Page:Seadna.djvu/180

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
176
SÉADNA
Imthigh anois agus tá rud agat le h-innsint dó ná raibh a fhios cheana aige. Agus má fheicim-se airís ag teacht i ngoire mo thíghe thú tabharfad eachtra níos mó ’ná san duit le breith ag triall ar dod’ leanán sídhe.” Bhí sgannradh ar Neill le h-eagla go mbéadh an bhean ag easgainighe ortha. Ach isé a deireadh Éamonn nár bh’fhearr leis ag abhrán í.

Nóra.— Mhaise, Dia linn! Níor mhaith liom í bheith ag mallachtaighe orm pé i n-Éirinn é.

Cáit.— Cad é an díobháil fhéadfadh a cuid mallachtaighe do dhéanamh duit nuair ná béadh aon nídh déanta as an slígh agat?

Nóra.— Cá bh’fhios dom ná go dtuitfeadh mallacht éigin acu orm ar chuma éigin?

Cáit.— Is uirthi féin a thuitfidís nuair ná béidís tuillte agat uaithi. Nach uirthi, a Pheig?

Nóra.— Sdó, b’fhéidir gur dhóich liom féin ná béidís tuillte agam, agus b’fhéidir, ar a shon san, go mbéidís. Pé ’cu bhéidís tuillte agam nó ná béidís níor mhaith liom í bheith ’ghá ndéanamh orm.

Cáit.— Ó! ’sdó, nuair ná béadh leigheas agat air. Nuair a thiocfadh sí agus a déarfadh sí go rabhais chun báis dh’fhághail sul a mbéadh an bhliaghain istigh, agus gur inis a leanán sídhe dhi é!

Síle.— Cad do bheir di leanán sídhe a bheith aici, a Pheig? Nó conus a fuair sí é bheith aici? Nach mór an iongnadh ná faghadh an síobhra aon nídh eile le déanamh ach bheith ’ghá leanmhaint siúd.

Cáit.— D’airigheas-sa duine ’ghá rádh gurab iad rudaí na síobhraí, ’ná aingil an uabhair agus na deamhain aeir. Ach deir Éamonn ná fuil a leithéidí i n-aon chor ann.