Page:Seadna.djvu/99

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
95
SÉADNA

tré phortachaibh agus tré chnocaibh ’ghá chuardach, agus é go seasgair sa bhaile ag déanamh a chuid bróg, agus an “Chailleach Ruainneach” mar chrónán aige.

Peig.—Fágaim le h‑uadhacht, a Ghobnait, gur as mo bheul a bhainis é.

Ní túisge tháinig Séadna isteach ’ná do luigh sé ar obair, agus ní raibh an trímhadh greim curtha aige go raibh an “Chailleach Ruainneach” ar siúbhal chómh h‑aibigh agus bhí sí riamh, i dtreó gur fheuchadar na fir ar a chéile, agus gur shádhuigh Micil an meanuith go daingean isteach i súil a órdóige.

Síle.—Cad ba ghádh dhó é sin a dhéanamh, a Pheig?

Peig.—Ní fheadar an tsaoghal, a Shíle, murab amhlaidh a bhi sé ag cuimhneamh ar rud éigin eile an fhaid a bhí an meanuith aige d’á thiomáint.

Síle.—Tá a fhios agam-sa cad air go raibh sé ag cuimhneamh.

Peig.—Cad air, a Shíle?

Síle.—Bhí sé ’ghá chuimhneamh gur mhaith leis a fhios a bheith aige cad dúbhairt Máire Ghearra nuair a chonaic sí an chéir ar mhéireanaibh Shéadna, agus an aprún air, agus ceann-lomrachta, nó ar briseadh an cleamhnas mar gheall ar an méid sin.

Peig.—Agus dar ndó’, a Shíle, má bhí an oiread san ar a aigne, ní h‑iongnadh é ag cur an mheanuithe tré n‑a órdóig.

Síle.—Dúbhairt a mháthair go raibh sé go maith chun cleamhnais a dhéanamh, agus is dóigh liom-sa ná raibh aon mhaith ann.

Peig.—Cad ’na thaobh go ndéarfá ná raibh aon mhaith ann, a Shíle?

Síle.—’Dhe greadadh chuige, an tuathalán! B’fhearr go