Page:Seadna.djvu/98

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
94
SÉADNA

ar thigh Dhiarmuda Léith, soir ar thigh na baintrighe, anonn ar a thigh féin, síos ar thigh Sheághain Cheataigh. Chuir sé smut de gháire as agus thug sé aghaidh ar an mbaile.

Gobnait.—Ní fheadar cad dúbhairt Micil nuair a chonaic sé ag teacht é.

Peig.—Níor labhair duine acu focal nuair a chonacadar ag teacht é. D’á ghioracht an aimsir ó tháinig Seághan Ceatach maidin, bhí an sgeul, um an dtaca san, leathta ar fuid na dúithe go raibh Séadna ar éadtromacht. Go raibh an cleamhnas nach mór déanta, gur dhiúltuigh Máire Ghearra do’n phósadh, agus gur imthigh Séadna as a mheabhair. Go bhfeacathas é i gcaitheamh an lae ag gluaiseacht tríd an ndúthaigh ’na bhríste agus ’na léine. Gur mhairbh sé leanbh thuas i mbárr an bhaile. Ansan gur chuir sé an cnoc amach dé mar chuirfeadh fiadh buídhe ó’n Mangartain. Go raibh sé imthighthe go Gleann na nGealt agus gur dhócha nár bh’fhios cathain a chasfadh sé. Go raibh gasra ar gach baile des na seacht mbailtibh mór-thímpal ag briseadh adhmaid agus ag déanamh geaitirí ag ollamhughadh soillse i gcóir na h‑oídhche chun dul ar a lorg, agus gan amhras go bhfuighfí sáithte ar mhullach a chinn i bpoll éigin é báithte, nó i bpluais charaige, leathta le fuacht agus le h‑ocras.

Cáit.—Nár chúitighthear a saothar leó! B’fhéidir, dá mbéadh fuacht agus ocras air, gur bheag ag cuid acu gan puínn suime chur ann.

Peig.—Is fíor dhuit-se sin, a Cháit. Ach má ’seadh, ní raibh puínn sa mbreis acu ar Shéadna féin sa méid sin. B’shin é an buachaill ná cuirfeadh puínn suime ’na gcuid saothair ná ’na gcuid ollmhúcháin, dá mbéadh ’fhios aige é bheith ar siúbhal, rud ná raibh a fhios aige.

Gobnait.—Ba mhór an spórt iad ag imtheacht san oídhche