Séadna/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 12
[ 99 ]

CAIBIDIOL A DÓDHEUG.

Nóra.—Cogar, a Pheig; dar ndóigh ní raibh ceangal ar Shéadna gan pósadh.

Peig.—Is dócha, a Nóra, go raibh ceangal air gan an éagcóir a dhéanamh.

Nóra.—Ní h‑é sin a thuig Máire Ghearra uaidh, ach go raibh ceangal fé leith i láthair Dé air, mar bhéadh móid mná riaghalta nó bráthar.

Peig.—Cá bhfios duit-se ná dhómh-sa ná gur chuir sé móid nó ceangal de’n tsórd san air féin sul a ndeachaidh sé chun cainte léi an lá úd?

Nóra.—Is mar sin a thuig Máire an sgeul, pé i n‑Éirinn é.

Peig.—Tá an ceart agat, a Nóra.

Bhí sí ag caint le máthair Mhicil cúpla lá ’na dhiaigh san, agus seo mar adúbhairt sí léi:—

“A Shiobhán,” ar sise, “nach mór an iongnadh nár inis Séadna dhuit an lá fé dheire go raibh sé ’na Chéile Dé, agus gan bheith ’ghár gcur amú’ mar a bhí?”

Síle.—Cad é an rud Céile Dé, a Pheig? Dar ndóigh ní fhéadfadh duine bheith ’na chéile ag Dia, – moladh ’s buidhchas leis!

Cáit.—Ó, go deimhin, a Pheig, d’airigheas mo dhaid mór ’ghá rádh go raibh daoine ann fadó, agus ná pósfaidís aon bhean, mar go mbídís pósta ag Dia na glóire féin; agus siné ainim a thug sé ortha, Céile Dé.

Síle.—Airiú, moladh go deó le Dia! conus a fhéadfaidís bheith pósta mar sin? Dar ndóigh ní pósadh é sin.

[ 100 ]Cáit.—Mura mbeidís pósta conus a tabharfaí “céile” ortha? Nach fear pósta nó bean phósta “céile”? Nach eadh, a Pheig?

Peig.—’Seadh, gan amhras.

Síle.—Agus, a Pheig, airiú, conus fhéadfadh fear bheith pósta ag Dia? Dar ndóigh, ní fhéadfadh fear bheith pósta ach ag mnaoi? Ar airigh aoinne riamh a leithéid?

Gobnait.—Aililliú, a Shíle, nach geur-chúiseach ataoi! Airiú, cia dúbhairt leat-sa ná féadfadh fear bheith pósta ach ag mnaoi?

Síle.—Dúbhairt Peig liom é an lá fé dheire agus í ag múineadh na seacht Sacraimíntí dhom. Agus feuch nár innsis an méid sin dom, a Pheig, go mbíodh daoine ann fadó agus iad pósta ag Dia an uile chómhacht!

Cáit.—Do bhíodh, mhaise. D’airigheas-sa mo dhaid mór ’ghá rádh seacht n‑uaire,—ní h‑eadh, ach seacht n‑uaire déag ar fhichid.

Síle.—Ó, go deimhin is uiriste do Cháit ní Bhuachalla caint a dhéanamh. Ní h‑é gach aoinne go bhfuil athair mór aige. Bhí athair mór agam-sa leis, tamall, ach do cailleadh é. Rug an t‑éagcruas chun siúbhail é. Slán beó mar a n‑innstear é!

Cáit.—Éist, a Shíle, a chuid! Feuch anois, níor chuimhnigheas orm féin go raibh an focal ráidhte agam. Ó, mhaise, níor theip an tuathal riamh orm! Éist, a Shíle, a chuid, maith an cailín! Is cuimhin liom-sa do dhaid mór go dian mhaith. Bhí árd chion agam air.

