pheig?

Nóra.— Sdó, b’fhéidir gur dhóich liom féin ná béidís tuillte agam, agus b’fhéidir, ar a shon san, go mbéidís. Pé ’cu bhéidís tuillte agam nó ná béidís níor mhaith liom í bheith ’ghá ndéanamh orm.

Cáit.— Ó! ’sdó, nuair ná béadh leigheas agat air. Nuair a thiocfadh sí agus a déarfadh sí go rabhais chun báis dh’fhághail sul a mbéadh an bhliaghain istigh, agus gur inis a leanán sídhe dhi é!

Síle.— Cad do bheir di leanán sídhe a bheith aici, a Pheig? Nó conus a fuair sí é bheith aici? Nach mór an iongnadh ná faghadh an síobhra aon nídh eile le déanamh ach bheith ’ghá leanmhaint siúd.

Cáit.— D’airigheas-sa duine ’ghá rádh gurab iad rudaí na síobhraí, ’ná aingil an uabhair agus na deamhain aeir. Ach deir Éamonn ná fuil a leithéidí i n-aon chor ann.

[ 177 ]

Nóra.— Mura mbéadh iad do bheith ann conus do chífí iad?

Peig.— An bhfeacaís-se féin aon cheann acu riamh, a Nóra?

Nóra.— Ambasa féin ní fheaca, buidhchas le Dia! Ach is iomdha duine chonaic iad, dar ndóich.

Peig.— Inis dom aoinne amháin.

Nóra.— Seághan ua h-Iarlaithe. Bhíos ag éisteacht leis ’ghá innsint.

Cáit.— Dhe, an leath-amadán!

Nóra.— Pé ’cu leath-amadán é nó nach eadh do chonaic sé an sprid.

Síle.— Canad, a Nóra?

Nóra.— ’S amhlaidh do cuireadh ag comáint na mbó é, tar éis a gcrúidhte, suas go Túirín an Chasúrlaigh, asdoídhche Dia Domhnaigh. Bhí lán an tíghe de dhaoinibh bailighthe ag sguruigheacht ann. Ba ghearr gur sgiúrd Seághan chúca isteach agus sgeón ann agus coinneal ’na shúilibh le sgannradh agus le h-anfha.

“Airiú, cad ’tá ort, a Sheághain?” ar siad.

“Ó! an deamhn mé, go bhfeaca sprid!” ar seisean.

“Airiú, cathain a chonaicís í, a Sheághain?” ar siad.

“Ó!” ar seisean, “i gcómhrac lae agus oídhche— um thráthnóna mór luath— ba threise ar an lá ’ná ar an oídhche— ní raibh sé dorcha— i lár an lae ghléigil dob’ eadh é.” Geallaim dhuit go raibh gáirídhe ann.

“Cad dúbhairt sí leat, a Sheághain?” ar siad.

“An deamhn mé!” ar seisean, “gur fheuch sí orm go truaghmhéileach.”

“Agus cad dubhraís léi, a Sheághain?” ar siad.

[ 178 ]

“An deamhn mé,” ar seisean, “gur chuimhnigheas gur bh’fhearr ruith.”

“Cad é an saghas í, a Sheághain?” ar siad.

“Tá,” ar seisean, “sprid mhuice, i bhfuirm bhuímpéise stoca.”

Cáit.— Aililiú! Airiú, cad a chonaic sé, a Nóra?

Nóra.— Siní díreach an cheist a bhí acu go léir ’á chur ar a chéile, nuair cia bhuailfeadh chúca isteach ach athair Sheághain agus cóta-mór liath air agus a chaipín breac air. Ní túisge chonaic Seághan an caipín breac ’ná a chuir sé liúgh as. “Ó!” ar seisean, “sidí chúgaibh isteach í!”

“Mhaise duig ionat! a amadáin!” arsa ’n t-athair.

Cáit.— Agus cá raibh an mhuc, airiú?

Nóra.— Ambasa ach ní fheadar, a Cháit, ach gurab shin é tuairisg a thug sé féin ar an sprid a chonaic sé.

Peig.— Is dócha gurab amhlaidh ’airigheadh sé daoine ’ghá rádh gur mheasa sprid d’fheiscint i bhfuirm muice ’ná i bhfuirm aon ainimhíghe eile, agus nuair a bhí an sgannradh air gur cheap sé gur rud i bhfuirm muice a bhí ann.

Cáit.— Agus dar ndóich dúbhairt sé féin gur rud i bhfuirm bhuímpéise stoca do chonaic sé, nuair a chonaic sé an caipín breac agus an cóta mór liath.

Nóra.— Andaigh, ní fheadar-sa cad a chonaic sé ná cad a cheap sé a bhí ann, ach siúd é adúbhairt sé, “sprid mhuice,” ar seisean, “i bhfuirm buímpéise stoca.”

Cáit.— Dhe, greadadh chuige, an breallán! Mura mbéadh é bheith i n-a amadán déarfainn gur mhaith an sgéal cuid de’n fhuip úd a thabhairt dó. B’fhéidir go mbainfeadh san cuid de na speabhraídíbh dé.

[ 179 ]

Síle.— Nár airigheas-sa thusa ’ghá rádh, a Pheig, go ndúbhairt an sagart ná raibh aon fhios ag lucht feasa ach iad ’ghá leigint ortha fios do bheith acu?

Peig.— Dúbhairt leis, agus ní’l, ach oiread agus a bhí ag an mnaoi úd a dúbhairt go bhfaghadh Éamonn bás fé cheann bliaghna.

Síle.— Is dócha nár bhain sé an tsúil aiste mar do baineadh as an mnaoi a tháinig chun Diarmuda.

Caibidiol 20