Séadna/7

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 7
[ 54 ]

CAIBIDIOL A SEACHT.

Nuair a chuadar na fir abhaile, gach fear díobh go dtí a lóisdín féin, geallaim-se dhuit go raibh eachtra ins gach tigh. Thánadar na cómharsain isteach ag sguruidheacht. Thug gach gréasaidhe a thuairisg féin ar thurus Dhiarmuda agus ar fhreagra Shéadna. Do rug gach cómharsa abhaile leis a innsint féin ar an sgeul. Ní raibh a leithéid de shult riamh roimhe sin ná riamh ó shin ar fuid na h‑áite. Um an dtaca go dtáinig an Domhnach ní raibh duine óg ná aosta ’sna trí pobalaibh ná raibh an sgeul go léir aige agus a thrí oiread curtha leis. Chífeá na daoine ar na bóithribh ’na dtriúr, ’na gceathrar, ’na ndeichniubhar, agus iad ag innsint an sgéil nó ag cur a thuairisge, agus iad ag titim ar a gcosaibh le sult agus le gáirídhibh. B’fhíor do Dhiarmuid é. Bhí an dúthaigh ag steala-mhagadh fé’n mbeirt.

Máire Ghearra agus Nóra an Tóchair agus Báb an Leasa a bhí go buidheach agus go sásta ’na n‑aigne tré a fheabhas mar chuadar as. Ní raghaidís, ach turus Dhiarmuda bheith chómh h‑áiféiseach agus a bhí sé, agus ainim na géar-chúise go léir ar Dhiarmuid féin.

Nuair a bhíodh a sáith magaidh déanta ag daoinibh fé Dhiarmuid agus fé Shadhbh, do bhíodh nídh eile ar siúbhal acu. Do chloiseadar na fir go léir Séadna ’ghá rádh ná raibh aon fhonn pósta air, agus ná béadh go fóil. Níor chuir aon fhear acu athrughadh focail sa méid sin de’n sgeul. D’airigh Máire Ghearra é. D’airigh Nóra an Tóchair é. D’airigh Báb an Leasa é. D’airigh gach aoinne é, agus ní raibh duine d’ár airigh é nár choimeád go cruinn é. B’shin í an cheist acu. B’shin í an adhb. [ 55 ]Cad fé ndear do Shéadna a rádh ná raibh aon fhonn pósta air, agus ná béadh go fóil?

Ní bhéadh meithiol ag obair i bpáirc, ná gasradh ag gabháil an bóthar, ná sguainne ag dul ag sguruidheacht, ná cuideachta ag dul ag ól, ná gur bh’í an cheud cheist do phreabfadh suas eatortha, “Ar airíghis, airiú, cad do dhéin Diarmuid Liath? Ó, am briathar ’s ambasa, go ndeachaigh sé suas, de shiúbhal a chos, go tigh Shéadna, agus gur cheap sé, cóir cam díreach, Séadna do thabhairt leis anuas ar chúl cinn agus é phósadh, láithreach bonn baill, le Sadhbh, d’aimhdheóin a chúil-fhiacal! An bhfeacaidh aoinne riamh a leithéid d’obair?”

Ansan, ar ball, deurfadh duine éigin, “Agus cad dúbhairt Séadna?”

Gheobhadh sé mar fhreagra, “Dúbhairt Séadna leis imtheacht abhaile agus ciall do bheith aige, ná raibh aon fhonn pósta air féin agus ná béadh go fóil.”

Ansan d’éireóchadh an cheist, “Cad fé ndear do Shéadna a leithéid sin do rádh, agus cleamhnaisí d’á ndéanamh ar fuid na dúithe dhó chómh tiugh le grean?”