Peig.—Do bhí, a Cháit, agus árd chion aige-sean ort-sa. Is mó an cion a bhí aige ort ’ná bhí aige ar aoinne eile ar an taobh amuich de Shíle féin. Is cuimhin [ 101 ]liom go maith, nuair a bhítheá anso, agus nuair a chuireadh sé Síle ar ghlúin leis, ná bíodh sí sásta agus ná faghthí suidhe suaimhnis uaithi, d’á óige a bhí sí, go gcurtí thusa ar an nglúin eile. Ansan ní fheacaís riamh ach an spórt a bhíodh aige, agus é ’ghá leigint air bheith ag míogarnaigh, agus sibh-se a d’iaraidh bheith ag pógadh a chéile a gan fhios dó.

Gobnait.—Ó, am briathar, a Pheig, gur thug sí póg do Cháit anois!

Síle.—Tabharfad, agus póg eile. Feuch!

Gobnait.—Ó, ambasa, raid leat iad, a ’nghean ó!

Nóra.—Níor innsis dúinn fós, a Pheig, conus a bhéadh duine ’na Chéile Dé.

Peig.—Cad deireadh do dhaid mór, a Cháit?

Cáit.—Deireadh sé gurab amhlaidh thugaidís an grádh céadna do Dhia a thugan an fear d’á mhnaoi.

Peig.—Siné díreach é.

Síle.—Am briathar féin, a Pheig, nach le grádh do Dhia —moladh go deó leis! —ach le h‑eagla an Fhir Dhuibh do dhein Séadna Céile Dé dhe féin.

Peig.—Ní raibh an Fear Dubh le teacht go mbéadh na trí bliaghna deug caithte, agus ní raibh bac air í phósadh san am gcéadna.

Síle.—Nach shin é adeirim? Nuair a thiocfadh sé, b’fhéidir go mbéarfadh sé an bheirt leis.

Gobnait.—Agus ná taisbeánfadh san, a Shíle, gur le grádh do Mháire Ghearra féin ná pósfadh sé í?

Peig.—Go díreach, a Ghobnait; agus má thug sé suas do Dhia an grádh a bhí aige dhi-se, nuair ná féadfadh sé é thabhairt di féin gan í chur ar chumas an Fhir Dhuibh, nach shin é díreach an rud a dhéanfadh Céile Dé dhe, fé mar adúbhairt do shean-athair, a Cháit?

Gobnait.—Is dócha é.

[ 102 ]Peig.—Ní dócha ach deimhin, a Ghobnait. Ach má ’seadh, ní deirim gur thuig Máire Ghearra an taobh san de’n sgeul. Dá dtuigeadh, ní dócha go ndéarfadh sí an méid úd le máthair Mhicil. “Nach mór an iongnadh,” ar sise, “nár inis sé dhuit gur Chéile Dé é, agus gan bheith ’ghár gcur amú’!”

“Ní dúbhairt sé focal ar domhan liom, a bhean uasal,” arsa Siobhán, “ach gur shaoire dhuit an bás ba dhona d’á bhfuair daonaidhe riamh ’ná é féin dod’ phósadh.”

“Bhí sé thiar ag an dtigh againn, tá cúpla lá ó shin ann,” arsa Máire Ghearra, “an lá úd a bhí Micheál thiar, agus dúbhairt sé liom féin go raibh ceangal air i láthair Dé gan pósadh choídhche. Feuch anois tú, a Shiobhán,” ar sise, “tar fhearaibh an domhain mhóir bhraonaigh, cé chuimhneóchadh go mbéadh ceangal de’n tsórd san ar Shéadna? Ní raibh a leithéid d’iongnadh orm ó’n lá a rugadh mé. Geallaim dhuit,” ar sise, “gur osgail sé mo shúile dhom. An fear san go ndeirid daoine ná fuil aon chreideamh aige, agus a leithéid sin de cheangal air i láthair Dé; agus mise go bhfuil ainim an chreidimh go léir orm ag briseadh mo chroídhe a d’iaraidh teacht idir é agus Dia. Nach deas an obair í sin, a Shiobhán? Ní fheadar an tsaoghal ná’n domhan le chéile cad a bhain dom, nó cad a dhall mé; nó cad a chaoch suas m’aigne agus m’intinn, agus a rádh go ndéanfainn a leithéid. Cad déarfaid na comharsain?”

