Ní raibh Diarmuid sa dorus rómpa. Bhí an dorus dúnta. D’osgaladar é agus chuadar isteach. Ní fheacadar Sadhbh ná Diarmuid. Bhí sean bhean iasachta ’na suidhe i n-aice na teine. Thóg sí a ceann agus d’fheuch sí ortha agus chrom sí airís é gan labhairt. Bhí aithne acu uirthi. Cómharsa dob’ eadh í. Pails Bhodhar a tugtaí uirthi, ach má ’seadh ní ró bhodhar do bhí sí, ach bhí sí ana ríghin.
“Cá bhfuil fear an tígh, a Phails?” arsa Cormac.
“Tá sé gan bheith ar fóghnamh,” ar sise, go ríghin.
“An bhfuil sé ’na luíghe?” arsa Cormac.
“Tá,” ar sise, “agus Máire ’nghean Airt ag tabhairt aire dhó.”
Le n-a linn sin d’osgail an bhean fhriotháilte dorus an tseómra. “Dé bhúr mbeatha-sa!” ar sise.
“Cad ’tá ar an nduine seo, a Mháire?” arsa Cormac.
“Tá eagal orm, a Chormaic,” ar sise, “gur taom beag éagcruais atá air. Slán beó mar a n-innstear é! Do buaileadh breóite lar na mháireach lae an aonaigh é, nuair a fuair sé go raibh Sadhbh imthighthe. Nuair airigh an sagart an t-éirleach a dhéineadar na bitheamhnaigh úd ar an aonach do tháinig sé féin anso, agus nuair a fuair sé Diarmuid ’na luíghe agus gan duine ann do shínfeadh deoch chuige, do chuir sé fios orm-sa agus do thánag.”
“Ar mhisde dhúinn dul isteach ’ghá fheuchaint?” arsa Séadna.
“Ach, ní misde, ní misde,” ar sise.
Bhí Cormac istigh cheana féin, gan chead.