Page:Seadna.djvu/60

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
56
SÉADNA

uirthi agus í chómh h‑árd le h‑aon mhnaoi ag teacht chun an phobail. Ní h‑iongnadh go mbéadh. Is fear groídhe cumasach Seághan Ceatach féin. Tá sé amuich air gurab é fear is treise ar a chineadh é, agus is fir láidire na Cárthaigh. Is maiseamhail an bhean í! Ní misde cailín ciúin ciallmhar a thabhairt uirthi. Trí bliaghna ó shin ní baoghal go dtráchtfaí ar a h‑ainim i n‑aonfheacht le m’ainim-se.

“Is greannmhar an rud san a dhéanfainn, pósadh, agus gan agam anois ach deich mbliaghna. Is gearr a bhíodar ag imtheacht mar thrí bliaghnaibh. Is gearr an mhoill ar thrí bliaghnaibh eile iad do leanmhaint. Siné leath na h‑aimsire imthighthe ansan. ‘Cá beag duit an cheist sin do chur,’ ar seisean, ‘nuair a bhéimíd ag gluaiseacht?’ Cad é an mhaith dhom bheith ’ghá cur an uair sin? Chuir sé brígh na mionn orm. Is dócha ná fuil dul as anois agam. Is ait atá an sgeul agam. Mé ag obair agus ag déanamh airgid chómh tiugh le grean, agus cad ’tá d’á bhárr agam? Is ’mó duine bocht gur thugas congnamh dó. Is mór é a mbuidheachas—ar a mbeul. Ní fheadar an bhfuil puínn dé ’na gcroídhe. Ní fheadar an fearr-de iad ar thugas dóibh. Tá cuid acu, agus isé mo thuairim gur bh’fhearra dhóibh ná feicidís aon leath-phingin riamh dé. Tá cuid acu, agus dá mbéadh an aimsir caithte agus mé imthighthe, ní bhéadh mo chiach abhfad ortha. Bhéadh sé i n‑a áirithe ansan acu, dar leó féin, nár ghádh dhóibh díol choídhche. Siné a mbuidhchas-san.

“Pé duine gheabhaidh í beidh bean mhaith aige. Is minic dh’airigheas gur fearr bean ’ná spré. Tá bean agus spré ansúd.—Is greannmhar an rud san a dhéanfainn, pósadh, agus gan agam anois ach deich mbliaghna. Is deas an cor a bhéadh ansan uirthi—agus ar a clainn,