Séadna/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 9
[ 72 ]

CAIBIDIOL A NAOI.

Peig.—Níor fhill Séadna an lá san, agus níor fhill sé an oídhche sin.

D’fhan Micil i bhfeighil na h‑áite. Is air a bhí an iongnadh nuair a fuair sé ná raibh Séadna ag teacht. Thug sé an oídhche ’sa chathaoir shúgáin. Cheap sé ó am go h‑am go mbéadh Séadna chuige an dorus isteach. Trí h‑uaire do phreab sé ’na shuidhe agus chuaidh sé go dorus. D’airigh sé ciscéim duine, dar leis féin, gach uair díobh, agus thabharfadh sé an leabhar gur bh’é Séadna a bhí ann. An uair dheirineach díobh, cheap sé go bhfeacaidh sé Séadna féin ag déanamh ar an ndorus, agus do bhog sé a bheul chun labhartha leis, ach nuair dh’fheuch sé níos cruinne ní raibh aoinne ann. Níor chuaidh sé go dorus a thuille. D’fhan sé sa chathaoir i n‑aice na teine. Chuir sé fód móna sios anois agus airís. Bhí sé ansan faid gach n‑fhaid. Cheap sé nár bh’fhéidir aon oídhche bheith chómh fada. Do bhí uaigneas agus crith-eagla air agus faitchíos, agus níor fhág san é gan múisiún codlata bheith air ó am go h‑am. Do thuit múisiún díobh air ba thruime ’ná a chéile, agus do chonaic sé lán an tíghe de dhaoinibh beaga dubha ’na thímpal, agus iad go léir ar a thí, agus aon duine uasal amháin ann agus é ’ghá chosaint ortha. Do shleamhnuigh duine acu isteach ar an dtaobh thiar de’n duine uasal agus thug sé fobha fé Mhicil, agus a fhiacla nochtaithe aige.

Do phreab Micil as a chodla. Bhí oiread fraocháin ins gach braon alluis a bhí leis, agus é ar baill-chrith.

“A Mhuire na bhfeart!” ar seisean, “cad a dhéanfad? Nó cad d’imthigh ar an oídhche go bhfuil sí [ 73 ]chómh fada? Nó cad d’imthigh ar Shéadna, nó cad ’tá ’ghá choimeád? Má oirean dó cleamhnas a dhéanamh le Sadhbh, nár chóir go mbéadh an lá fada a dhóithin chuige agus gan bheith ag caitheamh na h‑oídhche amuich ar an gcuma so? Is dorcha an duine é. Is deacair bheith suas leis. Dubhairt sé gur shaoire dhí bheith marbh ’ná é ’ghá pósadh, agus siné anois é ’ghá pósadh ar a dhícheal. Ní fheadar an tsaoghal cad uime gur shaoire dhí bheith marbh ’ná é ’ghá pósadh. Ba dhóich liom-sa gur shaoire dhó-san bheith marbh ’ná Sadhbh ’ghá phósadh. Ní phósfainn í ar a bhfuil d’airgead ag Séadna agus aici féin agus ag á h‑athair i dteannta a chéile, feuch!”

Le n‑a linn sin thug sé fé ndeara solus mar bhéadh eirighe an lae. Chuir san árd-mhisneach air. Ach i gceann tamaill isé rud d’eirigh ’ná an ghealach. Nuair a chonaic sé solus na gealaighe ag taithneamh isteach tríd an bhfinneóig agus anonn ar an gclabhar mar a raibh an mhealbhóg ar crochadh, agus gan aon leus de sholus an lae ag teacht, do dhubhuigh agus do ghormuigh aige, i dtreó, dá leigeadh eagla dhó é, go gcromfadh sé ar ghol. Nuair a tháinig an solus cruinn ar an mealbhóig do chuir sé dealbh cinn duine uirthi. Cheap Micil ná feacaidh sé eighre riamh ach é ar cheann na caillighe sa sgeul fiannuidheachta, go mbíodh an dá fhiacal ba shia siar ’na ceann mar dhá mhaide croise aici. Nuair a bhí sé ag feuchaint tamall air do choruigheadar na súile agus do bhog an beul mar a bhéadh sé chun labhartha. Bhí a fhios ag Micil go maith ná raibh ann ach an mhealbhóg, ach mar sin féin do choruigh a chuid fola agus do sheasaimh a ghruaig agus do ghluais colgrithfín fan chnámha a dhroma. B’éigean dó a shúile do dhúnadh sul a mbéadh sé ag feuchaint ar na súilibh úd ag coruighe. Ba ghearr go mb’éigean dó iad d’osgailt airís le h‑eagla agus le [ 74 ]sgannradh. Fé dheire do tháinig sgamal an ngealaigh, agus do cuireadh an mhealbhóg ’na riocht féin. Ba mhór an fhuasgailt é. Ghabh Micil a bhuidhchas le Dia go dúthrachtach, ná bíodh eagal ort, agus ní foláir nó do thuit sámh-chodla le n‑a linn sin air, mar isé ceud rud eile a thug sé fé ndeara ’ná an ghrian ag taithneamh ar an mealbhóig i n‑inead na gealaighe, an obair ar siúbhal ’na thímpal, bog-fheaduíol na bhfear, mion-bhuillí na gcasúr mbeag, agus tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh. D’fheuch sé anonn ar inead Shéadna. Bhí Séadna féin ann, agus é ag obair chómh dian chómh díchealach agus dá mba ná béadh cuid na h‑oídhche aige go dtí go mbéadh an bhróg san díolta.

