Séadna/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 11
[ 89 ]

CAIBIDIOL A H‑AONDEUG.

Le n‑a linn sin do bhí Micil agus a mháthair ag críochnughadh an chleamhnais ar a ndícheal. Is beag ná go raibh sé socair acu cia h‑iad a bhéadh ar an gcóisre.

D’airigheadar an duine ag teacht chun an tíghe. Phreabadar ’na suidhe. Bhíodar ag feuchaint an doras amach. Cia gheabhadh thar an ndorus ach Séadna! D’fhéach sé isteach ar an mbeirt. Níor bhog sé a bhéal. Níor dhein sé ach feuchaint ortha. Ba dhóigh leat gurab amhlaidh a cheangail an fheuchaint sin de’n talamh iad. Níor stad sé d’á shiúbhal. Níor dhéin sé ach feuchaint ortha agus comáint leis.

Níor labhair aoinne de’n bheirt go ceann abhfad. Fé dheire do labhair an mháthair.

“Seadh!” ar sise. “Cad deirir anois leat féin?”

“Deirim gur neamh-choitchianta an suiríghe é,” arsa Micil. “Duine réidh chun a phósta, agus é ag dul chun cainte leis an mnaoi óig, agus é tar éis bheith ag caint leis an sagart, gan casóg gan hata air, aprún gréasaidhe air, céir ar a mhéireanaibh, agus coinneal ’na dhá shúil! Tá an sgeul ag dul sa mhuilion orm.” Agus do bhuail sé amach agus suas chun a ghnótha. Agus geallaim dhuit ná raibh an misneach céadna sa chois bhacach ag gabháil suas a bhí inti ag gabháil síos aige.”

Bhí Seághan Ceatach ’na shuidhe sa phárlús, ’na thigh féin, i n‑aice na finneóige. Bhí Máire ’na suidhe ar a aghaidh amach. Cé chífidís ag teacht chun an dorais ach Séadna. Do phreab Seághan amach ’na choinnibh.

“Airiú, míle fáilte rómhat, a Shéadna!” ar seisean.

[ 90 ]“Go mairir slán, a Sheághain!” arsa Séadna. “D’oirfeadh dhom focal nó dó do labhairt le Máire, má ’s é do thoil é.”

“Siní ansan istigh agat í. Tá súil agam gur fearr an chaint atá agat le rádh léi ’ná a bhí agat le rádh liom-sa ar maidin.”

D’imthigh seisean isteach.

“Ó, míle fáilte rómhat, a Shéadna!” arsa Máire Ghearra.

“A leithéid seo, a Mháire,” ar seisean. “Tá rún agam le tabhairt duit. Níor cheapas go mbéadh orm é thabhairt d’aoinne choídhche. Ach ceapaim anois ná fuil an ceart déanta agam agus gan teacht níos túisge agus é thabhairt duit-se. Tá sé ceangailte orm i láthair Dé gan pósadh.”

Do stad sé. Níor labhair sise go ceann tamaill.

“Is ceangal uasal é,” ar sise ar ball. “Is ceangal uasal é,” ar sise, “agus is ceangal naomhtha é. Má’s ceangal uasal duit-se é,” ar sise, “ba chóir gur cheangal uasal dómh-sa é. Ná bíodh ceist ort,” ar sise. “Coimeádfad-sa do rún. Tá oiread eile de chroídhe agam agus do bhí le tamall. Is mór an tabharthas a thug Dia dhuit nuair a sprioc sé t’aigne chun ceangail de’n tsórd san a ghlacadh ort.”

“Tá an gnó a thug mé déanta agam. Beannacht Dé leat, a Mháire!” ar seisean. Agus d’imthigh sé gan labhairt le fear an tíghe.

Nuair do chuaigh sé amach fé’n spéir, do cheap sé gur luigh sgamal anuas ar mhullach a chinn. Do dhoirchigh an spéir agus do dhoirchigh an talamh. Tháinig barróg ar a chliabh. Shamhluigh sé go raibh a chroídhe imthighthe as a chliabh amach, agus gur bh’é rud a bhí i n‑inead a chroídhe aige ’ná mar a bhéadh cloch mhór throm. D’fheuch sé soir fá [ 91 ]dhéin a thíghe féin, agus má fheuch, tháinig gráin mhillteach aige ar an dtigh agus ar an áit, ar an gcrann agus ar an gcathaoir agus ar an mealbhóig, ar an obair, ar a raibh os cionn talaimh ann, istigh agus amuich. I n‑inead aghaidh a thabhairt ar an mbaile, thug sé aghaidh ar an gcnoc. Ag gabháil thar tigh cómharsan dó bhí beirt leanbh ag spórt sa chlós, agus chómh luath agus a chonacadar é do ritheadar isteach ag sgreadaigh.

