Séadna/21

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 21
[ 180 ]
CAIBIDIOL A H-AON A’S FICHE.

Peig.— Pé rud a bhain an tsúil as an mnaoi a tháinig chun Diarmuda bhí sí ar leath-shúil. Agus má bhí an tsúil léi a bhí imthighthe chómh nímhneach leis an súil a bhí aici ba mhaith an bhail ar Dhiarmuid ná raibh an dá shúil aici nuair fheuch sí air féin, nó is dócha go gcuirfeadh sí ath-iompáil air. Níor fhéad an fear bocht aon bhlúire bídh d’ithe an chuid eile de’n lá san, ach ag cuimhneamh ar an leath-shúil úd, agus ar an gcirc agus ar an “srubh srabh,” agus ar an ndroch theangabhálaidhe do bhuail umá inghín. I dtreó go ndeachaidh Pails amach agus gur ghlaoidh sí ar chuid de na cómharsanaibh, agus go dtánadar isteach, agus go ndúbhradar gur cheart fios do chur ar an sagart sul a dtiocfadh an oídhche le h-eagla go rachadh an duine i n-olcas agus go mb’ fhéidir gurab amhlaidh bhéidhfí ag glaodhach ar an sagart i lár na h-oídhche.

Do cuireadh fios ar an sagart agus do tháinig sé. Nuair airigh sé ó Dhiarmuid tuairisg na mná feasa do gháir sé.

“Tá aithne mhaith agam-sa,” ar seisean, “ar an gcladhaire mná san. Ní raibh sí riamh i gCúig Uladh ’ná leath na slíghe ó bhaile. Tá a fhios agam-sa cár rugadh agus cár tógadh í, agus dob’ olc an tógáilt í. Ní’l de chéird aici ’ná de shlígh mhartha ach bheith ag gluaiseacht ó áit go h-áit ’ghá leigint uirthi go bhfuil fios aici, agus dar ndóich ní’l ach oiread agus atá ag an iarta san. Dá mb’ áil le daoinibh ciall do bheith acu agus gan bheith ag tabhairt airgid di, ba ghearr go gcaithfeadh sí gairm beatha éigin eile do tharang chuici. Ach cé gur minic [ 181 ]san d’á innsint do dhaoinibh ní ghlacaid cómhairle agus ní’l aon mhaith am’ chaint. Ní h-aon tairbhe dhom bheith leó.”

“Agus, a Athair,” arsa Diarmuid, “conus a fuair sí amach cearc do bheith ag glaodhach sa tigh seo? Nó conus a fuair sí amach Sadhbh do bheith as baile? Nó conus a fuair sí amach go rabhas-sa féin i gcontabhairt?”

“Fiannaidheacht! a Dhiarmuid,” arsa ’n sagart. “Ní’l aon nídh is usa ’ná neithe de’n tsórd san d’fhághail amach nuair a cheapfadh duine a aigne chuige. Ná raibh a fhios ag an ndúthaigh cad é an t-éirleach do déineadh anso lá an aonaigh? Ná raibh a fhios ag an ndúthaigh Sadhbh do bheith as baile agus tusa do bheith ad’ luíghe le h-éagcruas? Slán beó mar a n-innstear é! Cad é an bac a bhí uirthi bualadh anso agus ansúd imeasg na ndaoine agus eólus d’fhághail ar gach aon rud a bhain leat? Is breagh bog an tslígh é chun airgid d’fhághail.”

“Ach conus gheabhadh sí amach cearc do bheith ag glaodhach sa tigh, a Athair?” arsa Diarmuid.

“Is dócha,” arsa ’n sagart, “dá mbeadh cearc ag glaodhach sa tigh ná béadh aon bhac uirthi teacht suas leis an méid sin eóluis ach chómh beag agus bhí uirthi teacht suas leis an gcuid eile.”

“Dá mbéadh cearc ag glaodhach sa tigh!” arsa Diarmuid. “Dar ndóich, a Athair, mura mbéadh go raibh ní dócha go ndéarfadh sí é.”

“Is neamhnídh ci’acu,” arsa an sagart. “Is obair leanbaidhe aon tsuím do chur ’na leithéid de sgéal. Ach ba mhaith liom a fhios do bheith agam ar airigh aoinne eile an chearc so ag glaodhach.”

“Níor airigheas-sa féin í,” arsa Diarmuid, “agus ní [ 182 ]baoghal gur airigh Pails í mar tá sí chómh bódhar le slis, agus ambriathar nár airigheas aoinne eile ’ghá rádh gur h-airigheadh í.”