D’eirigh Micil agus d’fheuch sé anonn ar a shuidhchán féin.

“A Mhichíl,” arsa Séadna, “eirigh-se abhaile agus ith rud éigin agus codail greas eile. Tá págh an lae indiu tuillte agat tar éis na h‑oídhche. Ní gádh dhuit teacht chun oibre go dtí maidin amáireach.”

Le linn na cainte sin do rádh dhó, d’fheuch sé ar Mhicil, agus d’á mhéid codla a bhí i súilibh Mhicil, thug sé fé ndeara an fheuchaint. D’fheuch sé deich mbliaghna níos sine ’ná mar ’fheuch sé indé roimhe sin. Chomáin Micil leis abhaile. Ach níor sgar an fheuchaint úd le n‑a chuimhne.

“Tá buairt mhí-chuíbhsach éigin air,” ar seisean i n’aigne féin. “Ní mór dom é innsint dom’ mháthair, agus a chur ’na cómhairle cad is ceart a dhéanamh.”

Tháinig sé go dtí an tigh, ach má tháinig, ní raibh tásg ná tuairisg a mháthar ann roimis. Ní raibh críosdaídhe an Luain ann. Do chuarduigh sé mór-thímpal an tíghe. Do ghlaoidh sé uirthi. Ní raibh maith dhó ann.

“Ó, mhais’! Ó, mhais’! Ó, mhais’!” ar seisean, [ 75 ]“an bhfeacaidh aoinne riamh a leithéid? Chómh siúrálta agus tá bianna ar mhaide bacaigh, tá sí imthighthe síos go tigh Dhiarmuda Léith ag críochnughadh an chleamhnais! Agus cad a dhéanfad? Cad a dhéanfad i n‑aon chor? Ní cheadóchainn ar ór na cruinne Séadna d’á phósadh leis an ansgian mná san. Ó! Ó! Ó! Cad a dhéanfad i n‑aon chor? Mheasas go raibh ciall agam’ mháthair, agus dar ndóich ní’l fasg aici agus a leithéid sin de chleamhnas a bheith idir lámhaibh aici. Ní’l rud ar bith agam le déanamh ach an t‑aon rud amháin, an talamh do chur díom síos láithreach bonn, agus an cleamhnas a bhriseadh sul a mbéidh sé ró dhéanach. An stiúsaidhe mí-náireach mór-chúiseach! Humhth! Is beag an iongnadh feuchaint chríonna chaithte aige! Ní fheadar ó thalamh an domhain cad é an greim atá acu air. Ní h‑éidir gurab amhlaidh a bhéadh sé tar éis ceangail nó geallamhna éigin a chur air féin agus go mbéidís anois a d’iaraidh airgid do bhaint amach? Bhíomair go léir ag magadh fé Dhiarmuid an lá úd a chuaidh sé suas. B’fhéidir go raibh a fhios aige féin cad a bhí ar siúbhal aige. ‘Ní’l sprid ná púca gan fios a chúise aige féin.’ Agus feuch, ní dúbhairt Séadna, ‘Ní phósfad í,’ ach, ‘Ní’l aon fhonn pósta orm.’ B’fhéidir ná tiocfadh briseadh an chleamhnais chómh saoráideach chúgam agus cheapas é.—Agus feuch, airiú! Sidé anso mé ag cur agus ag cúiteamh, agus b’fhéidir an cleamhnas d’á chríochnughadh agam’ mháthair. Nár chúitighthear a saothar léi! Mura deagh-chómharsanach atá sí!”

