Page:Seadna.djvu/167

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
163
SÉADNA

dtabharfadh sí a h-aghaidh ach ar an mbothán agus gan aon choinne aici Pails do bheith ’na suídhe chómh moch. Níor thug sí Pails fé ndeara go dtí go raibh sí buailte léi. D’fheuchadar ar a chéile. Níor labhair aoinne acu. Is anamh a labhran Pails ach nuair labharthar léi, agus an uair sin féin ní ró thapaidh chuige í. Chuir Sadhbh an bóthar soir ó thuaidh di, ar a cromruathar, bóthar an bhaile mhóir. Ní feacathas ó shin í beó ’ná marbh, agus níor airigheas go bhfeacaidh aoinne eile í an mhaidion san ach Pails anso.”

“Cad ’na thaobh nár labhrais léi, a Phails?” arsa Cormac.

“Mhaise, ní fheadar,” arsa Pails, go ríghin.

“Chómh siúrálta agus atá bianna ar mhaide bacaigh,” arsa Cormac, “is i ndiaigh an tSíogaidhe atá sí imthighthe agus ní le grádh dhó é, ’ná mar mhaithe leis. Is iomdha cleas glic do dhéin sé i gcaitheamh a shaoghail, ach bheirim mo lámh a’s mh’ fhocal dó gurab é cleas is teinne dhó d’ár dhéin sé riamh an bob a bhuail sé ar Shadhbh lá an aonaigh. Má’s ’na dhiaigh atá sí imthighthe, agus iseadh, dá dtéidheadh sé isteach i bpoll tráthair i bhfolach uaithi ní dhéanfaidh sé an gnó dhó. Tiocfaidh sí siúd suas leis agus cuirfidh sí carabhat caol air, chómh siúrálta agus atá sgórnach air. Bain an chluas anuas ó’n gceann díom mura gcuiridh. Is dóich liom dá mbéadh a fhios aige cad é an saghas í go ngeabhadh sé tháirse. Tá sé déanach anois aige.”

“Éist, a Chormaic, éist!” arsa ’n bhean fhriotháilte. “Ná bí ag magadh fút féin. Cad é an gnó bhéadh ag Sadhbh go dtí an baile mór? Cad fhéadfadh sí dhéanamh ann? Cia air go bhfuil aithne aici ann? Conus gheabhadh sí eólus tríd an gcathair sin, ná raibh sí riamh i ngioracht céad míle dhi? Agus gur dócha ná fuil oiread agus