Page:Seadna.djvu/190

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
186
SÉADNA

“Ha, ha, ha!” arsa Diarmuid. “Mhaise, cúis gháire chúgainn, a Athair!” ar seisean. “Cá bh’ fhios ná go mb’fhéidir go bhfuil an sgéal níos fearr ’ná shíleamair é bheith. ‘An rud ba mheasa le duine ’ná a bhás ní fheadair sé ná gurab é lár a leasa é.

Le n-a linn sin cia bhuailfeadh chúca an dorus isteach ach an tíncéir mór.