Nuair adúbhairt Séadna féin an focal, do leig sé amach níos mó d’á aigne ’ná a cheap sé leigint amach, ach bhí an fhearg air, agus do bhí an gnó déanta ag Diarmuid chómh botúnach san, níor fhéad sé foidhneamh leis. Nuair a bhíodar uile imthighthe abhaile i gcóir na h‑oídhche agus bhí sé i n’aonar ’na shuidhe sa chathaoir shúgáin, bhí an sgeul ag ruith tré n‑a aigne ar an gcuma so:—

“I mbeulaibh na dtrí bpobal! Ní mise chuir i mbeulaibh na dtrí bpobal é. An breallán! Béidh sé i mbeulaibh na dtrí bpobal anois—é féin agus Sadhbh. Humhth!—Is oth liom aon trácht do bheith ar ainim Mháire Ghearra. Ach cad é mo leigheas air? Dáltha an sgéil, ní fheadar cad uime gur tugadh Máire Ghearra [ 56 ]uirthi agus í chómh h‑árd le h‑aon mhnaoi ag teacht chun an phobail. Ní h‑iongnadh go mbéadh. Is fear groídhe cumasach Seághan Ceatach féin. Tá sé amuich air gurab é fear is treise ar a chineadh é, agus is fir láidire na Cárthaigh. Is maiseamhail an bhean í! Ní misde cailín ciúin ciallmhar a thabhairt uirthi. Trí bliaghna ó shin ní baoghal go dtráchtfaí ar a h‑ainim i n‑aonfheacht le m’ainim-se.

“Is greannmhar an rud san a dhéanfainn, pósadh, agus gan agam anois ach deich mbliaghna. Is gearr a bhíodar ag imtheacht mar thrí bliaghnaibh. Is gearr an mhoill ar thrí bliaghnaibh eile iad do leanmhaint. Siné leath na h‑aimsire imthighthe ansan. ‘Cá beag duit an cheist sin do chur,’ ar seisean, ‘nuair a bhéimíd ag gluaiseacht?’ Cad é an mhaith dhom bheith ’ghá cur an uair sin? Chuir sé brígh na mionn orm. Is dócha ná fuil dul as anois agam. Is ait atá an sgeul agam. Mé ag obair agus ag déanamh airgid chómh tiugh le grean, agus cad ’tá d’á bhárr agam? Is ’mó duine bocht gur thugas congnamh dó. Is mór é a mbuidheachas—ar a mbeul. Ní fheadar an bhfuil puínn dé ’na gcroídhe. Ní fheadar an fearr-de iad ar thugas dóibh. Tá cuid acu, agus isé mo thuairim gur bh’fhearra dhóibh ná feicidís aon leath-phingin riamh dé. Tá cuid acu, agus dá mbéadh an aimsir caithte agus mé imthighthe, ní bhéadh mo chiach abhfad ortha. Bhéadh sé i n‑a áirithe ansan acu, dar leó féin, nár ghádh dhóibh díol choídhche. Siné a mbuidhchas-san.

“Pé duine gheabhaidh í beidh bean mhaith aige. Is minic dh’airigheas gur fearr bean ’ná spré. Tá bean agus spré ansúd.—Is greannmhar an rud san a dhéanfainn, pósadh, agus gan agam anois ach deich mbliaghna. Is deas an cor a bhéadh ansan uirthi—agus ar a clainn, [ 57 ]dá mbeidís aici. Greadadh chuige mar airgead agus mar sparán agus mar mhargadh! Bhí aigne shuaimhneasach agam sul ar casadh am’ threó iad.”

Sin mar a chaith sé an oídhche. Do bhuail sé amach ar eirighe lae agus suas an cnoc. Do shuigh sé ar feadh tamaill ar bhárr caraige móire a bhí ann, gur b’ainim di Caraig na gCearrbhach. Nuair a gheal an lá agus d’eirigh an ghrian, agus d’fheuch sé ’na thimpal ar an radharc áluinn a bhí ó’n gcaraig, d’eirigh an ceó d’á chroídhe agus tháinig suaimhneas mór ar a aigne.

Gobnait.—Mhaise, go deimhin, a Pheig, is beag ná go ndeurfainn leis an rud úd adúbhairt Cáit an Cheóil le n–a fear, nuair a bhain sí an luch as an mbáisín bainne dhó.

Nóra.—Cad dúbhairt sí leis, a Ghobnait?