Bhí sé páirc ó’n dtigh sul a raibh an machtnamh déanach san críochnuighthe aige, agus é ag déanamh ceann ar aghaidh síos ar thigh Dhiarmud’ Léith, agus é ag cur na slíghe dhé chómh tiugh i n‑Éirinn agus bhí sé sa chois bhacach í chur dé. Ba ghearr go raibh sé ar aghaidh tíghe Dhiarmuda amach agus saothar air.

[ 76 ]Ní raibh Diarmuid sa dorus fós. Bhí sé ró luath sa lá. Sheasaimh Micil ar aghaidh an doruis amach.

“A mháthair!” ar seisean, i n‑árd a chinn ’s a ghutha.

Chuir Sadhbh a ceann amach sa dorus, agus greim aráin aici d’á chogaint.

“A mháthair!” arsa Micil airís. “Tar amach anso agus siúbhail leat abhaile láithreach. Tá gnó éigin eile le déanamh agat d’éaghmuis bheith ag teacht anso ad’ mhaidrín lathaighe acu. Má tá cleamhnas le déanamh acu déinidís féin é nó leigidís dó.”

Do shloig Sadhbh an greim do bhí ’na beul.

“Airiú, greadadh chúgat, a bhacacháin!” ar sise, “Cad tá anois ort?”

“Bacachán an eadh?” arsa Micil. “Tá mo dhá dhóithin orm. Ní rabhais-se sásta t’ainim féin agus ainim t’athar a bheith i mbeul na ndaoine, gan mo mháthair-se do tharang isteach i nbhúr ngnó. Ach tabharfad-sa togha an aireachais an rud a theip oraibh féin ná cuirfidh sibh chun cinn é le n‑a congnamh-san. A mháthair! A mháthair, adeirim!”

“Imthigh leat abhaile, a thulcais, agus ná bí ’ghár mbodhradh! Agus má thógais braon, eirigh a-chodla agus cuir díot é,” ar sise.

“Deirim leat ná fágfaidh aon chos díom an áit seo go dtagaidh sí amach,” ar seisean. “Agus deirim rud eile leat, agus creid uaim é, nach gádh dhuit bheith ag caitheamh do bhalcaisí dhíot nuair ná pósfaidh Séadna thú. Ní phósfadh sé thú dá mba ná béadh i n‑Éirinn ach tú, a stiúsaidhe sheanda! A mháthair! A mháthair, a deirim! Tar anso amach, nó raghad isteach agus tabharfad amach ar mo bhacalainn thú.”

“Airiú, a bhrealláin bhacaigh, mura bhfágair an áit sin agus glanadh as mo radharc go diair, cuirfead cómhartha [ 77 ]ort a leanfaidh dhíot an fhaid a bhéidh cos cham ort,” ar sise, agus ní h‑ag caint a bhí sí ach ag sgreadaigh agus ag léimrigh, agus a gruaig ag rinnce mór-thímpal a cinn.

D’imthigh sí isteach. Cheap seisean go mbéadh a mháthair chuige amach. I n‑a inead san, is amhlaidh d’fhill Sadhbh agus árthach ’na láimh. D’osgail sí an dorus agus do steall sí a raibh san árthach fé n‑a cheannachaibh. Ba mhaith an mhaise aige é, do léim sé i leath-taoibh. Do ghluais an t‑uisge a bhí san árthach treasna an bhóthair agus gal beirbhthe as.

“A chuirpthigh!” ar seisean. “An amhlaidh a mheasais me mharbhadh?”

“Bain an chluas díom,” ar sise, “dá bhfaghthá an méid sin ná tiocfá anso airís ag lorg do mháthar, an snamhaire!”

Le n‑a linn sin, seo amach Diarmuid agus a chaipín breac air. Do rug sé ar ghualainn ar Mhicil.

“A Mhicil,” ar seisean, “tá dearmhad éigin ort. Ní’l do mháthair anso, ná ní raibh, ní fheadar cathain.”

“An ndeirean tú liom é?” arsa Micil.

“Deirim gan amhras,” arsa Diarmuid. “An amhlaidh ná fuil sí sa bhaile?”

“Ní raibh sí sa bhaile nuair ’fhágas-sa an baile,” arsa Micil.

“An raibh sí sa bhaile aréir?” arsa Diarmuid.