“Siné shamhluigheas,” arsa ’n sagart. “Is dócha,” ar seisean, “nach foláir nó gur airigh sí siúd rud éigin de’n ráfla so ar siúbhal i dtaobh Shadhbh, nár stad cos di ó fhág sí an áit seo go ndeachaidh sí síos go dtí an baile mór. Ansan gur chuir sí fiadhach agus cuardach agus tóir i ndiaigh an bhitheamhnaigh úd i dtreó gur rugadh air agus gur crochadh é. Agus gur thug an rígh do Shadhbh an trí chéad púnt do rugadh uaithi agus trí chéad eile mar thuille.”

“Stad! stad! a Athair,” arsa Diarmuid. “Cad é sin agat d’á rádh mar sin, a Athair? Conus fhéadfadh an cailín bocht san dul go dtí an baile mór agus eólus na catharach do dhéanamh? Cailín beag ná raibh riamh tar fiche míle ó bhaile!”

“Ní’lim-se ach ’ghá innsint cad é an ráfla d’airigheas,” arsa ’n sagart. “Is dócha gur airigh an bhean úd an fheasa, ná fuil aici, an ráfla céadna, agus gur cheap sí dá mbéadh tusach an sgéil aici dhuit-se go mbainfeadh sí síntiús airgid asat d’á bhárr, agus ní deirim ná gur bhain.”

“Níor bhain puínn, a Athair,” arsa Diarmuid. “Ach cad é an saghas ráfla é? Nó cad a chuir ar bun é?”

“Is amhlaidh a bhíos féin chun teacht anall ’ghá innsint duit a leithéid do bheith ar siúbhal nuair a tháinig an teachtaire chúgam ’ghá rádh go raibh eagla ar chuid des na cómharsain go n-ath-iompóchadh ort.”

“Ba neamhghádh dhóibh sin!” arsa Diarmuid. “Ní fheaca riamh iad ach amhlaidh. Dá mbéadh aoinne ’ghá iaraidh ortha ní baoghal go mbéidís chomh tionsgalach! [ 183 ]Ag ruith ag cur aistir ar shagart gan ghádh gan riachtanas! Feuch air sin!”

“Ní fiú biorán a’s é,” arsa ’n sagart. “Do thiocfainn féin anall ar aon chuma feuchaint an raibh aon sgéala agat ó Shadhbh nó an raibh aon bhunús leis an ráfla so ar siúbhal.”

“Níor airigheas focal riamh dé go dtí gur tháinig an bhean úd agus go ndúbhairt sí gur casadh droch theangbhálaidhe éigin ar Shadhbh, nó rud éigin de’n tsórd san,” arsa Diarmuid.

“Cé h-é an droch theangbhálaidhe adúbhairt sí do casadh uirthi?” arsa ’n sagart.

“Níor inis sí dhúinn cia r’ bh’é féin. Níor thug sí aon tuairisg dúinn air, agus siné atá ag baint mo mheabhrach asam,” arsa Diarmuid.

“Do’n réir sin,” arsa ’n sagart, “is dócha gur airigh sí an chuid eile fé mar airigheas-sa féin é. Cairéiridhthe do thug leó é mar iongnadh shaoghail agus mar chúrsaí cainte eatartha, go raibh Cormac an Chaincín sa bhaile mhór leis, agus gur oibrigh sé féin agus Sadhbh a’ láimh a chéile chun beirthe ar an mbithieamhnach. Gur imireadar araon an cluiche chómh maith san agus chómh gasta san go raibh iongnadh a gcroídhe ar mhuíntir an rígh agus ar an rígh féin, a fheabhas do dhéineadar an gnó. Ansan, nuair fuair Sadhbh sé chéad púnt i n-inead an trí chéad a rugadh uaithi, gur socaruigheadh cleamhnas idir í féin agus Cormac agus go bhfuil an bheirt pósta um an dtaca so, nó réidh chun a bpósta.”

“Aililliú!” arsa Diarmuid. “Feuch air sin! Ar airigh aoinne riamh a leithéid! Cheapas ná pósfadh sí é dá mbéadh saidhbhreas na h-Éirean aige. Is éachtach an saoghal é. Is éagsamhlach an obair má ’s fíor é sin. Ach is dóichíghe ná fuil aon bhunús leis an sgéal. Ní fhéadfadh a bheith, nídh nach iongnadh.” [ 184 ]“Ní fheadar ’n tsaoghal, a Dhiarmuid,” arsa ’n sagart. “Is dócha go ’neósfaidh an aimsir, agus nach fada go dtí san. Ní’l aon sgéalaidhe is fearr ’ná an aimsir. Ní bhéadh aon iongnadh orm féin dá dtuiteadh amach go mbéadh beann-lámha de’n fhírinne ann, mar ráfla.”