Gobnait.—Is amhlaidh a bhí meithiol aige, agus bhíodar ag suidhe chun bídh, agus bhí bord mór prátaí os a gcómhair, agus bhí báisín bainne raimhir ar aghaidh gach fir amach. Do thóg fear an tíghe a bháisín féin, agus an cheud bholmoc a bhain sé as do nocht sé luch ann. Do bhagair sé ar Cháit, agus thaisbeáin sé an luch di. Níor chuir sin corbhuais ar bith uirthi. Do rug sí ar an mbáisín i n‑a láimh chlé. Chuaidh sí anonn go dorus. Chuir sí an lámh dheas sa bháisín. D’árduigh sí an luch as agus chaith sí an dorus amach í, agus ansan do bhuail sí an báisín ceudna, agus an bainne ceudna ann, os cómhair a fir. Nuair a chonaic sé cad a bhí déanta aici d’eirigh sé ó’n mbord i bhfeirg agus d’imthigh sé amach. Nuair a bhí sé ag gabháil amach, dúbhairt sise, “Go deimhin, is deacair daoine shásamh. Ní dhéanfadh bainne agus luch ann an gnó, ná bainne agus luch as!”

[ 58 ]Cáit.—Mhaise, dearna leat, a Cháit an Cheóil! Níor theip an tuathal riamh ort! Cad dúbhairt a fear, a Ghobnait?

Gobnait.—’Dhe, cad a bhí le rádh ag an nduine? B’shin é an udhálta ag Séadna. Nuair a bhí sé gan airgead ní raibh sé sásta, agus ansan nuair a bhí an sparán aige agus cead tarang as, ní raibh sé sásta. Bhí sé chómh deacair do shásamh le fear Cháit an Cheóil.

Cáit.—’Sdó, feuch anois, a Ghobnait, ní thuigean tusa an sgeul i gceart. Nuair a bhí an sparán ag Séadna d’á fhághail níor thug sé uain dó féin ar an gcoinnghíoll do bhreithniughadh. Ansan, nuair a bhí an margadh déanta agus é daingean fé bhrígh na mionn, do bhí uain a dhóithin aige chun machtnaimh. Bhí an aimsir ag imtheacht ar cos i n‑áirde, agus ní raibh aon fhreagra fághalta aige ar an gceist úd, “Cá raighmíd an uair sin?” Nach gunta adúbhairt an Fear Dubh leis é, “Cá beag duit an cheist sin do chur nuair a bhéidheam ag gluaiseacht?” Nach maith a thuig Séadna féin an sgeul ’na dhiaigh sin, nuair adúbhairt sé leis féin, “Cad é an tairbhe dhom bheith ag cur na ceiste nuair a bhéidheam ag gluaiseacht?” Níor thuig sé i n‑am é.

Gobnait.—Am briathar ’s ambasa, a Cháit, go bhfuil eagal orm gur thuig sé go dian mhaith ó thusach é, ach a oiread san dúil a bheith sa sparán aige gur chuma leis. Agus is dóigh liom go raibh a fhios ag an bhFear nDubh gur thuig sé é, nuair a dúbhairt sé leis, “Táir géar-chúiseach.” Isé mo thuairim gur thuigeadar an bheirt a chéile go dian mhaith.

Cáit.—“Tar éis a tuigtear gach beart,” a Ghobnait. Ní sháróchadh an saoghal an sean-fhocal.

[ 59 ]Nóra.—Pé cuma ’nar thuig sé an sgeul nuair a bhí an sparán aige d’á fhághail, is dócha gur thuig sé níos fearr é nuair a bhí an dúthaigh ’ghá phósadh a gan fhios dó le ceathrar ban, agus a fhios aige féin ná raibh aige ach deich mbliaghna idir é agus cómhlíonadh an mhargaidh a dhéin sé leis an bhFear nDubh. Dá mb’áil leis feuchaint roimis nuair a thug an t‑aingeal an foláramh dó! Dá mbéinn-se ’na chás, is iad na trí ghuidhe d’iarfainn, airgead mo dhóithin ar an saoghal so, saoghal fada fé shéan, agus an bheatha shíoruidhe ’na dhiaigh. Ansan do bhéadh neart dó Máire Ghearra nó Báb an Leasa nó Sadhbh féin a phósadh, dá mba mhaith leis é, gan spleadhachas do’n Fhear Dubh ná d’á chuid cleas.

