am’ shúilibh cinn dath ba bhreaghtha ’ná an dath a bhí ar an mám óir a thaisbeáin sé dhom. Tháinig dúil mhalluighthe agam ann. Thug sé ceud púnt dom mar mhalairt ar aon sgilling amháin. ‘Thabharfainn,’ ar seisean, ‘agus seacht gceud, dá bhféadainn a maith san do lot.’ D’admhuigh sé nár bh’fhéidir a maith do lot, toisg mé ’ghá tabhairt uaim ar son an tSlánuightheóra. A maith do lot! Cad chuige an lot? Cad ba ghádh é? Má theip air maith na sgillinge úd do lot, nár chóir go bhféadfainn tuille maitheasa a dhéanamh go dteipfeadh a lot air? Tá an sparán agam. Ba mhór an sult a chuid airgid féin do chur ag déanamh staincín air. Dar fiadh, sin mar dhéanfad é! Thabharfadh sé seacht gceud púnt ar mhaith aon sgillinge amháin do lot. Tá deich mbliaghna agam. Is ’mó sgilling agus pingin agus púnt fhéadfad a thabhairt ar son an tSlánuightheóra i gcaitheamh deich mbliaghan. Béidh saothar air ag casadh le lot na maitheasa go léir. Seadh! Tá an lámh uachtair agam air sa méid sin ar aon chuma. Bainfead ceól as an sparán fós, bíodh a’s nach ar an gcuma i n‑ar cheapas ar dtúis é. An cladhaire bitheamhnaigh!”
Bhí sé ag déanamh amach ar eadarthra um an dtaca go raibh a mhachtnamh críochnuighthe agus a aigne socair aige. D’eirigh sé ’na sheasamh agus d’fheuch sé ’na thímpal ar an radharc breagh.
“Tá deich mbliaghna agam, pé i n‑Éirinn é,” ar seisean, agus thug sé aghaidh ar an mbaile.