“Airiú, a Athair an chroídhe ’stigh,” arsa Diarmuid, “cad é sin agat d’á rádh! Ní’l aon bheirt sa pharóiste is neamh-oireamhnaíghe d’á chéile ’ná an bheirt. Dhéanfadh Sadhbh an gnó go maith, b’fhéidir, dá mbéadh sí pósta ag fear réidh daingean stuama de shaghas Shéadna thuas ansan. B’fhéidir go ndéanfadh Cormac an gnó go maith dá mbéadh sé pósta le mnaoi éigin chiúin fhadaradhnach, do thabharfadh a shlígh féin dó ar gach aon tsaghas cuma. Ach an bheirt sin! Má póstar iad béidh sé n-a chogadh dhearg acu an dá lá ’s ’n fhaid a mhairfid.”

“Ní fheadar ’n tsaoghal, a Dhiarmuid,” arsa ’n sagart. “Is amhlaidh mar atá an sgéal, ní h-é mo thuairim-se ’ná go mb’fhéidir go mbéadh an saoghal níos fearr ’ná san acu. Fear stuacach ceann-dána iseadh Cormac gan amhras. Ní deirim go maithfeadh sise puínn dó. Ar a shon san agus uile,— an dtuigean tú mé?— b’fhéidir dá mbéidís pósta go dtuitfeadh amach gur fearr a réidhteóchadh an bheirt le chéile ’ná mar a réidhteóchadh aoinne de’n bheirt le duine eile. Do chonac a leithéid cheana.”

“Do chonaicís a lán, a Athair, gan dabht ar domhan ach ní’l aithne cheart agat ar Shadhbh. Ní dómh-sa is ceart a rádh; ach ní h-aon mhaith a rádh ach an ceart, agus isí an fhírinne is fearr. Ní dóich liom go bhfuil an fear san beó indiu ar thalamh tirim na h-Éirean do bhainfeadh ceart de Shadhbh.”

“Ar an dtaobh amuich d’aon fhear amháin, ní dóich liom go bhfuil,” arsa ’n sagart. “Agus rud eile atá [ 185 ]air,” ar seisean, “ní’l an bhean san beó indiu ar thalamh tirim na h-Éirean, ná dá n-abrainn sa náisiún is giorra dhi, do bhainfidh ceart de Chormac mura mbainidh Sadhbh ceart dé, rud a bhainfidh. Bain an chluas díom mura mbainidh!”

“Andaigh, a Athair,” arsa Diarmuid, “ba dhóich le duine ar an gcuma ’na labhran tú go bhfeicean tú fírinne nó bunús éigin sa ráfla so.”

“Sdó, tá bun agus bárr an sgéil chómh cruinn sin ag na cairéirídhibh agus iad go léir chómh mór san ar aon fhocal amháin i n-a innsint, is deacair a rádh ná go bhfuil fírinne éigin ann,” arsa ’n sagart.

“Ní raibh aon choinne riamh agam go dtuitfeadh a leithéid amach,” arsa Diarmuid. “Cheapas ná pósfadh Sadhbh é ach oiread agus a bháthfadh sí í féin, agus cheapas ná feuchfadh seisean ar an dtaobh de’n bhóthar ’na mbéadh Sadhbh, dá mba ná béadh i n-Éirinn ach í. Isé rud d’airighinn aici go minic d’á rádh, ná raibh aon fhear i n-Éirinn ba lúgha uirthi ’ná é, agus ná raibh aon fhear i n-Éirinn ba ghráinne ’ná é. Má tá an bheirt pósta do bhuaidh sé ar a bhfeaca riamh.”

“B’fhéidir,” arsa ’n sagart, “má fuair sí an chreideamhaint seo go léir, fé mar a deirtear, ó mhuíntir an rígh agus ó’n rígh féin tré a fheabhas do dhéin sí an bheart agus tógáilt do chur ar an mbitheamhnach úd, agus má fuair sí sé chéad púnt mar thuarasdal as, go ndéarfadh Cormac leis féin gur bh’fhiú dhó feuchaint ar an dtaobh de’n bhóthar ’na mbéadh sí agus gur mhó b’fhiú dhó feuchaint ar an dtaobh san ’ná ar an dtaobh eile. Agus b’fhéidir nuair a chífeadh Sadhbh Cormac ar an aigne sin nár chuid ba lúgha ’ná a fhonn do bhéadh uirthi a rádh ’na h-aigne féin go bhfuil fir le fághail atá níos gráinne ’ná é.” [ 186 ]“Ha, ha, ha!” arsa Diarmuid. “Mhaise, cúis gháire chúgainn, a Athair!” ar seisean. “Cá bh’ fhios ná go mb’fhéidir go bhfuil an sgéal níos fearr ’ná shíleamair é bheith. ‘An rud ba mheasa le duine ’ná a bhás ní fheadair sé ná gurab é lár a leasa é.

Le n-a linn sin cia bhuailfeadh chúca an dorus isteach ach an tíncéir mór.

Caibidiol 21