Síle.—Cá bhfios duit, a Nóra, ná gur bh’í Nóra an Tóchair ba rogha leis?

Nóra.—Is dóigh liom gur “Síle” b’ainim do Bháb an Leasa, agus gur bh’í ba rogha leis.

Peig.—Pé duine acu ba rogha leis, a Nóra, is dóigh liom go raibh cathughadh a dhóithin air féin nár dhéin sé mar a dhéanfá-sa.

Nóra.—Do dhéin sé go h‑áiféiseach é agus go botúnach. Níor bh’uiriste dhó trí ghuidhe d’iaraidh ba neamh-thairbhighe ’ná na trí ghuidhe d’iar sé. Ní fheadar an tsaoghal cad a bhain dó. Trí ghuidhe le fághail aige ar a thogha agus ar a thuisgint féin, iad le fághail aige gan choinghíoll gan chol, agus níor bh’fholáir dó gabháil de chosaibh ionta, agus ansan sparán do ghlacadh ar an gcoinghíoll ba chruadha d’ár cuireadh ar aon duine riamh. Níor bh’iongnadh codla na h‑oídhche dá bhaint dé, agus droch fheuchaint ag teacht ’na shúilibh!

Síle.—Agus an é sin a chuir an droch fheuchaint ’na [ 60 ]shúilibh? Ó, tuigim anois é. Níor bh’iongnadh liom dá mbáithfeadh sé é féin, agus a leithéid de chrann a bheith air.

Peig.—Ní deirim ná go ndéanfadh sé rud éigin d’á shórt, ach ná tabharfadh sé mar shásamh do’n Fhear Dhubh é. Deireadh sé go minic i n‑a aigne féin, “Is liom na trí bliaghna déag gan buidhchas dó, agus caithfead iad go cúl.”

Nóra.—Is truagh nár fhan sé mar a bhí aige ar dtúis, i dtaoibh le n‑a chrann ubhall agus le n‑a mhealbhóig agus le n‑a chathaoir shúgáin.

Gobnait.—Agus dar ndóigh, dá bhfanadh sé mar sin, a Nóra, ní bhéadh aon bhean uasal ag feuchaint ’na dhiaigh.

Nóra.—Mhaise, ní móide gur bh’fhearra dhó riamh é. Ní fheicim féin d’uaisleacht i n‑a lán acu ach mór-chúis agus doithigheas agus tarcuisne.

Gobnait.—Á! a Nóra, tá a fhios agam-sa cad fé ndear é sin uaireanta. Nuair a chíd siad cailíní beaga ná bíon uasal agus a bhíon níos maiseamhla ’ná iad féin, bíon éad ortha. Tá eagal orm dá mbéinn-se uasal go mbéadh éad orm chúgat-sa.

Nóra.—Airiú, cad ’na thaobh, a Ghobnait?

Gobnait.—Fiafruigh de Shíle cad ’na thaobh.

Síle.—Ní fhiafróchaidh sí de Shíle cad ’na thaobh. Innseadh Gobnait féin anois é, ó tharaing sí an cheist uirthi.

Peig.—Is mór an bhean suilt Gobnait, a Nóra, ach bíon an ceart aici uaireanta.

Cáit.—Agus dar ndóigh, ní ceart do chailín uasal éad ná mór-chúis a bheith uirthi má b’é toil Dé an sgiamh aingilidhe do chur ar chailín bheag íseal.

Síle.—Ní fheadar, a Pheig, na daoine atá gránda ar an saoghal an mbéid siad breagh i bhFlathas Dé?

[ 61 ]Peig.—Ó, a Shíle, a chuid, ní bhéidh aoinne gránda i bhFlathas Dé, ach gach aoinne níos breaghtha agus níos maiseamhla ’ná an t‑é is breaghtha d’á bhfeacaidh súil duine riamh ar an saoghal so.