“Ó a mham!” arsa duine acu. “Tá duine buile amuich sa chlós agus d’ fheuch sé orm!”

Chuir Séadna an cnoc amach de. Nuair a shrois sé an fiaradh bhí iongnadh air a luighead tuirse a bhí air agus an cnoc chómh dian. Bhí radharc áluinn ó’n mullach. Do chonaic sé an tsráid, agus páirc an aonaigh, agus tigh Dhiarmuda Léith, agus tigh na baintrighe. Do chonaic sé a thigh féin agus tigh Sheághain Cheataigh. Dá mbéadh an radharc seacht n‑uaire níos aoibhne, ní bhainfeadh sé an chloch as a chliabh ná ní thógfadh sé an sgamal d’á cheann. Bhí plásóg bhreagh mhór leathan chúnlaigh ar bhárr an chnuic, chómh tirim le leabaidh chlúimh eun, agus chómh bog san go raghadh duine go glúinibh inti. Do chaith sé é féin sa phlásóig sin ar a bheul agus ar a aghaidh, agus ní dócha go raibh ar thalamh tirim na h‑Éirean an lá san fear eile chómh brúighte chómh basgaithe aigne leis.

Fé cheann tamaill do thóg sé a cheann agus d’fheuch sé siar fan chliatháin an tsléibhe. Chonaic sé an bhean ag gabháil aniar. Cheap sé ar dtúis gur bhean éigin des na cómharsanaibh í, a bhí ag gabháil cómhgar an chnuic. Ba ghearr gur thug sé fé ndeara go raibh sí ag déanamh ceann ar aghaidh ar an áit i n‑a raibh sé féin. Phreab sé ’na shuidhe. Ba ghearr gur aithin sé í. An bhean chos-nochtaithe isí a bhí ann!

“Síothcháin Dé ort, a Shéadna!” ar sise.

[ 92 ]“D’oirfeadh san dom,” ar seisean, “má oir sé d’aoinne riamh.”

“Feuch!” ar sise, ag osgailt lámha léi. “Siní an sgilling úd a thugais dom ar son an tSlánuightheóra.”

“Is cuimhin liom é,” ar seisean. “Is ’mó sgilling a ghaibh trém’ láimh ó shin, agus is suarach an sólás dom indiú iad. Ba shuaimhneasaíghe bhéadh an saoghal agam dá mba ná feicfinn riamh iad.”

“Is ’mó maith atá déanta agat leó ná béadh déanta agat dá mba ná feicfeá riamh iad,” ar sise.

“B’fhéidir go bhfuil raint díobhála déanta ná béadh déanta dá mba ná feicfinn riamh iad,” ar seisean.

“Is treise ar an maith ’ná ar an ndíobháil,” ar sise.

“Is treise ar dhíobháil an lae indiú,” ar seisean, “ná ar an maith go léir.”

“Conus é sin?” ar sise.

“Dá ndéininn-se mo ghnó an lá úd leis an sgilling sin agus leis an dá cheann eile a bhí agam ’na theannta,” ar seisean, “ní chuimhneóchainn riamh ar Mháire Ghearra, ná í orm. Ní chuirfinn aithne ar bhuairt an lae indiú. Ní bhéadh mo chroídhe ’na chloich agus mo cheann ’na cheó agus m’aigne ina tulach cheardchan mar atá. Ní bhéadh mo shaoghal gearrtha amach ar thrí bliaghnaibh deug, agus a leath san féin imthighthe anois.”

“Feuch, a Shéadna,” ar sise, agus d’osgail sí an lámh eile léi, agus do thaisbeáin sí dhó, ar chroídhe a dearnan, liathróidín gloine. Agus is amhlaidh a bhí an liathróidín sin agus í chómh solusmhar agus ná féadfá feuchaint díreach uirthi nó do dhallfadh sí thú. Agus do bhí cáithníní soluis ag imtheacht aisti mór-thímpal, mar bhéadh as an ngréin. Bhí crios beag óir uirthi, agus slabhra óir as an gcrios.

