Séadna/10
CAIBIDIOL A DEICH.
Ar maidin, lar na mháireach, bhí Séadna agus a lucht oibre ag obair ar a lán-dícheal. Bhí bog-fheaduíol na bhfear, agus mion-bhuillí na gcasúr mbeag, agus tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh ar siúbhal chómh dian agus dá mba ná béadh bróg ná buatais d’á dhéanamh i n‑aon bhall eile ar thalamh tirim na h‑Éirean.
“Cé h‑é sin aníos?” arsa duine des na fearaibh.
Thóg gach aoinne a cheann ach Micil.
“Seághan Ceatach go deimhin!” arsa duine eile.
Do phreab Séadna ’na shuidhe agus siúd amach é, agus síos i gcoinnibh Sheághain Cheataigh.
Thug an bheirt tamall mór ag gabháil treasna na páirce, anonn agus anall, ag caint agus ag cur thré chéile, ach do bhíodar ró fhada síos, i dtreó nár fhéad aon duine des na fearaibh focal de’n chaint a dhéanamh amach. Fé dheire do sgaradar le n‑a chéile. Do thug Seághan Ceatach a aghaidh siar ar a thigh féin. Ach i n‑inead filleadh chun a ghnótha, do thug Séadna a aghaidh an bóthar soir chun na sráide.
Do léim Micil, agus chaith sé uaidh an bhróg a bhí idir lámhaibh aige, agus siúd fá dhéin a thíghe féin é ar sodar.
Chómh luath agus tháinig sé ar an dtaoibh istigh de dhorus, “A mháthair,” ar seisean, “a leithéid seo. Tá an cleamhnas déanta!”
“Éist do bheul!” ar sise.
“Ó go deimhin tá,” ar seisean. “Bhí Seághan Ceatach féin thuas ó chianaibh, agus bhí sé féin agus Séadna ar feadh uair a’ chloig sa pháirc ag caint, agus [ 85 ]ansan d’imthigh Seághan Ceatach abhaile agus tá Séadna imthighthe soir go tigh an tsagairt.”
“Cad a bhí acu d’á rádh sa pháirc?” ar sise.
“Ní fheadar,” ar seisean. “Bhíodar ró fhada uaim.”
B’fhíor do Mhicil é. Bhí Séadna imthighthe go tigh an tsagairt, ach má ’seadh, ní chun an chleamhnais a chríochnughadh é.
“Dia dhuit, a Shéadna!” arsa ’n sagart. “Is cneasda go léir na bróga iad súd a chuiris chúgam an lá fé dheire.”
“Dia ’s Muire dhuit agus Pádraig, a Athair! Tá áthas orm mar a thaithnid na bróga leat. Ach isé rud a thug anois chun cainte leat mé ’ná mé a bheith i gcruadh-chás.”
“Go deimhin agus go dearbhtha, a Shéadna, is oth liom san do chlos; agus ní mé amháin, ach ní’l duine ar fuid na dúithe, íseal ná uasal, bocht ná saidhbhir, nár bh’oth leó é. Agus go deimhin féin, agus ní i dtaoibh tu bheith láithreach adeirim é, ba mhaith an ceart dóibh.”
“Is ’mó céim cruaidh gur ghabhas tríd le tamall, a Athair. Ach sidé an greim is géire d’ár rug riamh ar mo chroídhe. Tá aithne agat ar inghín Sheághain Cheataigh?”
“Tá gan amhras, a Shéadna. Cia aige ná fuil aithne ar Mháire? An óig-bhean is creideamhnaíghe sa pharóiste.”
Níl a leithéid eile ag siúbhal drúchta indiu, a Athair, agus is amhlaidh mar atá an sgeul agamsa le fada, do thabharfainn a bhfuil an tsaoghal agam, agus a raibh riamh agus a mbéidh go bráth, ar neart a bheith dhom í phósadh.”
“Is truagh nár innsis an méid sin dom fadó, a mhic ó. Tá a fhios agam-sa, ar shlígh nach misde dhom a [ 86 ]innsint duit-se anois, go bhfuil an aigne chéadna ag Máire dhuit-se atá agat-sa di-se.”
“Cad é sin agat d’á rádh, a Athair?” arsa Séadna, agus sgeón ann.
“Tá an rud atá ar eólas agam, isé sin gur gioraide a saoghal do Mháire Ghearra mura bpósfar leat-sa í. Tá sí dh’á snaoidh amach os cómhair ár súl.”
“Ó, Dia le m’anam!” arsa Séadna. “Tá an sgeul níosa seacht measa ’ná mar a bheartuigheas!”
“Airiú, an as do mheabhair ataoi?” arsa ’n sagart.