“Ná bíodh ceist ort, a bhean uasal, mar gheall ar an dtaobh san de’n sgeul. Tá sé socair cheana acu gurab é Séadna féin a chuaidh siar dod’ iaraidh, agus gur dhiúltuighis láithreach, agus ansan gur imthigh an fear bocht as a mheabhair,” arsa Siobhán.

“Aililliú!” arsa Máire, “nach gairid an mhoill ortha [ 103 ]é shocarughadh! Cad deir Séadna leis an socarughadh san?” ar sise.

“Focal amach as a bheul,” arsa Siobhán. “Agus geallaim dhuit nach baoghal go gcuirfidh aoinne aon cheist air; nó má chuirean, agus go bhfeuchfaidh seisean ins na súilibh air, bain an chluas díom má chuirean sé an tarna ceist.”

“Is é duine is éagsamhlaíghe d’ár bhuail riamh umam é,” arsa Máire. “Bhíos abhfad sul ar fhéadas a dhéanamh amach cia’cu droch dhuine é nó duine fóghanta. An cheud uair a chonac an feuchaint úd, do cheapas go raibh an t‑Áirseóir—fíoghar na Croise idir sinn agus é!—istigh ’na chroídhe, i dtreó nár mhaith liom bualadh uime ar an mbóthar, ná focal do labhairt leis. Ach bhíos oídhche ag teacht abhaile ó’n sráid, agus ag gabháil i leith an Bóthar Leathan dom, do tháinig iaracht de laige orm, agus do shuídheas ar chloich i lúib de chlaidhe an bhóthair. Do thuit mo chodla orm, agus nuair a dhúisigheas bhí an taom beag imthighthe, ach bhí sé i n‑am mhairbh na h‑oídhche. Phreabas am’ shuidhe agus thugas aghaidh ar an mbaile, agus geallaim dhuit ná raibh aon mhairbhitíghe ins na cosaibh agam. Oídhche bhreagh spéir-ghealaighe dob’ eadh í. Nuair a bhíos, mar a déarfá, fiche slat ó’n gcrosaire, cé gheabhadh aníos Bóthar na Bró ach Seághan na Gealaighe, an ropaire bitheamhnaigh!”

Síle.—Cé ’r bh’é sin, a Pheig?

Peig.—Sprid dob’ eadh é, a bhíodh ’ghá thaisbeáint féin ansúd, agus bhíodh sé ag marbhadh na ndaoine.

“Nuair a chonac é,” ar sise, “do cheapas láithreach go rabhas réidh. Le n‑a linn sin d’airigheas an duine ag siúbhal am’ dhiaigh. D’fheuchas thar mo ghualainn. Cé bhéadh ann ach Séadna, agus a dhá shúil ar dearg-lasadh agus sgian ar tarang aige, sgian choise duibhe. Do [ 104 ]ghluais sé tharm amach agus thug sé aghaidh ar an sprid. Le n‑a linn sin do chonac splannc lasrach, agus láithreach ’na dhiaigh san do chonac Séadna ar an áit agus é ’na aonar.

“‘’Seadh, a Mháire,’ ar seisean, ‘do chuadhais as go maith anocht. Do chonac ag gabháil i leith thú, agus bhí iongnadh orm cad do bheir amuich chómh déanach thú. Do leanas thú le h‑eagla na h‑áite seo. Téanam ort anois go seólad isteach abhaile thú.’

