Séadna/8

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 8
[ 63 ]

CAIBIDIOL A H‑OCHT.

Ag teacht i gcómhgar an tíghe do Shéadna, d’airigh sé na fir ag caint go h‑árd fé mar bhéadh sgeul mór éigin ar siúbhal acu. Nuair a tháinig sé isteach do stadadar. D’fhiafruigh sé dhíobh cad do bhí ar siúbhal acu. Bhí iongnadh ortha é ’ghá fhiafruighe, mar níor ghnáth leis aon tsuim a chur ’na gcómhrádh.

“Tá,” arsa duine acu, “muintir Mhicil a bheith i mbuairt ar maidin indiú.”

D’fheuch Séadna ’na thímpal.

“Agus cá bhfuil Micheál?” ar seisean.

“D’fhan sé sa bhaile,” arsa ’n fear a labhair. “Tá báille ag teacht ann ag tógáilt chíosa, agus ní deirim go bhfuil aon leath-phinge airgid fé dhín tíghe acu.”

Níor dhéin Séadna ach casadh agus imtheacht an dorus amach.

Baintreach dob’ eadh máthair Mhicil. Do dhéin sé ceann ar aghaidh ar thigh na baintrighe. Bhí tosach ar an mbáille aige agus ní raibh ach san. D’fháiltigh an bhaintreach roimis.

“Cad tá uaidh sin?” arsa Séadna.

“Tá an cíos,” ar sise.

“An mór é?” ar seisean.

“Fiche púnt,” ar sise.

“Seo,” ar seisean. “Tá púnt sa tseachtmhain ag dul do Mhicheál. Sin fiche púnt d’á phágh roimh ré agat.”

“Airiú,” ar sise, “cad ar a shon go dtabharfá an oiread san airgid dom roimh ré?”

“Ar son an tSlánuightheóra,” ar seisean.

[ 64 ]“Go dtugaidh an Slánuightheóir a luach dhuit!” ar sise.

Bhí sé imthighthe sul a raibh uain aici ar a thuille a rádh.

Tháinig an báille isteach. Hata bán air. Pluic air. Pus mór-chúiseach air. Caincín ramhar air. Muineál beathuighthe air. Casóg bhréide ghlas-chaorach air. Bolg mór air. Tárr leathan air. Colpaí air. Bata trom draighin duibh ’na láimh. É ag cneadaigh agus ag séideadh.

“Cíos nó seilbh, a bhean an tíghe,” ar seisean.

Gobnait.—Ó, am briathar ’s ambasa, a Pheig, nach bhfeaca eighre riamh ar Sheághan an Aonaigh ach é!

Peig.—Agus nach báille Seághan an Aonaigh, a Ghobnait?

Gobnait.—Ambasa iseadh, dar ndóigh.

Peig.—Cad eile mar sin?

“Cíos nó seilbh, a bhean an tíghe,” ar seisean, díreach mar a deurfadh Seághan an Aonaigh é.

Do ghlaoidh sí ar a mac.

“Seo, a Mhicil,” ar sise, “cómhairimh é sin agus tabhair do’n duine mhacánta so é.”

Do leath a shúile ar Mhicil, mar ní fheacaidh sé Séadna ag tabhairt an airgid d’á mháthair, agus do leath a shúile ar an mbáille, mar ní raibh aon choinne aige go raibh aon leath-phinge airgid sa tigh. Ghlac sé an cíos agus thug sé a bhóthar air, agus isé a bhí go cráidhte cancarach, mar bhí an áit geallta aige an mhaidion chéadna do dhuine eile ar bhreib mhaith.

“Seadh!” arsa Séadna, ag teacht abhaile dhó. “Má bhí gnó idir lámhaibh aige ag lot maitheasa mo sgillinge, bíodh gnó is mó ’ná é anois aige ag lot tairbhe an fhichid púnt. Is dóigh liom nach misde dhom an gnó san d’fhágáil idir é féin agus an bhaintreach.”

Tháinig sé abhaile agus chrom sé ar an obair. Ba ghearr go raibh Micil isteach ’na dhiaigh, agus do chrom [ 65 ]sé ar an obair. Níor labhair aoinne an chuid eile de’n lá, agus ní raibh le cloisint ann ach bog-fheaduíol na bhfear, anál fhada throm Shéadna, mion-bhuillí na gcasúr mbeag agus tarang agus fásgadh an tsnátha chéaraigh.

