Page:Seadna.djvu/189

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
185
SÉADNA

air,” ar seisean, “ní’l an bhean san beó indiu ar thalamh tirim na h-Éirean, ná dá n-abrainn sa náisiún is giorra dhi, do bhainfidh ceart de Chormac mura mbainidh Sadhbh ceart dé, rud a bhainfidh. Bain an chluas díom mura mbainidh!”

“Andaigh, a Athair,” arsa Diarmuid, “ba dhóich le duine ar an gcuma ’na labhran tú go bhfeicean tú fírinne nó bunús éigin sa ráfla so.”

“Sdó, tá bun agus bárr an sgéil chómh cruinn sin ag na cairéirídhibh agus iad go léir chómh mór san ar aon fhocal amháin i n-a innsint, is deacair a rádh ná go bhfuil fírinne éigin ann,” arsa ’n sagart.

“Ní raibh aon choinne riamh agam go dtuitfeadh a leithéid amach,” arsa Diarmuid. “Cheapas ná pósfadh Sadhbh é ach oiread agus a bháthfadh sí í féin, agus cheapas ná feuchfadh seisean ar an dtaobh de’n bhóthar ’na mbéadh Sadhbh, dá mba ná béadh i n-Éirinn ach í. Isé rud d’airighinn aici go minic d’á rádh, ná raibh aon fhear i n-Éirinn ba lúgha uirthi ’ná é, agus ná raibh aon fhear i n-Éirinn ba ghráinne ’ná é. Má tá an bheirt pósta do bhuaidh sé ar a bhfeaca riamh.”

“B’fhéidir,” arsa ’n sagart, “má fuair sí an chreideamhaint seo go léir, fé mar a deirtear, ó mhuíntir an rígh agus ó’n rígh féin tré a fheabhas do dhéin sí an bheart agus tógáilt do chur ar an mbitheamhnach úd, agus má fuair sí sé chéad púnt mar thuarasdal as, go ndéarfadh Cormac leis féin gur bh’fhiú dhó feuchaint ar an dtaobh de’n bhóthar ’na mbéadh sí agus gur mhó b’fhiú dhó feuchaint ar an dtaobh san ’ná ar an dtaobh eile. Agus b’fhéidir nuair a chífeadh Sadhbh Cormac ar an aigne sin nár chuid ba lúgha ’ná a fhonn do bhéadh uirthi a rádh ’na h-aigne féin go bhfuil fir le fághail atá níos gráinne ’ná é.”