“Cad é an rud é sin?” arsa Séadna, agus é a [ 93 ]d’iaraidh feuchaint ar an liathróid, agus neart an tsoluis ag baint na súl as.

“Is leat-sa é,” ar sise.

“Cad do bhéarfadh gur liom-sa é?” ar seisean.

“Siné an gníomh a dhéinis ar maidin indiú,” ar sise, “an gníomh is uaisle d’ár déineadh i n‑Éirinn le fada.”

“Cad é an gníomh uasal so a dhéineas-sa ar maidin indiú, airiú?” ar seisean.

“Do dhéinis,” ar sise, “an bhean is fearr i n‑Éirinn do chur ód’ chroídhe ar son an tSlánuightheóra.”

“Cad é mo leigheas air?” ar seisean. “Conus dh’fhéadfainn a leithéid d’éagcóir a dhéanamh ar a leithéid de mhnaoi?”

“Do sgarais le n‑a leithéid de mhnaoi níos túisge ’ná a dhéanfá a leithéid d’éagcóir,” ar sise.

Le n‑a linn sin do dhéin sí air suas agus do chuir sí an slabhra ar a mhuineál, agus do chuir sí an tseóid isteach ’na bhrollach, ar aghaidh a chroídhe.

“Coimeád ansan é,” ar sise, “agus an cás is cruadha a bhéarfaidh choídhche ort, agus an greim is géire a thiocfaidh ort, ní chaillfidh ar do mhisneach.”

Ní túisge a chuir sí a lámh isteach ’na bhrollach ’ná a mhothuigh sé mar a phleusgfadh rud éigin ’na dhá chluais. D’imthigh an ceó. Do gheal an spéir agus an talamh. D’imthigh an bhuile bhuartha as a aigne, agus bhí a chroídhe féin airís aige.

Ní túisge a bhí an focal deirineach ráidhte aici-si ’ná tháinig ceó éigin bán ’na tímpal a chlúduigh ó n‑a radharc í, agus ansan do leath an ceó amach agus ní raibh sí ann.

D’fheuch sé ’na thímpal ar an spéir agus ar an dtalamh. Bhí a aigne chómh suaimhneasach agus a bhí sí riamh i gcaitheamh a shaoghail aige. D’fheuch sé anonn ar an sráid, anonn [ 94 ]ar thigh Dhiarmuda Léith, soir ar thigh na baintrighe, anonn ar a thigh féin, síos ar thigh Sheághain Cheataigh. Chuir sé smut de gháire as agus thug sé aghaidh ar an mbaile.

Gobnait.—Ní fheadar cad dúbhairt Micil nuair a chonaic sé ag teacht é.

Peig.—Níor labhair duine acu focal nuair a chonacadar ag teacht é. D’á ghioracht an aimsir ó tháinig Seághan Ceatach maidin, bhí an sgeul, um an dtaca san, leathta ar fuid na dúithe go raibh Séadna ar éadtromacht. Go raibh an cleamhnas nach mór déanta, gur dhiúltuigh Máire Ghearra do’n phósadh, agus gur imthigh Séadna as a mheabhair. Go bhfeacathas é i gcaitheamh an lae ag gluaiseacht tríd an ndúthaigh ’na bhríste agus ’na léine. Gur mhairbh sé leanbh thuas i mbárr an bhaile. Ansan gur chuir sé an cnoc amach dé mar chuirfeadh fiadh buídhe ó’n Mangartain. Go raibh sé imthighthe go Gleann na nGealt agus gur dhócha nár bh’fhios cathain a chasfadh sé. Go raibh gasra ar gach baile des na seacht mbailtibh mór-thímpal ag briseadh adhmaid agus ag déanamh geaitirí ag ollamhughadh soillse i gcóir na h‑oídhche chun dul ar a lorg, agus gan amhras go bhfuighfí sáithte ar mhullach a chinn i bpoll éigin é báithte, nó i bpluais charaige, leathta le fuacht agus le h‑ocras.

Cáit.—Nár chúitighthear a saothar leó! B’fhéidir, dá mbéadh fuacht agus ocras air, gur bheag ag cuid acu gan puínn suime chur ann.

Peig.—Is fíor dhuit-se sin, a Cháit. Ach má ’seadh, ní raibh puínn sa mbreis acu ar Shéadna féin sa méid sin. B’shin é an buachaill ná cuirfeadh puínn suime ’na gcuid saothair ná ’na gcuid ollmhúcháin, dá mbéadh ’fhios aige é bheith ar siúbhal, rud ná raibh a fhios aige.