Nuair a chuaidh Micil abhaile an oídhche sin, d’inis a mháthair dó cad dúbhairt Séadna le linn an airgid do thabhairt dí dhó, go ndúbhairt sé gur ar son an tSlánuightheóra do bhí sé ’ghá thabhairt dí. Bhí iongnadh ortha araon, mar níor bh’é a dtuairim riamh go raibh puínn cráibhtheachta ag baint le Séadna.

Do ghluais Micil ag sguruidheacht agus d’inis sé do bhuachaill eile é. Ba ghearr go raibh sé fada fairsing ar fuid na dúithe. D’airigh Diarmuid Liath é. D’airigh an báille é. D’airigh Sadhbh é.

“A dhaid,” arsa Sadhbh, “ar airighis cad a dhéin Séadna le déanaighe?”

“Níor airigheas agus is cuma liom.”

“Sdó’, a dhaid, do cheapamar go raibh ciall aige.”

“Airiú, agus cad do dhéin sé?” arsa Diarmuid.

“Do dhéin sé an tuathal, rud nár theip riamh air,” ar sise.

“Agus cad é an tuathal is deirinighe atá déanta aige?” arsa Diarmuid.

“Tá,” ar sise, “dul agus ceud púnt airgid do thabhairt don tsnamhaire bheag san thuas, máthair Mhichíl bhacaigh.”

“Airiú, a Shadhbh, ná creid é.”

“Ó, go deimhin, a dhaid, ní’l focal bréige ann. Isé an báille féin d’inis dom é. Ní fheadar cá bhfuair sé an t​airgead go léir. Agus dar ndóin, cad é an tairbhe dhó airgead a bheith aige má’s mar sin a cheapan sé é a sgaoileadh uaidh? Is maith a dhéinis an cleamhnas [ 66 ]do bhriseadh an uair úd. Ní chuirfinn a chathughadh go bráth dhíom mé bheith pósta ag amadán.”

“Ambasa, a Shadhbh,” arsa Diarmuid, “ní mise a bhris é.”

“’Dhe agus darfa liath, a dhuine, cia eile a bhris é ach tusa? Dar ndóigh ní h‑amhlaidh a mheasfá a rádh gurab é Séadna do bhris é!”

“Andaigh, a ghamhain, ní dócha gur bhris aoinne é. Ní raibh sé ann le briseadh,” arsa Diarmuid.

“Ní raibh sé ann le briseadh!” ar sise. “Ní raibh agus ní bhéidh! Is deas an saghas duine thú! Ní raibh sé ann le briseadh! Is deas an chaint í sin uait-se. Siniad do chómharsain uile agus a gclann curtha i gcrích acu, agus cad ’tá déanta agat-sa? Ní raibh sé ann le briseadh! Ní raibh agus ní bheidh!”

Ansan do chrom sí ar ghol.

D’eirigh Diarmuid agus bhuail sé síos chun an doruis agus chuir sé a ghuala leis an ursain, agus d’fheuch sé síos an bóthar, agus ansan d’fheuch sé suas an bóthar.

Cáit.—Dá mbeinn i gcás Dhiarmuda deurfainn léi, “main do dheór nár chuirir díot!”

Peig.—Ní fheadar, a Cháit. B’fhéidir dá mbéidhfeá i gcás Dhiarmuda nár bh’fhearra dhuit rud a dhéanfá ’ná an rud a dhéin seisean. Isé is dóichíghe gurab aige b’fhearr a fhios cad ba cheart dó a dhéanamh.

Cáit.—An stiúsaidhe! Is beag orm í.

Gobnait.—Ar airigh Máire Ghearra é, a Pheig?

Peig.—An Domhnach a bhí chúgainn, bhí sí ag caint le máthair Mhicil, agus fuair sí tuairisg an sgéil díreach fé mar a thuit sé amach. Bhí áthas mór go léir uirthi nuair a thuig sí gur thug sé an t‑airgead uaidh ar son an tSlánuightheóra.

“Agus,” ar sise, “tá súil agam anois go dtuillfidh [ 67 ]Micheál an t‑airgead san chómh macánta agus dá mba ná béadh sé fághalta roimh ré aige.”

“Dómhaise,” arsa ’n bhaintreach, “siné iongnadh an sgéil ar fad. Nuair a bhí sé ag díol na bhfear aréir do shín sé púnt chun Micil mar ba ghnáth. ‘Ó,’ arsa Micil, ‘táim díolta cheana.’ ‘Glac é sin uaim,’ arsa Séadna, agus b’éigean dó.”

“Seadh!” arsa Máire Ghearra, “bhídís ’ghá rádh ná raibh creideamh ag Séadna. Bíodh san mar chómhartha acu air!”

