Page:Seadna.djvu/61

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
57
SÉADNA

dá mbeidís aici. Greadadh chuige mar airgead agus mar sparán agus mar mhargadh! Bhí aigne shuaimhneasach agam sul ar casadh am’ threó iad.”

Sin mar a chaith sé an oídhche. Do bhuail sé amach ar eirighe lae agus suas an cnoc. Do shuigh sé ar feadh tamaill ar bhárr caraige móire a bhí ann, gur b’ainim di Caraig na gCearrbhach. Nuair a gheal an lá agus d’eirigh an ghrian, agus d’fheuch sé ’na thimpal ar an radharc áluinn a bhí ó’n gcaraig, d’eirigh an ceó d’á chroídhe agus tháinig suaimhneas mór ar a aigne.

Gobnait.—Mhaise, go deimhin, a Pheig, is beag ná go ndeurfainn leis an rud úd adúbhairt Cáit an Cheóil le n–a fear, nuair a bhain sí an luch as an mbáisín bainne dhó.

Nóra.—Cad dúbhairt sí leis, a Ghobnait?

Gobnait.—Is amhlaidh a bhí meithiol aige, agus bhíodar ag suidhe chun bídh, agus bhí bord mór prátaí os a gcómhair, agus bhí báisín bainne raimhir ar aghaidh gach fir amach. Do thóg fear an tíghe a bháisín féin, agus an cheud bholmoc a bhain sé as do nocht sé luch ann. Do bhagair sé ar Cháit, agus thaisbeáin sé an luch di. Níor chuir sin corbhuais ar bith uirthi. Do rug sí ar an mbáisín i n‑a láimh chlé. Chuaidh sí anonn go dorus. Chuir sí an lámh dheas sa bháisín. D’árduigh sí an luch as agus chaith sí an dorus amach í, agus ansan do bhuail sí an báisín ceudna, agus an bainne ceudna ann, os cómhair a fir. Nuair a chonaic sé cad a bhí déanta aici d’eirigh sé ó’n mbord i bhfeirg agus d’imthigh sé amach. Nuair a bhí sé ag gabháil amach, dúbhairt sise, “Go deimhin, is deacair daoine shásamh. Ní dhéanfadh bainne agus luch ann an gnó, ná bainne agus luch as!”