Page:Seadna.djvu/67

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
63
SÉADNA

CAIBIDIOL A H‑OCHT.

Ag teacht i gcómhgar an tíghe do Shéadna, d’airigh sé na fir ag caint go h‑árd fé mar bhéadh sgeul mór éigin ar siúbhal acu. Nuair a tháinig sé isteach do stadadar. D’fhiafruigh sé dhíobh cad do bhí ar siúbhal acu. Bhí iongnadh ortha é ’ghá fhiafruighe, mar níor ghnáth leis aon tsuim a chur ’na gcómhrádh.

“Tá,” arsa duine acu, “muintir Mhicil a bheith i mbuairt ar maidin indiú.”

D’fheuch Séadna ’na thímpal.

“Agus cá bhfuil Micheál?” ar seisean.

“D’fhan sé sa bhaile,” arsa ’n fear a labhair. “Tá báille ag teacht ann ag tógáilt chíosa, agus ní deirim go bhfuil aon leath-phinge airgid fé dhín tíghe acu.”

Níor dhéin Séadna ach casadh agus imtheacht an dorus amach.

Baintreach dob’ eadh máthair Mhicil. Do dhéin sé ceann ar aghaidh ar thigh na baintrighe. Bhí tosach ar an mbáille aige agus ní raibh ach san. D’fháiltigh an bhaintreach roimis.

“Cad tá uaidh sin?” arsa Séadna.

“Tá an cíos,” ar sise.

“An mór é?” ar seisean.

“Fiche púnt,” ar sise.

“Seo,” ar seisean. “Tá púnt sa tseachtmhain ag dul do Mhicheál. Sin fiche púnt d’á phágh roimh ré agat.”

“Airiú,” ar sise, “cad ar a shon go dtabharfá an oiread san airgid dom roimh ré?”

“Ar son an tSlánuightheóra,” ar seisean.