“Creideamh?” arsa ’n bhaintreach. “Ní fheaca a leithéid riamh. Dá mairinn míle bliaghan ní chuirfinn as mo cheann an fheuchaint a thug sé orm nuair adúbhairt sé an focal agus é ag síneadh an airgid chúgam. ‘Ar son an tSlánuightheóra,’ ar seisean, agus nuair fheuchas suas air, bhí an dá shúil aige ’á chur tríom i dtreó go dtáinig iaracht d’anfha orm ná féadfainn a innsint duit.”

“Éist, a óinsigh,” arsa Máire. “Cad ba ghádh an t‑anfha?”

“Ó, leig dom féin, a Mháire. Is amhlaidh mar atá an sgeul, dá bhfeuchainn i gcoinnibh a shúl an tarna h‑uair do thuitfinn,” arsa ’n bhaintreach.

“A Shiobhán!” arsa Máire Ghearra.

“Teacht, a Mháire,” arsa ’n bhaintreach.

“Tá rún agam le tabhairt duit,” ar sise, agus bhí creathán ’na ballaibh agus ’na guth.

“Ná bíodh ceist ort, a Mháire,” arsa Siobhán. “Coimeádfad-sa do rún, dá mbéadh m’anam air.”

“Tá a fhios agam-sa go maith go gcoimeádfair, a Shiobhán, ach tá níos mó agat le déanamh dom ’ná mo rún a choimeád.”

Do stad sí. Níor labhair Siobhán.

[ 68 ]“Bhíos tamall de m’ shaoghal, a Shiobhán,” ar sise, “agus do cheapas ná pósfainn choídhche.”

“Ní h‑aon tamall mór de d’ shaoghal atá caithte,” arsa Siobhán.

“D’á luíghead é, tá sé buartha go maith le déanaighe,” arsa Máire.

“Ní fheicim puínn ádhbhar buartha agat,” arsa Siobhán.

“Tá mo chroídhe d’á shníomh le buairt,” ar sise.

Ansan do labhair sí i gcogar le Siobhán agus chaitheadar tréimhse mór ag cogarnaigh. Nuair a bhí an cogarnach críochnuighthe acu chuaidh Máire abhaile agus chuaidh Siobhán a chodla. Ach ní baoghal gur thuit aon neul codlata ar Mháire ná ar Shiobhán an oídhche sin.

Nuair dh’eirigh Siobhán ar maidin isí a bhí go tuirseach. Nuair a cheap sí a caidhp a chur ar a ceann, is ’na póca a chuir sí é. Nuair a cheap sí a bróg a chur ar a cois, is sa teine a chuir sí í mar a chuirfeadh sí fód móna. Nuair a tháinig sí ar a glúinibh chun na bpaidreacha do rádh, do theip uirthi focal ar bith a rádh le cruinneas ach “Go gcuiridh Dia ar mo leas mé! Go gcuiridh Dia ’s Muire Mháthair ar mo leas mé!” Nuair a theastuigh ó Mhicil a chuid bídh d’fhághail, ní raibh an biadh ollamh dó. Nuair a cuireadh os a chómhair é, ní raibh sé ach leath-bheirbhthe. Níor leig sé aon nídh air, ach an biadh do chaitheamh chómh maith agus d’fhéad sé é.

“Tá rud éigin ar mo mháthair”, ar seisean i n’ aigne féin. “Ní fheadar an tsaoghal cad ’tá ag eirighe fúithi. Ní h‑éidir gurab é an báille úd a bhéadh ag teacht airís? A mháthair,” ar seisean, “tá rud éigin ag déanamh buartha dhuit. An raibh a thuille le h‑éileamh ag an mbáille an lá úd?”

“Ach! ní raibh, a Mhicil, oiread agus leath-phinge. Ní’l blúire orm ach nár chodlas puínn aréir.”

[ 69 ]“Níor bh’fhearra dhuit rud a dhéanfá anois, a mháthair,” arsa Micil, “’ná dul agus greas a chodladh dhuit féin.”

“Is olc an rud codladh d’fhínn an lae, a Mhicil,” ar sise. “B’fhearr do dhuine foidhne a dhéanamh air dá mb’fhéidir é, i dtreó go mbéadh codladh na h‑oídhche go maith aige.”

Do ghluais Micil suas go tigh Shéadna agus do luígh sé ar a ghnó. Ní raibh dhá ghreim curtha aige nuair siúd isteach ’na dhiaigh a mháthair. Thóg sé a cheann agus d’fheuch sé uirthi. Thóg Séadna a cheann agus d’fheuch sé uirthi.

“A Shéadna,” ar sise, “dá mb’é do thoil é, d’oirfeadh dhom focal a labhairt leat ad’ aonar.”

