Nóra.—Pé cuma ’nar thuig sé an sgeul nuair a bhí an sparán aige d’á fhághail, is dócha gur thuig sé níos fearr é nuair a bhí an dúthaigh ’ghá phósadh a gan fhios dó le ceathrar ban, agus a fhios aige féin ná raibh aige ach deich mbliaghna idir é agus cómhlíonadh an mhargaidh a dhéin sé leis an bhFear nDubh. Dá mb’áil leis feuchaint roimis nuair a thug an t‑aingeal an foláramh dó! Dá mbéinn-se ’na chás, is iad na trí ghuidhe d’iarfainn, airgead mo dhóithin ar an saoghal so, saoghal fada fé shéan, agus an bheatha shíoruidhe ’na dhiaigh. Ansan do bhéadh neart dó Máire Ghearra nó Báb an Leasa nó Sadhbh féin a phósadh, dá mba mhaith leis é, gan spleadhachas do’n Fhear Dubh ná d’á chuid cleas.
Síle.—Cá bhfios duit, a Nóra, ná gur bh’í Nóra an Tóchair ba rogha leis?
Nóra.—Is dóigh liom gur “Síle” b’ainim do Bháb an Leasa, agus gur bh’í ba rogha leis.
Peig.—Pé duine acu ba rogha leis, a Nóra, is dóigh liom go raibh cathughadh a dhóithin air féin nár dhéin sé mar a dhéanfá-sa.
Nóra.—Do dhéin sé go h‑áiféiseach é agus go botúnach. Níor bh’uiriste dhó trí ghuidhe d’iaraidh ba neamh-thairbhighe ’ná na trí ghuidhe d’iar sé. Ní fheadar an tsaoghal cad a bhain dó. Trí ghuidhe le fághail aige ar a thogha agus ar a thuisgint féin, iad le fághail aige gan choinghíoll gan chol, agus níor bh’fholáir dó gabháil de chosaibh ionta, agus ansan sparán do ghlacadh ar an gcoinghíoll ba chruadha d’ár cuireadh ar aon duine riamh. Níor bh’iongnadh codla na h‑oídhche dá bhaint dé, agus droch fheuchaint ag teacht ’na shúilibh!
Síle.—Agus an é sin a chuir an droch fheuchaint ’na