Page:Seadna.djvu/188

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
184
SÉADNA

“Ní fheadar ’n tsaoghal, a Dhiarmuid,” arsa ’n sagart. “Is dócha go ’neósfaidh an aimsir, agus nach fada go dtí san. Ní’l aon sgéalaidhe is fearr ’ná an aimsir. Ní bhéadh aon iongnadh orm féin dá dtuiteadh amach go mbéadh beann-lámha de’n fhírinne ann, mar ráfla.”

“Airiú, a Athair an chroídhe ’stigh,” arsa Diarmuid, “cad é sin agat d’á rádh! Ní’l aon bheirt sa pharóiste is neamh-oireamhnaíghe d’á chéile ’ná an bheirt. Dhéanfadh Sadhbh an gnó go maith, b’fhéidir, dá mbéadh sí pósta ag fear réidh daingean stuama de shaghas Shéadna thuas ansan. B’fhéidir go ndéanfadh Cormac an gnó go maith dá mbéadh sé pósta le mnaoi éigin chiúin fhadaradhnach, do thabharfadh a shlígh féin dó ar gach aon tsaghas cuma. Ach an bheirt sin! Má póstar iad béidh sé n-a chogadh dhearg acu an dá lá ’s ’n fhaid a mhairfid.”

“Ní fheadar ’n tsaoghal, a Dhiarmuid,” arsa ’n sagart. “Is amhlaidh mar atá an sgéal, ní h-é mo thuairim-se ’ná go mb’fhéidir go mbéadh an saoghal níos fearr ’ná san acu. Fear stuacach ceann-dána iseadh Cormac gan amhras. Ní deirim go maithfeadh sise puínn dó. Ar a shon san agus uile,— an dtuigean tú mé?— b’fhéidir dá mbéidís pósta go dtuitfeadh amach gur fearr a réidhteóchadh an bheirt le chéile ’ná mar a réidhteóchadh aoinne de’n bheirt le duine eile. Do chonac a leithéid cheana.”

“Do chonaicís a lán, a Athair, gan dabht ar domhan ach ní’l aithne cheart agat ar Shadhbh. Ní dómh-sa is ceart a rádh; ach ní h-aon mhaith a rádh ach an ceart, agus isí an fhírinne is fearr. Ní dóich liom go bhfuil an fear san beó indiu ar thalamh tirim na h-Éirean do bhainfeadh ceart de Shadhbh.”

“Ar an dtaobh amuich d’aon fhear amháin, ní dóich liom go bhfuil,” arsa ’n sagart. “Agus rud eile atá