a bhuidhchas do bheith, ’ná uirthi féin ach chómh beag liom.”
Chuir sé an tarna píosa ar a láimh chuici.
“Cá bhfuil sí?” ar seisean, “nó cathain a thiocfaidh sí?”
“Tiocfaidh sí an uair is lúgha a bhéidh coinne agat léi,” ar sise. “Tiocfaidh sí an uair is lúgha bhéidh fáilte agat roímpe.”
“Cad é sin agat d’á rádh, a bhean,” arsa Diarmuid, “nó cia adúbhairt leat-sa ná béadh fáilte anso roímpe pé tráth do thiocfadh sí?”
“Deirim an rud atá ar eólus agam,” ar sise, “agus ní cneasda é m’ eólus, ach mura cneasda ní’l leigheas agam-sa air. Ní mise do chuir ó’n mbaile í. Ní mise do sheól ’na treó an droch theangabhálaidhe. Má dhéineas mo dhícheal ’ghá cosaint ar a namhaid ba mhór é mo dhuagh agus is beag a bhí d’á bhárr agam.”
“Cathain a thiocfaidh sí?” arsa Diarmuid.
Níor dhéin sise ach an lámh chlé do chur airís i gcaipín an chlóca agus é fhásgadh os cionn a béil mar a bhí sé ar dtúis aici, agus an dorus amach do chur di gan oiread agus smiog do rádh.
Síle.— Airiú, nár dhoithigheasach an ara í!
Nóra.— Ní fheadar, a Pheig, cad a bhain an tsúil aisti.
Peig.— Ní fheadar ’n tsaoghal, a Nóra.
Gobnait.— Do bhain a droch fhriotal féin, gabhaim-se orm.
Nóra.— B’fhéidir gurb amhlaidh d’imthigh uirthi fé mar dh’imthigh ar an mnaoi fheasa úd a tháinig ag triall ar Neill ní Bhuachalla.
Gobnait.— Cad d’imthigh uirthi, a Nóra?
Nóra.— ’Neósfaidh Cáit duit é, ’sí is fearr a ’neósfaidh é.
Gobnait.— Cad d’imthigh uirthi, a Cháit?