Síle.— Ní dhéanfainn dabht dhé!
Peig.— “Cad é an sgéal é, a Dhiarmuid?” arsa Cormac.
“Dein t’iaraidh thort!” arsa Diarmuid. “Cár fhágais í?” ar seisean. “Ar rug sé uait í?” ar seisean. “Is meathta an fear tú agus í leigint leis.”
“Tá sé ar an gcuma san ó thánag,” arsa ’n bhean fhriotháilte. “Ní stadan a bheul ach ag cur thré chéile.”
“An aithnighean tú mé, a Dhiarmuid?” arsa Séadna.
“An aithnighim thú! Tá sé chómh ceart agam-sa tusa d’aithint agus tá sé agat-sa mise d’aithint. Tá sé chómh ceart agat-sa mise d’aithint agus tá sé agam-sa tusa d’aithint. Tá sé chómh ceart agam-sa tusa d’aithint agus tá sé agat-sa mise d’aithint——” Thiomáin sé leis ag filleadh agus ag ath-fhilleadh ar na focalaibh céadna ar an gcuma san, ’ghá gcasadh gach re dturus, agus nuair théidheadh tuitim focail air, nó gan an casadh do dhéanamh cruinn do réir a chéile, théidheadh sé siar ar an gcaint go dtí go mbíodh a aigne sásta ar í a bheith do réir a chéile aige. Ansan do ghéaruigheadh sé uirthi i dtreó gur dhóich leat gur geall a bhíodh curtha aige feuchaint an ’mó uair a fhéadfadh sé na focail do rádh as a chéile gan a anál do tharang. Théidheadh sé chómh dian san air féin gur dhóich leat go dtachtfadh sé é féin le h-easba análach. I gcionn tamaill do stad sé de na ruthagaibh cainte sin agus d’fheuch sé anonn i gcúinne an tseómra.
“Is mór an náire dhaoibh go léir é!” ar seisean. “Siné an fear bocht san thall agus a cheann d’á sgoltadh le teinneas agus ná feuchfadh aoinne agaibh ’na dhiaigh!”
Síle.— Cé’r bh’é sin, a Pheig?
Peig.— Ní raibh aoinne ann, a Shíle, ach na speabhraídí do bheith ar an bhfear mbocht.
L