gur bh’fhuirisde slígh mhaireachtaint do dhéanamh amach ann duit ba thairbhíghe ’ná an ghréasaidheacht.”
“Déanfaidh an ghréasaidheacht an gnó go ceann tamaill eile,” arsa Séadna.
“Seadh! go dtugaidh Dia lá maith dhaoibh go léir!” arsa Cormac. “Is tapaidh an ghluaiseacht agam airís é, gan fiú ceó an bhóthair do bhaint de m’ brógaibh. Is truagh gan a bhfuil de chladhairíbh bitheamhnach i n-Éirinn in aon téid amháin agam, ar aon chroich amháin. Is mé a thabharfadh an fásgadh dhóibh! Bheadh suaimhneas ansan againn ar feadh tamaill.”
“Bhéadh punan mhór agat!” arsa ’n bhean fhriotháilte.
Síle.— A thiarcais! a Pheig, ní fheadar an amhlaidh nár chuimhin leis an bhreab.
Peig.— Cad í an bhreab, a Shíle, a chuid?
Síle.— An bhreab úd a thoilidh sé a ghlacadh ar sheilbh tíghe na baintríghe, nuair a bhí sé ’ghá cur amach agus gan an cíos aici dhó, gur thug Séadna dhi é.
Peig.— Ní fheadar ’n tsaoghal, a Shíle. Is minic droch chuimhne ag daoinibh ar an rud nach maith leó cuimhne do choimeád air.
Síle.— Ba chóir go mbéadh náire air.
Peig.— Do dhuine gan náire is usa a ghnó a dhéanamh.
Síle.— B’fhéidir é. Ach ní mholaim iad, mar dhaoine gan náire. Is fearr go mór a thiocfadh sé dhó a bheul d’éisteacht, agus gan bheith ag déanamh trosgaidh an chait cheann-fhinn ar an mbitheamhantas.
Gobnait.— Is amhlaidh mar bhí an sgéal aige, díreach mar bhí ag an bhfear úd i gCill Áirne agus é ag dul sa bhruíghin. Bhí caincín mór ramhar air mar bhí ar Chormac. “Bachall” a bhíodh ag daoinibh mar leasainim air, mar gheall ar an gcaincín. Ghlaoidh a athair air agus é ag dul isteach sa choímheasgar.