Síle.—Ní gádh dhóibh éad ná mór-chúis a bheith ortha, má ’seadh.

Peig.—Ní bhéidh éad ná mór-chúis ann, a Shíle, ach chómh beag le h‑aon ní gránda eile.

Síle.—Nach truagh nár ghlac Séadna cómhairle an aingil, i n‑inead bheith ag cuimhneamh ar a mhealbhóig agus ar a chathaoir shúgáin agus ar a chrann ubhall agus ar na dailtínibh a bhíodh ag imirt air!

Peig.—Feuch féin nár ghlac. Ach is dócha dá bhfaigheadh sé an tarna h‑iaracht go nglacfadh. Ní bhfuair sé an tarna h‑iaracht. Dhéin sé a mhargadh. Dhéin sé fé bhrígh na mionn é, agus do bhí air é a sheasamh. Bhí a fhios aige go dian mhaith, chómh luath agus thiocfadh an lá deirineach de na trí bliaghnaibh déag, go dtiocfadh an t‑éilteoir agus ná béadh aon bhreith ar dul i bhfolach uaidh.

Nuair a thug sé tamall maith ’na shuidhe ar Charaig na gCearrbhach ag feuchaint ’na thímpal ar an radharc breagh, do lean sé d’á mhachtnamh:—

“Nach mór a bhí mo chás ag déanamh buartha dhó! D’airigh sé mé ’ghá rádh go rabhas ‘gan bhiadh gan deoch gan airgead.’ Is ’mó duine nach mé a bhí gan bhiadh gan deoch gan airgead, agus nach maith do sgaoil sé thairis iad!—‘Ní’l an margadh ann fós,’ ar seisean. ‘Bíodh ’na mhargadh,’ arsa mise. Ní bhéadh sé sásta leis an méid sin. Níor mhór dó na greamana dubha a chur ann. ‘Dar bhrígh na mionn!’ ar seisean. ‘Dar bhrígh na mionn!’ arsa mise. Dúbhart é gan amhras. Ní’l dul uaidh agam. Má ’seadh, ní deurfainn é mura mbéadh an chuma i n‑ar mheall sé mé. Ní fheaca riamh [ 62 ]am’ shúilibh cinn dath ba bhreaghtha ’ná an dath a bhí ar an mám óir a thaisbeáin sé dhom. Tháinig dúil mhalluighthe agam ann. Thug sé ceud púnt dom mar mhalairt ar aon sgilling amháin. ‘Thabharfainn,’ ar seisean, ‘agus seacht gceud, dá bhféadainn a maith san do lot.’ D’admhuigh sé nár bh’fhéidir a maith do lot, toisg mé ’ghá tabhairt uaim ar son an tSlánuightheóra. A maith do lot! Cad chuige an lot? Cad ba ghádh é? Má theip air maith na sgillinge úd do lot, nár chóir go bhféadfainn tuille maitheasa a dhéanamh go dteipfeadh a lot air? Tá an sparán agam. Ba mhór an sult a chuid airgid féin do chur ag déanamh staincín air. Dar fiadh, sin mar dhéanfad é! Thabharfadh sé seacht gceud púnt ar mhaith aon sgillinge amháin do lot. Tá deich mbliaghna agam. Is ’mó sgilling agus pingin agus púnt fhéadfad a thabhairt ar son an tSlánuightheóra i gcaitheamh deich mbliaghan. Béidh saothar air ag casadh le lot na maitheasa go léir. Seadh! Tá an lámh uachtair agam air sa méid sin ar aon chuma. Bainfead ceól as an sparán fós, bíodh a’s nach ar an gcuma i n‑ar cheapas ar dtúis é. An cladhaire bitheamhnaigh!”

Bhí sé ag déanamh amach ar eadarthra um an dtaca go raibh a mhachtnamh críochnuighthe agus a aigne socair aige. D’eirigh sé ’na sheasamh agus d’fheuch sé ’na thímpal ar an radharc breagh.

“Tá deich mbliaghna agam, pé i n‑Éirinn é,” ar seisean, agus thug sé aghaidh ar an mbaile.

Caibidiol 7