Jump to content

Page:Seadna.djvu/92

From Wikisource
This page has been validated.
88
SÉADNA

ná go raibh a chuid alluis agat gan díol as. Dealbh ná saidhbhir, níor airigheas duine riamh ’ghá rádh go bhfeacaidh sé thú ag teacht abhaile ar meisge, sáithte i mbruighin, na ag cómhluadar le droch chuideachtain. Ní’l goid ná fuadach le cur ad’ leith. Ní’l dlígh ná clampar ná achran le cur ad’ leith. Na daoine go bhfuil do chuid acu, ba dheacair iad d’áireamh. Níor chlos fós gur dhian tú ’ghá éileamh ortha. Do chlos go minic gur bh’olc an díol ar chuid acu puínn chomaoine do chur ortha. Ní féidir liom a dhéanamh amach—a’ dtuigean tú mé?—cad é an chúis gur shaoire dhí bás d’fhághail ’ná tusa ’ghá pósadh.”

“Ná déan a thuille taighde ar an sgeul, a Athair,” arsa Séadna. “Is ag duine féin is fearr a fhios cá luighean an bróg air. Do thánag a d’iaraidh do chómhairle chun an chleamhnais seo do bhriseadh. Bris é, mura mian leat í chur d’á losgadh i n‑ifrean! Táir ag áireamh mo mhaitheasaí. Is suarach le h‑áireamh iad. Pé tairbhe atá déanta agam, is ar aon aigne amháin do dhéineas é. Do dhéineas ar son an tSlánuightheóra é, ní ’ghá mhaoidheamh ar Dhia é! Ach cad é an tairbhe dhom é, má dhéinim an éagcóir seo anois?”

“A Shéadna,” arsa ’n sagart, “ceapaim go dtuigim an sgeul fé dheire. Tuigtear ad’ aigne dhuit go ndéanfá éagcóir ar Mháire Ghearra, dá bpósfá í. Táir ag diúltadh do’n éagcóir sin ar son an chirt. Táir ag gabháil de chosaibh ad’ chroídhe féin ar son an tSlánuightheóra——”

Ní raibh sé d’uain aige a thuille do rádh. Ní túisge d’airigh Séadna an focal san, “ar son an tSlánuightheóra,” ’ná bhí sé de léim ar an dtaobh amuich de dhorus agus é imthighthe.