“Ní raibh ionam labhairt, agus is ar éigin a bhí ionam siúbhal. Níor sgar sé liom chun gur fhág sé shiar ag dorus m’athar mé. Ó’n lá san go dtí an lá atá indiú ann níor airigh aoinne, óg nó aosda, focal amach as a bheul mar gheall ar an ngnó. Ar maidin lar na mháireach, do fuaradh ag an gcrosaire, mar déarfá, oiread mo dhoirn de chnapóig glóthaighe agus sgian choise duibhe sáithte inti. Agus ní deirim go bhfeacaidh aoinne Seághan na Gealaighe ó shin ins an áit. Cheapas gur mhór an obair do Shéadna a anam féin do chur sa chontabhairt sin ar mo shon-sa, agus tháinig uraim mhór agam dó. Go deimhin, a Shiobhán, ní fhéadfainn a innsint duit cad é an chuma ’na raibh m’aigne ó’n oídhche sin go dtí an lá úd a chuaidh sé siar ’ghá innsint dom go raibh ceangal éigin idir é féin agus Dia, agus nár bh’fhéidir dó pósadh. Thuigeas ansan gur dhócha gur bh’é an ceangal san a thug an buaidh dhó ar an sprid. D’airighinn riamh, daoine a bhíodh tabhartha suas mar sin ar fad do Dhia, go mbíodh buaidh acu ar an Annsprid. Nuair a inis sé dhom go raibh ceangal i láthair Dé air gan pósadh choídhche, do ghlacas i láthair Dé an ceangal céadna. Agus feuch, a Shiobhán; ní túisge a ghlacas ’ná cheapas gur sgar pé droch nídh a bhí am’ aigne liom ar an neómat san. Chonaicís féin an chuma i n‑a rabhas [ 105 ]an lá úd dh’iaras ort beart áirithe a dhéanamh dom. Nuair a chuimhnighim air anois, ceapaim am’ aigne nach foláir nó bhíos as mo mheabhair rud éigin. Pé rud a bhí orm, tá sé imthighthe glan,—buidhchas mór le Dia na glóire dh’á chionn!”

“Ámén, a Thighearna!” arsa Siobhán.

Síle.—Agus cogar, a Pheig; nach greannmhar an ainim ar sprid “Seághan na Gealaighe”? An amhlaidh ná feictí é ach le solus na gealaighe?

Peig.—Oídhche spéir-ghealaighe dob’ eadh an oídhche a chonaic Máire Ghearra é.

Síle.—Siné díreach é. Agus má ’seadh, cad ’na thaobh gur tugadh “Seághan na Gealaighe” air, agus go bhfeictí é nuair ná bíodh an ghealach ’na suídhe i n‑aon chor?

Peig.—Duine saoghalta dob’ eadh ar dtúis é, agus bitheamhnach ab eadh é. Agus is amhlaidh a bhíodh sé amuich asdoídhche ag goid, le solus na gealaighe. Seághan ab ainim dó, agus do tugadh Seághan na Gealaighe mar leas-ainim air, as an ngoid. Bhíodh sé i mBóthar na Bró asdoídhche, ag faire ar dhaoinibh a bhíodh ag gabháil an bhóthair déanach ’san oídhche, agus ’ghá robáil. Fé dheire do mhairbh sé duine ann oídhche dhorcha, agus fé cheann tamaill duine eile. Ansan thánadar a ndaoine muinteardha san agus chuadar i bhfolach i n‑aice an bhóthair, agus nuair a bhí sé amach go maith san oídhche d’imthigh duine acu amach ar an mbóthar agus do leig sé air bheith ar meisge. Bhí Seághan ag faire, leis, agus nuair a chonaic sé an fear meisge, dar leis féin, do léim sé amach agus thug sé féi. Ansan do léimeadar go léir amach agus do marbhadh Seághan na Gealaighe. Agus as san amach do chítí an sprid i mBóthar na Bró, agus do lean “Seághan na Gealaighe” mar ainim ar an sprid.

Caibidiol 12