“Is fíor dhuit go díreach,” arsa Micil. “B’fhéidir go raibh, agus gurab amhlaidh dh’fhágas am’ dhiaigh sa bhaile í.”

Bhí aithne ag Micil ar Dhiarmuid agus ar a cheisdiughchán, ach ní raibh sé le dul uaidh chómh saor.

“Stad, a Mhicil,” arsa Diarmuid. “Ná bí ’ghá leigint ort gur amadán tú, mar ní h‑eadh. Cad do [ 78 ]chuir ad’ cheann í bheith anso ag déanamh cleamhnais do Shadhbh agus do Shéadna?”

Bhíodar ag siúbhal go socair agus ag druidim ó’n dtigh, aghaidh Mhicil ar an mbaile, Sadhbh ag callaireacht ’na ndiaigh, agus Diarmuid ag feitheamh le freagra.

“Dómhaise go deimhin,” arsa Micil, “do chuir rud greannmhar. Taidhreamh a deineadh aréir dom. Cheapas go rabhas i dtigh Shéadna am’ aonar, am’ shuídhe sa chathaoir shúgáin agus an mhealbhóg ar m’aghaidh amach ar crochadh ar an gclabhar. Tháinig dealbh cinn mná ar an mealbhóig. Do labhair an ceann liom. D’aithnigheas glór Shadhbh ag teacht as. ‘Tá do mháthair,’ arsa ’n ceann, ‘ag briseadh a croídhe ag casadh le cleamhnas do dhéanamh idir mise agus Séadna, ach ba shaoire do Shéadna an bás ba mheasa a fuair duine riamh ’ná mise ’ghá phósadh.’ Le n‑a linn sin do phreabas am’ dhúiseacht agus do phreabas am’ shuídhe. Do ghlaodhas ar mo mháthair. Ní bhfuaras aon fhreagra. Cheapas láithreach gur anso a bhí sí, agus do leanas í.”

D’fheuch Diarmuid air idir an dá shúil. Níor staon Micil. Dá bhfaghadh Diarmuid Éire air ní fheudfadh sé a dhéanamh amach cia’cu fírinne nó éitheach bhí ag Micil d’á innsint. Do stad sé ar feadh tamaill mhaith. Fé dheire dúbhairt sé:—

“Tá eagal orm, a Mhicil, gur bh’é taidhreamh na súl n‑osgalta agat é.”

“Dómhaise go deimhin,” arsa Micil, “siné díreach an sgeul. Ní féidir liom a dhéanamh amach ar an neómat so, agus ní dócha go ndéanfad amach choídhche, cia’cu am’ chodla nó am’ dhúiseacht a bhíos nuair a ghlaodhas ar mo mháthair.”

“Chómhairleóchainn duit,” arsa Diarmuid, “pé [ 79 ]taidhrimhthe déanfar duit, gan teacht airís. Imthigh ort abhaile anois, agus go dtugadh Dia ciall níos fearr duit! Do chuadhais as go dian mhaith.”

Do sgaradar.

“Seadh,” arsa Micil leis féin, “ba dhóbair dom an donas a dhéanamh. Ní fheadar an tsaoghal cár thug mo mháthair an oídhche.”

Nuair a tháinig Micil abhaile, bhí a mháthair ann roimis. Bhí a h‑aghaidh agus a súile ataithe ó bheith ag gol.

“A mháthair,” arsa Micil, “cá raibh an tóramh?”

“Cad a thug abhaile thú, a Mhicil?” ar sise.

“Sdó,” ar seisean, “d’fhanas i bhfeidhil tíghe Shéadna aréir, mar do thug sé féin an oídhche i mball éigin as baile, agus ansan ar maidin indiú dúbhairt sé liom imtheacht abhaile agus greas a chodladh dhom féin; go raibh págh an lae seo tuillte agam tar éis na h‑oídhche.”

“Airiú,” ar sise, “agus cár chaithis an lá ó mhaidin?”

“Bhí an lá go breagh,” ar seisean, “agus ní raibh tuirse ná codla orm, ach má ’seadh tá ocras anois orm, geallaim dhuit é.”

Thug sí rud le n‑ithe dhó, agus má thug, ba mhaith an díol air é. Ba ghearr an mhoill air mias mhaith mhór a ghlanadh. Nuair a bhí a chuid bídh caithte aige do chrom sé ar chaint.

“A mháthair,” ar seisean.

“Teacht, a Mhicil,” ar sise.

“Níor innsis dom cá raibh an tóramh,” ar seisean.

