Page:Seadna.djvu/104

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
100
SÉADNA

Cáit.—Mura mbeidís pósta conus a tabharfaí “céile” ortha? Nach fear pósta nó bean phósta “céile”? Nach eadh, a Pheig?

Peig.—’Seadh, gan amhras.

Síle.—Agus, a Pheig, airiú, conus fhéadfadh fear bheith pósta ag Dia? Dar ndóigh, ní fhéadfadh fear bheith pósta ach ag mnaoi? Ar airigh aoinne riamh a leithéid?

Gobnait.—Aililliú, a Shíle, nach geur-chúiseach ataoi! Airiú, cia dúbhairt leat-sa ná féadfadh fear bheith pósta ach ag mnaoi?

Síle.—Dúbhairt Peig liom é an lá fé dheire agus í ag múineadh na seacht Sacraimíntí dhom. Agus feuch nár innsis an méid sin dom, a Pheig, go mbíodh daoine ann fadó agus iad pósta ag Dia an uile chómhacht!

Cáit.—Do bhíodh, mhaise. D’airigheas-sa mo dhaid mór ’ghá rádh seacht n‑uaire,—ní h‑eadh, ach seacht n‑uaire déag ar fhichid.

Síle.—Ó, go deimhin is uiriste do Cháit ní Bhuachalla caint a dhéanamh. Ní h‑é gach aoinne go bhfuil athair mór aige. Bhí athair mór agam-sa leis, tamall, ach do cailleadh é. Rug an t‑éagcruas chun siúbhail é. Slán beó mar a n‑innstear é!

Cáit.—Éist, a Shíle, a chuid! Feuch anois, níor chuimhnigheas orm féin go raibh an focal ráidhte agam. Ó, mhaise, níor theip an tuathal riamh orm! Éist, a Shíle, a chuid, maith an cailín! Is cuimhin liom-sa do dhaid mór go dian mhaith. Bhí árd chion agam air.

Peig.—Do bhí, a Cháit, agus árd chion aige-sean ort-sa. Is mó an cion a bhí aige ort ’ná bhí aige ar aoinne eile ar an taobh amuich de Shíle féin. Is cuimhin