Page:Seadna.djvu/96

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
92
SÉADNA

“D’oirfeadh san dom,” ar seisean, “má oir sé d’aoinne riamh.”

“Feuch!” ar sise, ag osgailt lámha léi. “Siní an sgilling úd a thugais dom ar son an tSlánuightheóra.”

“Is cuimhin liom é,” ar seisean. “Is ’mó sgilling a ghaibh trém’ láimh ó shin, agus is suarach an sólás dom indiú iad. Ba shuaimhneasaíghe bhéadh an saoghal agam dá mba ná feicfinn riamh iad.”

“Is ’mó maith atá déanta agat leó ná béadh déanta agat dá mba ná feicfeá riamh iad,” ar sise.

“B’fhéidir go bhfuil raint díobhála déanta ná béadh déanta dá mba ná feicfinn riamh iad,” ar seisean.

“Is treise ar an maith ’ná ar an ndíobháil,” ar sise.

“Is treise ar dhíobháil an lae indiú,” ar seisean, “ná ar an maith go léir.”

“Conus é sin?” ar sise.

“Dá ndéininn-se mo ghnó an lá úd leis an sgilling sin agus leis an dá cheann eile a bhí agam ’na theannta,” ar seisean, “ní chuimhneóchainn riamh ar Mháire Ghearra, ná í orm. Ní chuirfinn aithne ar bhuairt an lae indiú. Ní bhéadh mo chroídhe ’na chloich agus mo cheann ’na cheó agus m’aigne ina tulach cheardchan mar atá. Ní bhéadh mo shaoghal gearrtha amach ar thrí bliaghnaibh deug, agus a leath san féin imthighthe anois.”

“Feuch, a Shéadna,” ar sise, agus d’osgail sí an lámh eile léi, agus do thaisbeáin sí dhó, ar chroídhe a dearnan, liathróidín gloine. Agus is amhlaidh a bhí an liathróidín sin agus í chómh solusmhar agus ná féadfá feuchaint díreach uirthi nó do dhallfadh sí thú. Agus do bhí cáithníní soluis ag imtheacht aisti mór-thímpal, mar bhéadh as an ngréin. Bhí crios beag óir uirthi, agus slabhra óir as an gcrios.

“Cad é an rud é sin?” arsa Séadna, agus é a