“Cad a choimeád Séadna as baile i gcaitheamh na h‑oídhche aréir?” ar sise.

“Ní h‑i gcaitheamh na h‑oídhche aréir amháin a bhí sé as baile, ach ó mhaidin indé. Nuair a thánaís-se amach ar maidin indé ó bheith ag caint leis agus tú i riochtaibh dul i laige, do chuadhas-sa isteach agus ní raibh sé [ 80 ]romham istigh. Níor tháinig sé i gcaitheamh an lae, agus ansan nuair a bhíodar na fir ag dul abhaile, d’fhanas-sa i bhfeidhil na h‑áite. Cheapas an uile neómat go mbéadh sé chúgam an dorus isteach. Thuit mo chodla orm tráth éigin de’n oídhche, agus nuair dh’osglas mo shúile, is amhlaidh a bhíodar go léir ag obair am’ thímpal, agus Séadna ann leis. Agus cogar, a mháthair, tá buairt mhór éigin air.”

“Dhé, cad í an bhuairt a bhéadh air? Ná fuil a dhóithin an tsaoghal airgid aige agus an uile dhuine buidheach dhe?”

“Tá a fhios agam-sa aoinne amháin ná fuil ró bhuidheach dhe,” arsa Micil.

“Cia h‑é sin?” ar sise.

“Tá, Sadhbh Dhiarmuda,” ar seisean.

“Airiú, cad é an chúis?” ar sise.

“Tá,” ar seisean, “cúis a dóithin, mar ná pósfadh sé í.”

“Dhe, sgeimhle uirthi, an cairiún! Cia phósfadh í sin?”

Do thuit Micil siar ins na trithíbh dubha ag gáirídhe.

“Cairiún! Cairiún! Cairiún!” ar seisean. “Ó nach truagh nár chuimhnigheas ar an ainim sin ar maidin!”

“Agus cad é an gnó a bhéadh agat dé ar maidin?” ar sise.

“Ar maidin an lae fé dheire, adeirim,” ar seisean, “nuair a cuireadh síos ann mé a d’iaraidh leathair, agus thug sí ‘bacachán’ orm.”

“Thug sí ‘bacachán’ ort!” arsa an mháthair. “Dá mbéinn-se ag éisteacht léi, do ’neósainn di cia h‑iad na bacacháin a bhain léi, agus do ’neósainn rud eile dhi ná ’neósad duit-se anois, rud a bhainfeadh an mhórdháil di, geallaim dhuit é.”

“Agus cogar, a mháthair. Má ’s é sin do mheas [ 81 ]uirthi, cad chuige go ndeachais suas go tigh Shéadna ar maidin indé a d’ iaraidh cleamhnais a dhéanamh idir í féin agus Séadna?”

“Cleamhnas idir í féin agus Séadna! Airiú, do bháithfinn mé féin sul a ndéanfainn a leithéid,” ar sise.

“Má ’seadh, cad chuige dhuit a rádh le Báb an Leasa, an lá úd a bhí sí anso, ná pósfadh Séadna aon bhean i n‑Éirinn ach Sadhbh?” ar seisean.

“Báb an Leasa? Dhe mhaise, an óinseach, mar do theastuigh uaim cosg éigin a chur le n‑a teangain, agus gan í bheith ’ghá mhaoidheamh ar fuid na dúithe go bpósfadh sé í féin, agus an dúthaigh ag magadh fúithi.”

“Dómhaise go deimhin,” arsa Micil, “agus ní’l aon mhaith dhuit bheith ’ghá cheilt orm, is cleamhnas a bhí idir lámhaibh agat ar maidin indé.”

“Agus cá bhfios duit-se cad a bhí idir lámhaibh agam?”

“Mar do labhair sé árd, agus d’airigheas an focal ‘ba shaoire dhí bás d’fhághail ’ná mise ’ghá pósadh.’”

“Cogar, a Mhicil,” ar sise. “Dá bhfaghthá-sa do thoil sa sgeul, cia h‑í an bhean do thoghfá dhó?”

“Máire Ghearra gan amhras,” ar seisean.

D’fheuch sí air go geur.

“Agus cad é an chúis,” ar sise, “go dtoghfá Máire Ghearra dhó seachas aon bhean eile de na mnáibh seo go bhfuil an saoghal mór ’ghá bpósadh leis?”

