“Go mairir slán, a Sheághain!” arsa Séadna. “D’oirfeadh dhom focal nó dó do labhairt le Máire, má ’s é do thoil é.”
“Siní ansan istigh agat í. Tá súil agam gur fearr an chaint atá agat le rádh léi ’ná a bhí agat le rádh liom-sa ar maidin.”
D’imthigh seisean isteach.
“Ó, míle fáilte rómhat, a Shéadna!” arsa Máire Ghearra.
“A leithéid seo, a Mháire,” ar seisean. “Tá rún agam le tabhairt duit. Níor cheapas go mbéadh orm é thabhairt d’aoinne choídhche. Ach ceapaim anois ná fuil an ceart déanta agam agus gan teacht níos túisge agus é thabhairt duit-se. Tá sé ceangailte orm i láthair Dé gan pósadh.”
Do stad sé. Níor labhair sise go ceann tamaill.
“Is ceangal uasal é,” ar sise ar ball. “Is ceangal uasal é,” ar sise, “agus is ceangal naomhtha é. Má’s ceangal uasal duit-se é,” ar sise, “ba chóir gur cheangal uasal dómh-sa é. Ná bíodh ceist ort,” ar sise. “Coimeádfad-sa do rún. Tá oiread eile de chroídhe agam agus do bhí le tamall. Is mór an tabharthas a thug Dia dhuit nuair a sprioc sé t’aigne chun ceangail de’n tsórd san a ghlacadh ort.”
“Tá an gnó a thug mé déanta agam. Beannacht Dé leat, a Mháire!” ar seisean. Agus d’imthigh sé gan labhairt le fear an tíghe.
Nuair do chuaigh sé amach fé’n spéir, do cheap sé gur luigh sgamal anuas ar mhullach a chinn. Do dhoirchigh an spéir agus do dhoirchigh an talamh. Tháinig barróg ar a chliabh. Shamhluigh sé go raibh a chroídhe imthighthe as a chliabh amach, agus gur bh’é rud a bhí i n‑inead a chroídhe aige ’ná mar a bhéadh cloch mhór throm. D’fheuch sé soir fá