“A Mhichíl,” arsa Séadna, “dá mb’áil leat-sa bualadh amach ansan tamaillín.”

Do bhuail Micil amach agus chuir sé a dhrom le claidhe.

“Ní fheadar an tsaoghal,” ar seisean leis féin, “cad atá ag eiríghe dhí nó cad é an fuadar é seo fúithi!”

Bhí tor aitinn taobh leis. Chonaic sé ar an dtor beach bheag i n‑achran i snáith ruadháin alla. Do phreab an ruadhán alla amach as an áit ’na raibh sé i bhfolach agus thug sé fé bhreith ar an mbeich mbig. Nuair a chonaic sise ag teacht é chuir an sgeón dúbailt nirt inti, agus do bhris sí an snáth agus d’imthigh sí.

Síle.—Ó, am briathar, a Pheig, go bhfeaca-sa rud mar sin ag ruadhán alla dh’á dhéanamh, ach má ’seadh, ní beach a bhí sa tsnáith ach cuil, agus do rug an ruadhán alla ar chaol-drom ar an gcuil, agus am briathar ná raibh aon mhaith dhí bheith ag crothadh a cos agus ag únfhairt. Choimeád sé a ghreim chun go raibh sí socair go leór. Agus ansan dá bhfeicfeá mar fhill sé sa tsnáith í agus mar a rug sé leis isteach í.

[ 70 ]Gobnait.—Is dócha gur dhéin sé bagún dí.

Síle.—Do rug sé leis í, pé ’n Éirinn é.

Peig.—Ní rug ruadhán alla Mhicil an bheach leis, mar d’imthigh sí uaidh. Agus nuair a cheap Micil go raibh an tamaillín caithte d’fhill sé ar an dtigh. Nuair a bhí sé ag déanamh ar an ndorus d’airigh sé Séadna a’ rádh na bhfocal so:—

“Ba shaoire dhí an bás is measa do fuair duine riamh, agus í ’ghá fhághail seacht n‑uaire i ndiaigh a chéile, ’ná mise ’ghá pósadh!”

Do chas Micil agus chuir sé an talamh de sul ar airigh sé a thuille. Ach má chuir, ní túisge a bhí sé airís ag an dtor aitinn ’ná d’eirigh árd-fhearg air.

“Is deas an obair í seo,” ar seisean i n’aigne féin. “Is leamh an gnó dom’ mháthair teacht anso ag déanamh cleamhnais do Shadhbh Dhiarmud’ Léith! Fan go dtéighead-sa abhaile anocht!”

Le n‑a linn sin do chonaic sé a mháthair ag déanamh air agus aghaidh bhán uirthi ar dhath an bháis. Phreab sé ’na coinne.

“Airiú, a mháthair,” ar seisean, “cad ’tá ort?”

“Éist, éist, a mhic ó!” ar sise i gcogar. “Ní’l aon rud orm. Imthigh isteach chun do ghnótha. Táid na fir eile ag teacht láithreach.”

Chuaidh Micil isteach. Bhí an dorus ar dian-leathadh agus gan duine istigh roimis. Bhí inead Shéadna folamh. Do shuigh Micil agus do tharaing sé chuige a ghnó. Thánadar na fir ’na nduine ’s ’na nduine. Do ghluais an obair mar ba ghnáth. Níor fhill Séadna an lá san.

Síle.—Cogar, a Pheig; dar ndóigh ní h‑ag déanamh cleamhnais do Shadhbh a bhí Siobhán?

Peig.—Cad eile, a Shíle, a chuid?

[ 71 ]Síle.—Do Mháire Ghearra, gabhaim-se orm. Agus ba dhóigh liom, dá mbéadh aon chiall ag Micil, go dtuigfeadh sé an méid sin, feuch!

Gobnait.—Agus cá bhfios duit, a Shíle, gur do Mháire Ghearra a bhí sí ag déanamh an chleamhnais, nó cá bhfios duit an cleamhnas a bhí aici d’á dhéanamh i n‑aon chor?

Síle.—Ó! go deimhin is beag d’á mhearbhall orm. Cad air gur thug sí féin agus Máire Ghearra an oídhche ag cogarnaigh? Cad do bhain codla na h‑oídhche de’n bheirt? Cad é an rún a thug Máire Ghearra dhí? Tá a fhios agam-sa go maith cad a bhí ar siúbhal acu, geallaim dhuit é.

Peig.—Is dóigh liom, a Shíle, ná fuilir abhfad ó’n gceart, agus gur géar-chúisíghe go mór thú ’ná Micil.

Caibidiol 8