“Ó, ní h‑as mo mheabhair, a Athair, ná as mo chéill. Is ró chruinn atá gach taobh acu agam. Tá bean bhocht ansúd thiar gur chuireas comaoine bheag uirthi an lá fé dheire. Tháinig sí, mar mhaithe liom, dar léi, agus do labhair sí liom ar an ngnó so. Cheapas gur chuireas i n‑iúl di, soiléir go leór, ná raibh aon bhreith agam ar chleamhnas a dhéanamh le Máire Ghearra, ná le h‑aon mhnaoi eile. Cheapas go gcuirfeadh sise in úil é do Mháire féin agus d’á h‑athair, agus go raghadh an sgeul chun suaimhnis gan cheataíghe do dhuine ar bith ach dom féin. I n‑a inead san, is amhlaidh atá mí-ádh éigin dá thiomáint ar aghaidh agus dá chur chun cinn, do’m lom deirig aimhdheóna. Do tháinig an duine galánta féin i leith de shiúbhal a chos ar maidin indiú, ’ghá innsint dom ná raibh aon fhear i n‑Éirinn dob’ fhearr leis mar chleamhain ’ná mé. Agus nuair a chuireas i n‑iúl dó, chómh réidh agus d’fhéadas é, ná raibh aon bhreith agam ar phósadh choídhche, ba dhóich leat gur bh’í an oídhche do thuit i lár an lae air. Agus anois, mar bhara ar gach ndonas, tuigim uait-se, a Athair, go bhfuil díobháil sláinte d’á dhéanamh do Mháire Ghearra féin. Is truagh an sgeul é! Is truagh agus is tubaisteach an sgeul é!”
D’fheuch an sagart air.
[ 87 ]“A Shéadna,” ar seisean, “is tú an fear is éagsamhlaíghe d’ár bhuail riamh fós umam i n‑aon taobh d’ár thugas m’aghaidh. Nuair a thánaís isteach, do thuigeas uait ná raibh nídh ar bith ag briseadh do chroídhe ach gan neart a bheith dhuit Máire Ghearra do phósadh. Anois, siné a h‑athair, le n‑a lán-toil féin, ’ghá bronnadh suas ort, agus ní’l agat le rádh ach gur truagh agus gur tubaisteach an sgeul é! Cad é mar shaghas duine thú? Nó cad ’tá uait?”
“Ní h‑iongnadh tú ag cur na ceiste sin, a Athair,” arsa Séadna. “Is deacair a rádh cad é an saghas duine mé, ná cad ’tá uaim. Pé saghas duine mé, tá an méid seo agam le rádh i dtaoibh an chleamhnais seo: ba shaoire do Mháire Ghearra an bás is dona d’á bhfuair daonaidhe riamh ’ná mise ’ghá pósadh. Siné an saghas duine mé. Dá bhféadfainn teacht suas le duine éigin do labharfadh léi agus do nochtfadh an sgeul san dí, agus do thabharfadh cómhairle a leasa dhí, .i. mise do chur as a h‑aigne agus as a croídhe, agus í féin a thabhairt suas do Dhia mar a thug sí riamh, siné atá uaim. Cheapas go ndéanfadh an bhaintreach é. Má dhéin, níor tháinig léi. D’iaras ar Sheághan Cheatach féin ó chianaibh é dhéanamh. Is baoghal liom ná feadair an duine cad is maith dhó a dhéanamh. Do thánag chúgat-sa, a Athair, ag brath air, as méid do thaithíghe agus do thuisgiona agus do mheabhrach cinn féin, go ndéanfá é, nó go gcómhairleóchthá cad is fearr a dhéanamh sa chás.”
“Tá eagal orm, a Shéadna,” arsa ’n sagart, “go bhfuil éagcóir throm agat d’á déanamh ort féin. Tá aithne mhaith agam ort le fada. An lá is dealbha d’á rabhais, níor airigheas luach feóirlinge ag aoinne d’á chur ad’ leith. An lá is neamh-spleadhaíghe d’á rabhais, níor h‑abradh riamh gur dhéinis éagcóir ar cheardaidhe, [ 88 ]ná go raibh a chuid alluis agat gan díol as. Dealbh ná saidhbhir, níor airigheas duine riamh ’ghá rádh go bhfeacaidh sé thú ag teacht abhaile ar meisge, sáithte i mbruighin, na ag cómhluadar le droch chuideachtain. Ní’l goid ná fuadach le cur ad’ leith. Ní’l dlígh ná clampar ná achran le cur ad’ leith. Na daoine go bhfuil do chuid acu, ba dheacair iad d’áireamh. Níor chlos fós gur dhian tú ’ghá éileamh ortha. Do chlos go minic gur bh’olc an díol ar chuid acu puínn chomaoine do chur ortha. Ní féidir liom a dhéanamh amach—a’ dtuigean tú mé?—cad é an chúis gur shaoire dhí bás d’fhághail ’ná tusa ’ghá pósadh.”
“Ná déan a thuille taighde ar an sgeul, a Athair,” arsa Séadna. “Is ag duine féin is fearr a fhios cá luighean an bróg air. Do thánag a d’iaraidh do chómhairle chun an chleamhnais seo do bhriseadh. Bris é, mura mian leat í chur d’á losgadh i n‑ifrean! Táir ag áireamh mo mhaitheasaí. Is suarach le h‑áireamh iad. Pé tairbhe atá déanta agam, is ar aon aigne amháin do dhéineas é. Do dhéineas ar son an tSlánuightheóra é, ní ’ghá mhaoidheamh ar Dhia é! Ach cad é an tairbhe dhom é, má dhéinim an éagcóir seo anois?”
“A Shéadna,” arsa ’n sagart, “ceapaim go dtuigim an sgeul fé dheire. Tuigtear ad’ aigne dhuit go ndéanfá éagcóir ar Mháire Ghearra, dá bpósfá í. Táir ag diúltadh do’n éagcóir sin ar son an chirt. Táir ag gabháil de chosaibh ad’ chroídhe féin ar son an tSlánuightheóra——”
Ní raibh sé d’uain aige a thuille do rádh. Ní túisge d’airigh Séadna an focal san, “ar son an tSlánuightheóra,” ’ná bhí sé de léim ar an dtaobh amuich de dhorus agus é imthighthe.