Gobnait.—Ba mhór an spórt iad ag imtheacht san oídhche [ 95 ]tré phortachaibh agus tré chnocaibh ’ghá chuardach, agus é go seasgair sa bhaile ag déanamh a chuid bróg, agus an “Chailleach Ruainneach” mar chrónán aige.

Peig.—Fágaim le h‑uadhacht, a Ghobnait, gur as mo bheul a bhainis é.

Ní túisge tháinig Séadna isteach ’ná do luigh sé ar obair, agus ní raibh an trímhadh greim curtha aige go raibh an “Chailleach Ruainneach” ar siúbhal chómh h‑aibigh agus bhí sí riamh, i dtreó gur fheuchadar na fir ar a chéile, agus gur shádhuigh Micil an meanuith go daingean isteach i súil a órdóige.

Síle.—Cad ba ghádh dhó é sin a dhéanamh, a Pheig?

Peig.—Ní fheadar an tsaoghal, a Shíle, murab amhlaidh a bhi sé ag cuimhneamh ar rud éigin eile an fhaid a bhí an meanuith aige d’á thiomáint.

Síle.—Tá a fhios agam-sa cad air go raibh sé ag cuimhneamh.

Peig.—Cad air, a Shíle?

Síle.—Bhí sé ’ghá chuimhneamh gur mhaith leis a fhios a bheith aige cad dúbhairt Máire Ghearra nuair a chonaic sí an chéir ar mhéireanaibh Shéadna, agus an aprún air, agus ceann-lomrachta, nó ar briseadh an cleamhnas mar gheall ar an méid sin.

Peig.—Agus dar ndó’, a Shíle, má bhí an oiread san ar a aigne, ní h‑iongnadh é ag cur an mheanuithe tré n‑a órdóig.

Síle.—Dúbhairt a mháthair go raibh sé go maith chun cleamhnais a dhéanamh, agus is dóigh liom-sa ná raibh aon mhaith ann.

Peig.—Cad ’na thaobh go ndéarfá ná raibh aon mhaith ann, a Shíle?

Síle.—’Dhe greadadh chuige, an tuathalán! B’fhearr go [ 96 ]mór an díol air cleamhnas a thabhairt dó le briseadh ’ná cleamhnas a thabhairt dó le déanamh.

Gobnait.—Fan go fóil, a Shíle, a chuid. Dar ndó’ ní fhéadfadh aoinne beó an cleamhnas úd a dhéanamh. Ní fhéadfadh Diarmán féin é dhéanamh. Ná raibh aigne Shéadna socair ’na choinnibh ó thusach? Ná dúbhairt sé gur shaoire dhí í losgadh ’na beathaidh ’ná é ’ghá pósadh?

Síle.—Ní fheadar, a Pheig, cad é an chúis go ndúbhairt sé an focal san.

Peig.—Cad is dóigh leat féin, a Shíle?

Síle.—Cheapas gurab amhlaidh nár mhaith leis í fhágáil ’na dhiaigh ’na baintrigh nuair a bheadh na trí bliaghna deug istigh. Ach dar ndó’ ní h‑ionan sin agus í losgadh ’na beathaidh.

Peig.—Ceapaim-se go raibh níos mó ’ná san ann, a Shíle. Níor bh’fholáir sgeul an Fhir Dhuibh d’innsint dí ó thúis go deire, nó é ceilt uirthi ó thúis go deire. Dá ’neósfaí dhí é, agus annsan go bpósfadh sí Séadna, rud a dhéanfadh sí, do bhrisfeadh a mhachtnamh a sláinte. Bhéadh sí d’á snaoidh ag galar dóghach, agus ba ghearr a mhairfeadh sí. Dá mba ná ’neósfaí dhí é, do bhéadh an feall déanta ag Séadna ba mheasa d’ár déineadh riamh. Ní fhéadfadh sé an feall san a dhéanamh, agus bhí a rian air, do theip ortha go léir an cleamhnas a dhéanamh.

Gobnait.—D’airigheas-sa go raibh aon chleamhnas amháin agus gur theip ar Dhiarmán é dhéanamh.

Síle.—Cad é an cleamhnas é, a Ghobnait?

Gobnait.—Cleamhnas an Chaoiltigh.

