Page:Seadna.djvu/105

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
101
SÉADNA

liom go maith, nuair a bhítheá anso, agus nuair a chuireadh sé Síle ar ghlúin leis, ná bíodh sí sásta agus ná faghthí suidhe suaimhnis uaithi, d’á óige a bhí sí, go gcurtí thusa ar an nglúin eile. Ansan ní fheacaís riamh ach an spórt a bhíodh aige, agus é ’ghá leigint air bheith ag míogarnaigh, agus sibh-se a d’iaraidh bheith ag pógadh a chéile a gan fhios dó.

Gobnait.—Ó, am briathar, a Pheig, gur thug sí póg do Cháit anois!

Síle.—Tabharfad, agus póg eile. Feuch!

Gobnait.—Ó, ambasa, raid leat iad, a ’nghean ó!

Nóra.—Níor innsis dúinn fós, a Pheig, conus a bhéadh duine ’na Chéile Dé.

Peig.—Cad deireadh do dhaid mór, a Cháit?

Cáit.—Deireadh sé gurab amhlaidh thugaidís an grádh céadna do Dhia a thugan an fear d’á mhnaoi.

Peig.—Siné díreach é.

Síle.—Am briathar féin, a Pheig, nach le grádh do Dhia —moladh go deó leis! —ach le h‑eagla an Fhir Dhuibh do dhein Séadna Céile Dé dhe féin.

Peig.—Ní raibh an Fear Dubh le teacht go mbéadh na trí bliaghna deug caithte, agus ní raibh bac air í phósadh san am gcéadna.

Síle.—Nach shin é adeirim? Nuair a thiocfadh sé, b’fhéidir go mbéarfadh sé an bheirt leis.

Gobnait.—Agus ná taisbeánfadh san, a Shíle, gur le grádh do Mháire Ghearra féin ná pósfadh sé í?

Peig.—Go díreach, a Ghobnait; agus má thug sé suas do Dhia an grádh a bhí aige dhi-se, nuair ná féadfadh sé é thabhairt di féin gan í chur ar chumas an Fhir Dhuibh, nach shin é díreach an rud a dhéanfadh Céile Dé dhe, fé mar adúbhairt do shean-athair, a Cháit?

Gobnait.—Is dócha é.