“An chéad phuinte ’ná a chéile dhe, a mháthair, ní’l meas mór agam ar chaint an tsaoghail mhóir. Is cuma leis an saoghal mór, ach bheith ag caint, cad é díobháil nó tairbhe na cainte a dhéinean sé go minic. Siné an saoghal mór ’ghá phósadh le Sadhbh Dhiarmuda. B’fhearra dhó é féin a bháth’. Ní thoghfá-sa Báb an Leasa dhó. Ní deirim olc maith na donaidhe le Nóra an Tóchair, ach [ 82 ]deirim go bhfuil breall ar an saoghal mór, agus go mb’fhearr liom breall air ’ná a chómhairle a ghlacadh.”

“Agus feuch,” arsa ’n mháthair, “siné an saoghal mór ’ghá phósadh le Máire Ghearra, agus nach maith ná faghan tú aon locht air.”

“Nára’ slán comórtas, go deimhin, Máire Ghearra agus an chuid eile acu! Cá bhfuil leithéid Mháire Ghearra le fághail? Ní’l ins na seacht bparóistibh. Bean bhreagh dhathamhail uasal. Bean chiallmhar thuisgionach dheagh-thabhartha suas, go bhfuil bocht agus saidhbhir buidheach di. Bean dhiadha dheagh-shomplach, gur fearr-de an pobal ’na n‑éistean sí Aifrean ann. Tá uraim ag olc agus ag maith dhi. Dá mbeadh beirt bhan ag troid agus go bhfeicfidís ag teacht í, do stadfaidís go mbéadh sí gabhtha thársa, chómh maith agus dá mb’é an sagart a bhéadh ann.”

“Ní fheadar,” arsa ’n mháthair, “dá mbeadh Sadhbh ag troid ar an mbóthar, an stadfadh sí dá bhfeiceadh sí Máire ag teacht.”

“Dómhaise, am briathar mhóide, a mháthair,” ar seisean, “go bhfeacaidh mo dhá shúil í ’ghá dhéanamh, agus nár chuir aon rud riamh a leithéid d’iongnadh orm, feuch! Bhíos ag dul soir go tigh na mBúrcach le teachtaireacht. Nuair a bhíos ag déanamh ar thigh Dhiarmuda d’airigheas Sadhbh ag callaireacht, aghaidh na muc agus na madraí aici d’á thabhairt ar chómharsain éigin. Cia gheabhadh anoir de thigh an chúinne ach Máire Ghearra. Ní túisge a chonaic Sadhbh í ’ná do stad an challaireacht. Do chrom sí a ceann, agus d’imthigh sí isteach abhaile go ríghin.”

“Agus nach mór an iongnadh,” arsa ’n mháthair, “nár choruighis tú féin fadó chun cleamhnais a dhéanamh do Shéadna léi?”

“’Sdó, sin é go díreach an sgéal,” ar seisean. “Do [ 83 ]cheapas-sa go ndéanfá-sa fadó é, agus gur chruinne agus gur dheas-lámhaíghe chuige thú ’ná mise go mór.”

“Tá eagal orm,” arsa ’n mháthair, “go bhfuil dearmhad ort sa méid sin. Dá mbéadh cleamhnas d’á shaghas le déanamh, ceapaim-se ná fuil aoinne is fearr a dhéanfadh é ’ná thú féin, go mór mór ó tá an oiread san dúil agat é fheisgint déanta.”

“Go deimhin agus go dearbhtha, a mháthair,” ar seisean, “tá an ceart sa méid sin agat, pé i n‑Éirinn é. B’fhearr liom ’ná a bhfeaca riamh go bhfeicfinn an cleamhnas san déanta. Ní raibh aon bheirt riamh níos oireamhnaíghe d’á chéile ’ná an bheirt. Ba dheacair maitheasaí Mháire do shárughadh, agus tá seisean maith a dhóithin dí. Ba mhaith liom an cleamhnas a dhéanamh ach ná feadar conus cur chuige.”

“Conus a chuirfeá chuige ach imtheacht siar go tigh Sheághain Cheataigh féin, agus glaodhach i leath-taoibh ar an nduine agus t’aigne do nochtadh dhó? Ansan, má thaithnean do chaint leis, cuirfidh sé féin os cómhair a inghíne an sgeul, agus má thaithnean an cleamhnas léi-se, nach shin leath an ghnótha déanta?”

“Dar fiadh,” ar seisean, “tá an ceart agat. Imtheóchad anois láithreach.” Agus siúd chun siúbhail é.

“Go n‑eirighidh leat níos fearr ’ná d’eirigh liom-sa!” ar sise ’na h‑aigne féin.

Caibidiol 9