Cáit.—Ó, am briathar ’s ambasa, a Ghobnait, gur airigheas é bheith ar siúbhal. Ach má ’seadh, níor airigheas é bheith briste. Cad a bhris é, airiú? Bhí [ 97 ]iongnadh ar gach aoinne a rádh go bpósfadh sé Siún.

Gobnait.—Is amhlaidh a bhí sgata áilteóirí cruinnighthe thoir ag ceardchain Mhicil Gabha, agus bhí Diarmán ann. Bhíodar ’ghá rádh go raibh feircín óir fé cheann na leapthan ag an gCaoilteach tar éis teacht thar faraige dhó. “Níor bh’fhearra dhuit rud a dhéanfá, a Dhiarmáin,” arsa duine acu, “’ná cleamhnas a dhéanamh dó.”—“Cia leis go labharfainn?” arsa Diarmán.—“Le Tadhg Bán,” arsa fear eile. Do liúghadar go léir agus do gháireadar. Cheap seisean gur ag moladh an chleamhnais a liúghadar. Siúd amach é agus soir go tigh an Chaoiltigh. “A Chaoiltigh,” arsa Diarmán, “tá cleamhnas déanta agam duit.”—“Go bhfágaidh Dia do shláinte agat, a Dhiarmuid,” arsa ’n Caoilteach, “agus gan a fhaid sin de luígheachán na bliaghna ort! Cia h‑í féin?”—“Go réidh, go réidh, a Chaoiltigh! Is cuma dhuit fós cia h‑í féin. Ní ’neósad duit cia h‑í féin. Ní thráchtfad ar a h‑ainim leat chun go mbéidh a fhios agam an bhfuilir ollamh agus ceapaithe ar phósadh.”—“Táim ollamh agus lán-cheapaithe,” ar seisean.—“Tá go maith,” arsa Diarmán. “’Neósad an méid sin dóibh,” agus d’imthigh sé. Siúd siar é go tigh Thaidhg Bháin. Ní raibh istigh roimis ach Siún. “A Shiún,” ar seisean, “tá cleamhnas déanta agam duit.”—“Nár chúitighthear do shaothar leat!” ar sise.—“Cúiteóchthar,” ar seisean. “Tá feircín óir fé cheann na leapthan aige.”—“Tá, agus feircín gaoithe fé chosaibh na leapthan agat-sa! Cá bhfaigheadh sé é?”—“É thabhairt leis tar faraige,” ar seisean.—“Airiú, an é an Caoilteach atá ar siúbhal agat?” ar sise.—“Is [ 98 ]é an fear céadna san díreach atá ar siúbhal agam,” ar seisean.—“An rabhais ag caint leis?” ar sise.—“Anois díreach a thánag uaidh,” ar seisean. “Dúbhairt sé,” ar seisean, “go raibh sé ollamh agus lán-cheapaithe ar thusa phósadh.”—Ní raibh aon lá ar feadh seachtmhaine ’na dhiaigh san ná gur cheap sí an uile neómat gur bh’é an Caoilteach a bhíodh chuici an dorus isteach nuair airigheadh sí aoinne ag teacht. Fé dheire do bhris ar an bhfoidhne aici. Siúd soir í go tigh an Chaoiltigh.

Peig.—Níor chuaidh!

Gobnait.—Deirim leat gur chuaidh, agus a ceann i n‑áirde chómh baoth agus bhí sé riamh. Bhí iongnadh ar an gCaoilteach cad a thug í. Bhí sé chómh fada as an ndúthaigh, níor aithin sé cia ’r bh’í.

Fy don’t you marry me?” ar sise.

Fot does I want you for?” ar seisean, “you head of a fool!

Cáit.—Tuigim an sgeul go léir anois. Níor ghaibh Diarmán thar an ndorus ó shin acu, agus níor lúgha air saighidiúir dearg do bhualadh uime ar an mbóthar ’ná aoinne de’n bheirt, Siún ná a h‑athair.

Síle.—Abair as Gaodhluinn é, a Ghobnait.

Gobnait.—“Cad ’na thaobh ná pósan tú mise?” ar sise. “Cad é an gnó a bhéadh agam díot-sa, a phlaosg óinsíghe?” ar seisean.

Síle.—Siné. Tuigim anois é. Nach gránda an chaint an Béarla san! Ní fheadar féin an tsaoghal cad é an dúil a bhíon ag daoinibh ann. Ní’l acu ach “fot? fot? fot?” mar bhéadh cearc go mbéadh diuc uirthi.

Caibidiol 11